Seirbhísí Chlárlann na Talún

image_printLeathanach Priontála
  1. Clárú Talún in Éirinn
  2. Clárú Éigeantach
  3. Seirbhísí Chlárlann na Talún

1.  Clárú Talún in Éirinn

Trí chomparáid idirnáisiúnta a dhéanamh, tá córas an-fhairsing agus dea-fhorbartha de chlárú talún ag Éirinn. Ó bunaíodh Clárlann na Talún sa bhliain 1892, bhí clár leanúnach diaidh ar ndiaidh ar bun de ghluaiseacht ann ón gcóras teoranta níos sine de Ghníomhais a thaifeadadh (i gClárlann na nGníomhas), go dtí an córas níos nua-aimseartha, solúbtha, cuimsithí de ‘chlárú teidil’, a chuirtear ar fáil trí Chlárlann na Talún.

Tá 93% den mórchríoch sa Stát agus beagnach 90% de na teidil dhlíthiúla in Éirinn anois cláraithe i gClárlann na Talún. Mar a thaispeántar sa léarscáil thíos, tá beagnach gach teideal dlíthiúil i roinnt contaetha anois cláraithe.

land_registration_map_new_IRISH

Éascaíodh roinnt mhaith den dul chun cinn le blianta beaga anuas trí chur i bhfeidhm rathúil céimneach de chlár mór úrscothach sa Teicneolaíocht Faisnéise, go háirithe na cláir seo a leanas:

  • Sláncóras Eolais um Chlárú Teidil – ITRIS – (1999-2002)
  • Tionscadal na Mapála Digití (2005-2010) agus
  • Tiontú an chláir iomláin agus na treoracha a ghabhann leo ó pháipéar go formáid lándigithe (2006-2009)

Mar thoradh ar na tionscadail seo tá 2.14 mhilliún teideal anois, a chuimsíonn beagnach 2.8 mhilliún de chodanna indibhidiúla talún, cláraithe i gClárlann Talún na hÉireann. Is amhlaidh beidh feidhm ag clárú éigeantach i ngach aon chontae.

2. Clárú Éigeantach

Bíonn clárú le Clárlann na Talún éigeantach sna cásanna seo a leanas:

  1. Talamh ceannaithe faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh
  2. Talamh a fuair údarás reachtúil tar éis an 1 Eanáir 1967
  3. *Idirbheartaíochtaí áirithe i ndáil le maoin atá lonnaithe i gContaetha agus i gCathracha atá liostaithe sa tábla thíosluaite: 
Clárú Éigeantach
Contaetha atá i gCeist Dáta Éifeachtach
Ceatharlach, An Mhí agus Laois 1 Eanáir 1970
An Longfort, An Iarmhí agus Ros Comáin 1 Aibreán 2006
An Clár, Cill Chainnigh, An Lú, Sligeach, Loch Garman agus Cill Mhantáin 1 Deireadh Fómhair 2008
An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Dara, Liatroim, Luimneach, Maigh Eo, Muineachán, Tiobraid Árann Thuaidh, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann Theas agus Port Láirge 1 Eanáir 2010
Corcaigh agus Baile Átha Cliath 1 Meitheamh 2011
Cathracha atá i gCeist Dáta Éifeachtach
Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge [mar atá sainithe in Alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil 2001] 1 Eanáir 2010
Corcaigh agus Baile Átha Cliath 1 Meitheamh 2011

*i gcás na talún ruílse – tíolacas díola

*i gcás na talún léasachta – deontas nó sannachán díola

comp_registration_map_new_IRISH

3. Seirbhísí Chlárlann na Talún

1. Clár Talún na hÉireann

Tá Clár Talún na hÉireann ar cheann de na chláir talún is forbartha san Eoraip. Tá an Clár ríomhairithe go hiomlán agus rinneadh na dáileachtaí talún cláraithe uile a dhigitiú le déanaí. Cuimsíonn an Clár eolas téacsach agus spásúil (fóiliónna agus mapaí). Déantar an talamh in ngach contae a roinnt ina fóiliónna, agus bíonn fóilió ar leith ann le haghaidh gach úinéireachta nó teideal aonair. Déantar gach fóilió a uimhriú go seicheamhach laistigh de rannán an chontae.

Fóiliónna

Fóilió Samplach

Soláthraíonn an Clár fianaise dhochloíte ar theideal maidir le maoin agus ar cheart, phribhléid, oidhreacht dlí nó ualach ar bith a thagann aníos ina dhiaidh sin. Bíonn an teideal atá léirithe ar an bhfóilió ráthaithe ag an Stát atá faoi cheangal duine ar bith a fhulaingíonn caillteanas trí dhearmad ó Chlárlann na Talún a shlánú.

Mapaí (Pleananna Teidil)

Mapa Samplach

Feidhmíonn Clárlann na Talún córas teorann neamhchonclúidí a chiallaíonn nach gcuirtear in iúl sa mhapa an fál nó balla nó díog srl. atá i gceist leis an teorainn. Mar sin féin, caithfear na gnéithe fisiceacha le hais na dteorainneacha a aithint go cruinn.

Is é príomhghnó Chlárlann na Talún iarratais ar chlárú a scrúdú. Cuirimid fianaise ar fáil faoi theidil agus raon seirbhísí gaolmhara. Tá na táillí maidir le seirbhísí Chlárlann na Talún leagtha amach san “Ordú um Tháillí Cláraitheachta Talún, 2012 (I.R. Uimh. 380 de 2012)”

2. Iarratais ar Chlárú

Ullmhaíonn cleachtóirí cáilithe dlí iarratais ar son an chustaiméara agus seoltar iad ar aghaidh chuig an Údarás le clárú.

Nuair a bhíonn cinntí maidir le hiarratais á ndéanamh, cuireann baill foirne raon leathan reachtaíochta i bhfeidhm, cuirtear cinntí na cúirte san áireamh agus cloítear le prionsabail an cheartais nádúrtha agus bhunreachtúil. Ina dhiaidh sin, déantar tionchar dlí na ndoiciméad agus na mapaí gaolmhara lóisteáilte a thaifeadadh ar fhóiliónna agus ar phleananna teidil Chlárlann na Talún.

I measc an réimse d’iarratais a chuirtear isteach, tá iarratais ar chéad chlárú, aistrithe ar chuid d’fhóilió, muirir (morgáiste), ualaigh (m.sh. ceart slí) srl.

Soláthraíonn Treoracha Cleachtais Chlárlann na Talún agus Fógraí Oifige Dlí ar an láithreán treoir faoi na prionsabail agus na nósanna imeachta a leantar chun cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais. Mar sin féin, ní comhairle dlí atá i gceist anseo agus moltar duit dul i gcomhairle le cleachtóir cáilithe dlí i gcónaí. Tabhair faoi deara nach comhlacht comhairleach iad Clárlann na Talún/an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus nach féidir leo comhairle a thabhairt ar bhonn aonair.

3. Iarratais ar cheannach na ruílse faoi Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna

Seo scéim inar féidir le húinéirí de mhaoin léasach a mBunchíosanna a cheannach agus cur lena leas chun ruíleas a dhéanamh de.

Soláthraítear Bileog Míniúcháin maidir le Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna, Foirmeacha Iarratais agus eolas ábhartha eile faoi Sheirbhísí na mBunchíosanna.

4. Cóip Dheimhnithe d’Fhóilió/ Mapa Teidil

Is taifead poiblí iad fóiliónna agus mapaí teidil na Clárlainne agus féadfaidh duine ar bith cóip d’fhóilió/de phlean teidil a fháil nó a scrúdú ach an táille chuí a íoc.

  • Má tá uimhir ábhartha an fhóilió ar eolas agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Fhoirm Iarratais ar chóip d’Fhóilió/Mhapa Teidil (táille €40) do mhapa teidil (a léiríonn cearta comhghabhálacha slí agus/nó gnéithe speisialta a bhaineann leis na tailte) a íoslódáil agus a chomhlánú agus an fhoirm chomhlánaithe mar aon le seic/ordú poist don táille chuí a sheoladh chuig:
    An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
    An tÚdarás Clárúcháin Maoine
    Sráid na Seansaireachta
    Baile Átha Cliath 7
  • Mura bhfuil uimhir ábhartha an fhóilió ar eolas agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun cuardach mapála nó cuardach san ainm-threoir a dhéanamh.

5. 1. Cóip Dheimhnithe d’Ionstraimí

Nuair a bhíonn iarratas ar chlárú (Déileáil) comhlánaithe, déantar éifeacht dlí na ndoiciméad lóisteáilte a chlárú ar an bhfóilió. Féadfaidh ceannaitheoir ar luach-chomaoin brath ar an bhfóilió mar fhianaise ar theideal gan na gníomhais teidil a léamh. Ina dhiaidh sin, déantar na doiciméid teidil a chomhdú i gClárlann na Talún i gcomhad ar a dtugtar “Ionstraim”.

  • Beidh cúinsí áirithe ann faoinar féidir iarratas a dhéanamh ar scrúdú Ionstraime. Mar sin féin, níl gach duine i dteideal Ionstraim a scrúdú. Ní féidir ach le húinéir chláraithe na talún, lena ionadaí pearsanta nó le duine ar bith atá údaraithe ag daoine dá leithéid nó údaraithe faoi ordú cúirte nó faoi Riail 159 de na Rialacha um Chlárú Talún 2012 scrúdú a dhéanamh ar Ionstraim.
  • Sula ndéantar Foirm Iarratais ar Chóip Ionstraime faoi Riail 159 a chomhlánú, léigh na treoirlínte atá ceangailte leis an bhfoirm le do thoil. Caithfidh tú sonraí a thabhairt faoi na fáthanna a cheapann tú go bhfuil tú i dteideal cóip den Ionstraim (nó cuid den Ionstraim) a scrúdú agus/nó a fháil.
  • Féadfaidh duine ar bith atá i dteideal Ionstraim a scrúdú cóip den Ionstraim a fháil nuair a íoctar an táille chuí.
  • Ba chóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon leis an aitheantas cuí agus seic/ordú poist don táille chuí a sheoladh chuig:
    An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
    An tÚdarás Clárúcháin Maoine
    Sráid na Seansaireachta
    Baile Átha Cliath 7

* Féach Legal Office Notice 5/2010 – Ní mór Foirm Aitheantas Iarrthóra Phearsanta a chur le hIarratais Phearsanta ar Chóipeanna d’Ionstraimí.

Tabhair faoi deara: Déantar ionstraimí a stóráil lasmuigh den láthair agus ní bheidh siad ar fáil ar lá an iarratais.

6. Saoráidí cuardaigh

Cuardach ar líne

Tá go leor dár seirbhísí ar fáil tríd ár seirbhís ar líne – landdirect.ie. Chun leas a bhaint as an réimse iomlán seirbhísí ní mór duit Cuntas Gnó a oscailt mar aon le réamhíocaíocht €125 ar a laghad iníoctha leis an Údarás Clárúcháin Maoine.

Mura bhfuil tú i do Shealbhóir Cuntais Gnó, is féidir leat léarscáil Chlárlann na Talún a chuardach saor in aisce ar líne. Is féidir leat féachaint ar fhóiliónna freisin agus ar chóipeanna deimhnithe d’fhóiliónna mar aon le léarscáileanna a ordú ach an táille forordaithe a íoc.

Is féidir leat leas a bhaint ar ár seirbhísí tríd an bpost go fóill nó trí chuairt a thabhairt ar cheann dár n-oifigí poiblí idir 10.30 a.m. agus 4.30 p.m. ó Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Poiblí). Tá suíomhanna ár n-oifigí foilsithe ar an suíomh seo faoin teideal Déan Teagmháil Linn.

Cuardach mapála

Tabharfar le fios i gcuardach mapála más é go bhfuil an mhaoin cláraithe le Clárlann na Talún agus déanfar uimhir ábhartha an fhóilió a aithint dá réir.

Cuardach mapála (táille €40):

  • Déan an ceapach thalún ábhartha a imlíniú i ndúch dearg ar mhapa de Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus seol an Fhoirm Iarratais chomhlánaithe 89 agus seic/ordú poist don táille chuí chuig:
    An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
    An tÚdarás Clárúcháin Maoine
    Sráid na Seansaireachta
    Baile Átha Cliath 7

  • Tabhair cuairt ar an oifig phoiblí atá againn agus léirigh an ceapach thalún ábhartha ar na mapaí a chuirtear ar fáil. Nuair a dhéantar uimhir an fhóilió a aithint, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Chóip Dheimhnithe d’Fhóilió /Phlean Teidil a fháil.

Cuardach san ainm-threoir

Cuardach san ainm-threoir (táille €5):

  • Caithfidh ainm agus seoladh an úinéara chláraithe reatha a bheith ar eolas agat. (Murach sin caithfear iarratas a dhéanamh ar chuardach mapála mar atá thuasluaite)
  • Seol an Fhoirm Iarratais 88 chomhlánaithe mar aon le seic/ordú poist don táille chuí chuig:
    An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
    An tÚdarás Clárúcháin Maoine
    Sráid na Seansaireachta
    Baile Átha Cliath 7

Má chuireann Cuardach in iúl nach bhfuil maoin áirithe cláraithe le Clárlann na Talún, b’fhéidir gur déileáladh leis i gClárlann na nGníomhas. Féach ar an gcuid maidir le Clárlann na nGníomhas ar an suíomh seo le fáil amach faoi na taifid atá á gcoinneáil ansin agus conas iad a chuardach.