Na Rialacha um Chlárú Talún 1 – 193
Tosach feidhme
1. (1) Na Rialacha um Chlárú Talún, 2013 is teideal do na Rialacha seo.
(2) Féadfar na Rialacha um Chlárú Talún, 2012 go 2013 a ghairm de na Rialacha seo agus de na Rialacha um Chlárú Talún, 2012 le chéile.
(3) Forléireofar na Rialacha seo agus na Rialacha um Chlárú Talún, 2012 le chéile mar aon ní amháin.
(4) Tiocfaidh na Rialacha seo i ngníomh an 1ú lá de Shamhain 2013.
Léiriú
2. (1) Sna Rialacha seo-
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Chlárú Teidil, 1964; agus tá le focail nó abairtí a mhínítear san Acht an bhrí chéanna atá leo san Acht, nuair a cheadaíonn an comhthéacs é;
ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Chlárú Gníomhas agus Teidil, 2006; agus tá le focail nó abairtí a mhínítear san Acht an bhrí chéanna atá leo san Acht,nuair a cheadaíonn an comhthéacs é;
ciallaíonn “Acht 2009” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009;
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Chlárú Gníomhas agus Teidil, 2006;
ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Clárúcháin Maoine;
ciallaíonn “an Chlárlann” Clárlann na Talún;
ciallaíonn “léarscáil iarratais”;
(a) léarscáil i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach arna heisiúint ag an Údarás,
(b) cibé léarscáil eile i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach a cheadóidh an tÚdarás, ar a ndéantar, i cibé slí a ordóidh an tÚdarás, maoin is ábhar d’iarratas ar chlárú a shainaithint;
ciallaíonn “fóilió” comhchuid de chlár, ina bhfuil mionsonraí úinéireachta aonair;
ciallaíonn “Foirm” nó “Foirmeacha” foirm nó na foirmeacha i Sceideal na bhFoirmeacha;
ciallaíonn “tuairim dhlíthiúil” tuairim abhcóide chleachtaigh nó aturnae chleachtaigh;
folaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, comhairle cathrach nó buirge, comhairle baile agus aon chomhlacht poiblí nó duine a bheidh bunaithe le haon reacht, nó de bhun aon reachta chun aon cheann dá bhfeidhmeanna a chomhlíonadh;
ciallaíonn “arna thaisceadh de láimh” iarratas a thaisceadh go pearsanta in Oifig Phoiblí den Chlárlann, le linn na n-uaireanta ina mbeidh an Chlárlann ar oscailt don phobal;
folaíonn “teideal sealbhach” teideal a meastar faoin Acht nó faoi na Rialacha seo gur teideal sealbhach é;
ciallaíonn “táille fhorordaithe” an táille chlárúcháin chuí arna socrú ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú faoi Alt 14 den Acht nó faoi Alt 21 d’Acht 2006;
folaíonn “maoin” talamh, agus aon eastát, leas léasach, oidhreachtán neamhchorprach, nó ceart eile, i dtalamh nó chun talún, a bhfuil a úinéireacht cláraithe, nó a bhféadfar a úinéireacht a chlárú, sna cláir arna mbunú faoin Acht.
(2) Beidh feidhm ag an Acht Léiriúcháin, 2005 chun na Rialacha seo a léiriú amhail mar atá feidhm aige chun Acht den Oireachtas a léiriú, ach amháin a mhéid a bheidh sé ar neamhréir leis an Acht nó leis na Rialacha seo.
Foirm agus ábhair na gclár
3. (1) Is é a bheidh sna cláir faisnéis a cheanglaítear leis na hAchtanna agus leis na Rialacha seo a thaifeadadh i leith gach úinéireachta a cláraíodh faoi na hAchtanna.
(2) Déanfar gach úinéireacht a cláraíodh a aithint le huimhir ar leith ar a dtabharfar uimhir an fhóilió nó uimhir an teidil.
(3) Coimeádfar na cláir i bhfoirm páipéir nó leictreonach nó go páirteach i bhfoirm amháin agus go páirteach san fhoirm eile.
(4) Coimeádfar na cláir i nGaeilge nó i mBéarla nó go páirteach i dteanga amháin agus go páirteach sa teanga eile.
(5) I gcás gur i bhfoirm páipéir a bheidh clár nó aon chuid de, taifeadfar an fhaisnéis ar fhóilió nó ar fhóiliónna ina mbeidh trí chuid.
(6) Sa chéad chuid d’fhóilió taifeadfar-
(a) tuairisc ar an maoin a gcláraítear a húinéireacht, maille le tagairt don phlean ar na léarscáileanna clárlainne don talamh dá ndéanfar difear;
(b) tuairisc ar aon chuid den mhaoin a aistrítear chuig fóilió eile;
(c) cibé faisnéis a údaraítear leis na hAchtanna nó leis na Rialacha seo i gcás;
(i) éasúintí agus cearta chun tairbhe na maoine;
(ii) mianaigh agus mianraí a áireamh sa mhaoin nó a eisiamh ón maoin;
(iii) teorainneacha na maoine.
(7) Sa dara cuid d’fhóilió taifeadfar-
(a) ainm úinéir na maoine agus an seoladh atá aige nó aici sa Stát chun fógraí a sheirbheáil air nó uirthi;
(b) cibé faisnéis is gá ina dtaobh seo-
(i) na cineálacha teideal a chláraítear de bhun Ailt 33 nó 40 den Acht;
(ii) cineachadh na maoine;
(iii) na nithe dá dtagraítear in Alt 91 den Acht;
(c) rabhaidh agus toirmisc lena gcuirtear srian le clárú diúscairtí i leith na maoine;
(d) nóta faoi Alt 61(6)(b) den Acht i dtaobh bhás an úinéara chláraithe agus ainmneacha a ionadaí nó a hionadaí pearsanta nó a ionadaithe nó a hionadaithe pearsanta.
(8) Sa tríú cuid d’fhóilió taifeadfar-
(a) na hualaí a n-údaraítear a gclárú le hAlt 69 den Acht;
(b) úinéireacht muirir chláraithe, mura bhfuil sin cláraithe sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht agus, má cheadaíonn an tÚdarás é, fomhuirir ar mhuirear cláraithe agus úinéireacht na bhfomhuirear
sin;
(c) fógra faoi dhíolúine ó na hualaí a shonraítear in Alt 72 den Acht nó faoi na hualaí sin a bheith ann;
(d) rabhaidh agus toirmisc i gcoinne clárú déileálacha le hualach cláraithe nár cláraíodh a úinéireacht sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht.
(9) I gcás gur i bhfoirm leictreonach a bheidh clár nó aon chuid de, féadfar é a atáirgeadh i bhfoirm inléite san fhoirm chéanna amhail is dá mba i bhfoirm páipéir a bhí sé.
(10) Ní bheidh rochtain ar an bhfaisnéis i leith aon úinéireacht áirithe le linn cibé tréimhse-
(a) a cheanglófar chun an fhaisnéis sin a nuashonrú,
(b) a eascróidh mar gheall ar force majeure, lena n-áirítear imthosca neamhghnácha nach raibh coinne leo ná nach raibh neart ag an Údarás orthu.
(11) Déanfar gach fóilió atá cheana sna cláir a athmheas de réir na bhforálacha roimhe seo den riail seo aon uair a mheasfaidh an tÚdarás é a bheith fóirsteanach.
Modh cláraithe
4. Aithneofar i bhfaisnéis arna taifeadadh an mhaoin áirithe nó an leas áirithe sa mhaoin dá bhfuil sé beartaithe difear a dhéanamh; agus ní dhéanfar tagairt in aon fhaisnéis do ní nach n-údaraítear leis na hAchtanna ná leis na Rialacha seo mar ní is ábhar do chlárú.
Athmheas fhóiliónna na gclár
5. (1) Féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas ón úinéir cláraithe nó nuair is dóigh leis é a bheith indéanta nó inmhianaithe, an teideal chun maoine atá taifeadta i bhfóilió de chlár a ghlanadh tríd an bhfóilió a dhúnadh agus fóilió athbhreithnithe, nach mbeidh ann ach na taifid atá fós ar marthain, a oscailt don
mhaoin. Le linn dó déanamh amhlaidh, féadfaidh sé aon athchóiriú a dhéanamh ar mhaithe leis an tsoiléire, lena n-áirítear an mhaoin a thaifeadadh in dhá fhóilió nó níos mó, nó an mhaoin atá in dhá fhóilió nó níos mó a thaifeadadh san aon fhóilió amháin, nó uimhir fhóilió a athrú. Cuirfear fógra chuig an úinéir cláraithe (nó chuig a aturnae nó a haturnae), ar athmheas an fhóilió a chríochnú, i dtaobh uimhir athmheasta an fhóilió sin.
(2) Aon duine a bheidh ag iniúchadh fóilió athmheasta de chlár féadfaidh sé nó sí iniúchadh a dhéanamh ar an bhfóilió nó ar na fóiliónna dúnta ar cuireadh ina ionad nó ina n-ionad é nó ar an bhfóilió nó ar na fóiliónna roimhe seo nó ar an taifead ina thaobh sin a choimeádtar sa Chlárlann.
Athruithe foirmiúla sa chlár agus cealú taifead atá foirceanta
6. Féadfaidh an tÚdarás, tráth ar bith, tar éis cibé fiosrúcháin agus fógraí (más ann) is cuí leis agus ar cibé fianaise a mheasfaidh sé a bheith sásúil a fháil, aon athruithe foirmiúla a dhéanamh i gclár, nó aon ualach, fógra nó taifead a tharraingt siar as clár, trína chealú, más deimhin leis nach ndéanann sé difear a thuilleadh don mhaoin nó nach mbaineann sé a thuilleadh léi.
Earráidí a cheartú
7. (1) I gcás go n-aimseofar earráid chléireachais i gclár nó i léarscáil clárlainne, féadfaidh an tÚdarás, tar éis aon fhógraí a thabhairt agus aon fhianaise nó aontú a fháil is dóigh leis is cuí, an ceartú is gá a dhéanamh.
(2) Féadfar aon earráid eile i gclár nó i léarscáil clárlainne, a thosaigh sa Chlárlann, a cheartú-
(a) le toiliú ó úinéir cláraithe na maoine (nó óna aturnae nó óna haturnae) dá ndéanann an earráid nó an ceartú sin difear agus ó cibé daoine eile ar dealraitheach don Údarás leas a bheith acu,
nó
(b) tar éis aon fhógra a thabhairt agus aon fhianaise nó aontú a fháil is dóigh leis an Údarás is cuí. Is i bhFoirm 84 a bheidh fógra.
Tuairisc na maoine
8. (1) Is faoi threoir na n-ainmneacha agus na n-ainmníochtaí arna dtaifeadadh ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann a bheidh tuairisc na maoine sna cláir agus féadfaidh, i gcás go gceadóidh an tÚdarás é, aon fhaisnéis gheografach nó suímh eile a bheith inti.
(2) Ní bheidh tuairisc na maoine i gclár ná a haitheantas trí thagairt do léarscáil clárlainne dochloíte maidir lena teorainneacha nó lena fairsinge agus taifeadfar nóta sa chéill sin sa chlár.
(3) I gcás go dtaifeadfar réimsí maoine, ní bheidh na réimsí sin dochloíte.
(4) Athmheasfaidh an tÚdarás ó am go ham tuairisc na maoine agus cuirfidh sé i gcomhréir í leis an tuairisc ar an léarscáil clárlainne de réir mar a athbhreithneofar agus nuair a athbhreithneofar í.
Treoirleabhair
9. (1) Coimeádfar ainmthreoir agus talamhthreoir sa Chlárlann.
(2) San ainmthreoir beidh ainm agus seoladh gach duine is úinéir cláraithe ar thalamh ruílse, ar leas léasach nó ar cheart sa chlár a choimeádtar faoi alt 8(b) den Acht, maille le tagairt don fhóilió den chlár a bhfuil a úinéireacht nó a húinéireacht taifeadta ann.
(3) Sa talamhthreoir beidh na tagairtí aitheantais nó síolphointí ar an léarscáil clárlainne do gach dáileacht talún a bhfuil a húinéireacht cláraithe i gclár na ruílseach, nó a bhfuil úinéireacht leasa léasaigh nó oidhreachtáin neamhchorpraigh uirthi, nó aisti, cláraithe i gclár na leasanna léasacha nó sa chlár a choimeádtar faoi alt 8(b) den Acht, maille le tagairt don fhóilió den chlár a bhfuil an úinéireacht taifeadta ann.
Dúnadh cláir i leith muirear
10. I gcás foréileamh ó úinéir aon mhuirir a cláraíodh sa chlár a choimeádtar faoi alt 8(b) den Acht chun an clár sin a dhúnadh i leith an mhuirir sin ionas go gclárófaí an úinéireacht i gclár na maoine a cuireadh faoi mhuirear, is é nó is í an t-úinéir cláraithe nó a aturnae nó a haturnae a dhéanfaidh é i scríbhinn agus ní foláir toiliú a chur ina theannta ó gach duine ar dealraitheach ón gclár go bhfuil aon leas aige nó aici sa mhuirear.
Iarratais ar chlárú
11. (1) I dteannta gach iarratais a chuirfear, a sheachadfar nó a tharchuirfear chuig an gClárlann chun go gcláródh duine nó aturnae é, cuirfear-
(a) na doiciméid is gá chun tacú leis an gclárú a iarrtar;
(b) an táille fhorordaithe;
(c) ráiteas faoina shíniú nó faoina síniú ina leagfar amach-
(i) an úinéireacht nó na taifid eile a bhfuil a gclárú á n-iarraidh aige nó aici;
(ii) na doiciméid atá á gcur ar aghaidh;
(iii) méid na dtáillí do Chlárlann na Talún is iníoctha;
(iv) i gcás gur iarratas ó aturnae a bheidh ann, ainmneacha na bpáirtithe go léir san idirbheart a bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar aturnae dóibh.
(2) Is i bhFoirm 17 a dhéanfar an ráiteas.
(3) (a) Féadfaidh an tÚdarás cibé foirmeacha agus ordacháin is cuí leis a ullmhú agus a chur faoi deara an céanna a fhógairt chun imeachtaí a éascú faoi na hAchtanna.
(b) Féadfar, mar shampla, a shonrú in ordacháin faoi fho-riail 3(a) airíonna an pháipéir (lena n-áirítear cruth, dearadh, méid, dath agus cáilíocht) a úsáidfear i gcomhair foirmeacha le haghaidh aon chineál déileála nó ní eile, nó formáid foirmeacha i bhfoirm leictreonach, agus na diallta ó fhoirmeacha forordaithe a cheadaítear nó a cheanglaítear a dhéanamh i dtaca le déileálacha nó nithe eile den chineál sin.
(4) (a) Féadfaidh an tÚdarás cibé fianaise i dtaobh céannacht agus seoladh buan iarratasóirí pearsanta ar chlárú is cuí leis a éileamh.
(b) I gcás go ndéanfar iarratais den sórt sin ar chlárú, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an úinéir cláraithe más cuí leis an Údarás é.
(c) Is i bhFoirm 18 a bheidh an fógra.
Iarratais nach mbeidh in ord
12. (1) Más rud é nach mbeidh iarratas in ord, féadfaidh an tÚdarás cibé foréilimh a mheasfaidh sé is gá a ardú, ina sonrófar tréimhse ar laistigh di a bheidh na foréilimh le comhlíonadh ag an iarratasóir.
(2) Má mhainníonn an t-iarratasóir an foréileamh a chomhlíonadh laistigh den tréimhse sin nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tÚdarás, féadfaidh an tÚdarás déileáil leis an iarratas mar iarratas tréigthe agus é a chealú.
(3) Má mheasann an tÚdarás go bhfuil an t-iarratas fabhtach go substaintiúil, féadfaidh sé diúltú dó láithreach nó aon tráth dá éis sin.
Fianaise agus fiosrúcháin bhreise
13. Má mheasann an tÚdarás aon tráth gur gá nó gurb inmhianaithe aon doiciméid nó fianaise bhreise a thabhairt ar aird nó aon fhógra a thabhairt, féadfaidh sé diúltú an t-iarratas a chríochnú nó dul ar aghaidh leis, nó aon ghníomh a dhéanamh nó aon taifead a dhéanamh, go dtí go mbeidh na doiciméid, an fhianaise nó na fógraí sin soláthraithe nó tugtha.
Iarratais ar chéadchlárú
14. Is i bhFoirm 1 nó 2, de réir mar is gá sa chás, a dhéanfar gach iarratas chun úinéireacht a chéadchlárú faoin Acht, ach amháin iarratas faoi Rialacha 17, 19(3), 19(4), 20(1), 21 nó 22.
Doiciméid is gá a chur le hiarratas chun úinéireacht maoine ruílse a chlárú
15. (1) Maidir le hiarratas chun úinéireacht maoine ruílse nach mbaineann Riail 19(3), 19(4), 20(1), 21 nó 22 leis a chlárú, ní foláir, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, na doiciméid seo a leanas a bheith ina theannta-
(a) ráiteas achomair i dtaobh an teidil a dtabharfar ann, in ord aimsire, achoimre ar na doiciméid agus ar na teagmhais agus na fíorais is bonn d’éileamh an iarratasóra chun na maoine á thosú le fréamh teidil agus ar cuid é d’Fhoirm 1;
(b) gach gníomhas bunaidh agus gach doiciméad i seilbh an iarratasóra, nó faoina urlámhas nó faoina hurlámhas, a bhaineann leis an teideal, lena n-áirítear tuairimí dlíthiúla, achomaireachtaí teidil, conarthaí agus coinníollacha díola, cuardaigh, foréilimh agus freagraí, agus doiciméid eile dá samhail, agus an fhianaise trí mhionnscríbhinn, dearbhú reachtúil, nó eile, lena gcruthaítear na fíorais a luaitear agus is gá a chruthú chun an teideal a shuíomh;
(c) léarscáil iarratais, mura dtugann an t-iarratas leoreolas ar dhóigh eile chun an mhaoin a aithint ar an léarscáil clárlainne;
(d) sceideal i ndúblach de na doiciméid go léir a thaisctear leis an iarratas.
(2) I gcás go mbeidh an t-iarratasóir, mar a údaraítear leis na Rialacha seo, ag seasamh ar thuairim dhlíthiúil mar thaca lena theideal nó lena teideal, ní gá an ráiteas teidil a cheanglaítear leis an riail seo a thaisceadh.
(3) Ní thabharfar fógra don Údarás faoi aon ní a nochtar in aon doiciméad a thaisctear ar a bhfuil dáta roimh dháta an doiciméid a aithnítear mar an doiciméad is fréamh don teideal.
Doiciméid is gá a chur le hiarratas chun úinéireacht ar leasanna léasacha agus ar chearta seachas oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán a chlárú
16. (1) Aon iarratas ón léasaí bunaidh chun úinéireacht ar leas léasach le teideal léasach bailí, nach mbaineann Riail 19(3) nó 19(4) leis a chlárú, ní foláir, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, an léas nó an deontas agus léarscáil iarratais a bheith ina theannta mura dtugann an t-iarratas leoreolas ar dhóigh eile chun an mhaoin a aithint ar an léarscáil clárlainne.
(2) Ach amháin i gcásanna lena mbaineann fo-riail (1) nó Riail 19(3) nó 19(4), maidir le hiarratas chun úinéireacht ar leas léasach le teideal léasach bailí (más infheidhme), teideal srianta nó teideal sealbhach a chlárú, ní foláir, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, na doiciméid seo a bheith ina theannta-
(a) ráiteas achomair i dtaobh an teidil a dtabharfar ann, in ord aimsire, achoimre ar na doiciméid agus ar na teagmhais agus na fíorais is bonn d’éileamh an iarratasóra chun an leasa léasaigh, á thosú le fréamh teidil agus ar cuid é d’Fhoirm 2;
(b) gach gníomhas bunaidh agus gach doiciméad i seilbh an iarratasóra, nó faoina urlámhas nó faoina hurlámhas, a bhaineann leis an teideal, lena n-áirítear tuairimí dlíthiúla, achomaireachtaí teidil, conarthaí agus coinníollacha díola, cuardaigh, foréilimh agus freagraí, doiciméid eile dá samhail, agus an fhianaise trí mhionnscríbhinn, dearbhú reachtúil, nó eile, lena gcruthaítear na fíorais a luaitear agus is gá a chruthú chun an teideal atá le clárú a shuíomh;
(c) léarscáil iarratais, mura dtugann an t-iarratas leoreolas ar dhóigh eile chun an mhaoin a aithint ar an léarscáil clárlainne;
(d) sceideal i ndúblach de na doiciméid go léir a thaisctear leis an iarratas.
(3) I gcás go mbeidh an t-iarratasóir, amhail mar a údaraítear leis na Rialacha seo, ag seasamh ar thuairim dhlíthiúil mar thaca lena theideal nó lena teideal, ní gá an ráiteas teidil a cheanglaítear leis an riail seo a thaisceadh.
(4) Aon iarratas chun úinéireacht ar leas léasach a chlárú le teideal iomlán, ní foláir, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, cibé doiciméid a cheanglaítear leis an riail seo i leith an leasa léasaigh a bheith ina theannta, maille le cibé doiciméid agus cruthúnas ar an eastát ruílse agus ar aon leas léasach idirmheánach a cheanglaítear in iarratas chun an t-eastát agus na leasanna sin a chlárú le teideal iomlán.
(5) Maidir le hiarratas chun úinéireacht ar cheart, seachas oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán, a chlárú, nach mbaineann riail 19(3), 19(4) nó 22 leis, ní foláir, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, na doiciméid seo a leanas a bheith ina theannta-
(a) i gcás gur iarratas ón deontaí bunaidh nó thar ceann an duine sin a bheidh ann agus nach gceanglaítear clárú le teideal iomlán, an deontas agus léarscáil iarratais, mura dtugann an t-iarratas leoreolas ar dhóigh eile chun an mhaoin a aithint ar an léarscáil clárlainne;
(b) ach amháin i gcásanna lena mbaineann fomhír (a), na doiciméid a shonraítear i bhfo-riail (2)(a), (b) agus (d) agus i gcás go gceanglófar clárú le teideal iomlán, cibé doiciméid agus cruthúnas ar an eastát ruílse agus ar aon eastát nó leas idirmheánach is gá in iarratas chun an t-eastát agus na leasanna sin a chlárú le teideal iomlán.
(6) Ní thabharfar fógra don Údarás faoi aon ní a nochtar in aon doiciméad a thaisctear ar a bhfuil dáta roimh dháta an doiciméid a aithnítear mar an doiciméad is fréamh don teideal.
Iarratas ar chéadchlárú nuair is seilbh is bun leis
17. I gcás gur seilbh is bun d’iarratas chun úinéireacht maoine a chlárú, nó mura bhfuil ina sheilbh nó ina seilbh ná faoina urlámhas nó faoina hurlámhas ag an iarratasóir aon doiciméid teidil i ndáil leis an maoin sin, agus gur deimhin leis an Údarás de thoradh fiosrúcháin nó ar dhóigh eile go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh, nó ag fáil, chíosanna agus bhrabúis na maoine, féadfar an t-iarratas a dhéanamh i bhFoirm 5, fara cibé modhnuithe is gá sa chás.
Scrúdú teidil
18. Déanfaidh an tÚdarás, nó déanfar faoina mhaoirseacht, gach teideal chun maoine is ábhar d’iarratas faoi Riail 14 nó 17 a scrúdú, agus ordóidh an tÚdarás cibé cuardaigh, fógráin, fógraí agus fiosrúcháin is dóigh leis is gá. Féadfaidh sé i gcás ar bith scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal nó é a mhodhnú, nó féadfaidh sé glacadh le teideal a mheasfaidh sé a bheith ina theideal bailí chun an mhaoin a theachtadh agus cibé slánaíocht a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a ghlacadh. Ní éileofar aon fhianaise theidil nach bhféadfaí a éileamh i gcás an mhaoin a dhíol faoi chonradh díshriantach.
Scrúdú teidil a mhodhnú
19. (1) Ach amháin mar atá ráite agus mar a fhoráiltear a mhalairt sa riail seo, féadfaidh an teideal a bheidh le suíomh ag an iarratasóir tosú le diúscairt i leith na maoine a rinneadh 15 bliana ar a laghad roimh dháta an iarratais agus a bheadh ina fhréamh bhailí theidil i gcás díol faoi chonradh gan teorannú ach ar an ré theidil ba ghá a shuíomh.
(2) I gcás go suífear chun sástacht an Údaráis nach mó ná €1,000,000 margadhluach na maoine is ábhar don iarratas, féadfaidh an teideal a bheidh le suíomh ag an iarratasóir tosú le tíolacadh nó sannadh de bhun díola a rinneadh 12 bhliain ar a laghad roimh dháta an iarratais agus a bheadh ina fhréamh bhailí
theidil i gcás díol faoi chonradh gan teorannú ach ar an ré theidil ba ghá a shuíomh.
(3) I gcás go ndíoltar maoin agus nach mó ná €1,000,000 an t-airgead ceannaigh, féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis, teideal a chlárú mar theideal iomlán nó mar theideal srianta nó mar theideal léasach bailí ar aturnae do thabhairt deimhniú ar aird, ar chostas an iarratasóra i bhFoirm 3, arna hoiriúnú mar is gá sa chás, maille le léarscáil iarratais.
(4) I gcás go bhfaighidh údarás reachtúil maoin gan an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a íocadh ina leith a bheith níos mó ná €1,000,000, féadfaidh an tÚdarás scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal agus féadfaidh sé an t-údarás reachtúil a chlárú le teideal iomlán nó le teideal srianta nó le teideal léasach bailí ar aturnae don údarás sin do thabhairt deimhniú ar aird i bhFoirm 3 arna hoiriúnú mar is gá sa chás maille le léarscáil iarratais.
(5) I gcás go mbeidh teideal iarratasóra scrúdaithe-
(a) ag an abhcóide tíolacaíochta do chúirt i gcás an mhaoin a dhíol nó a cheannach faoi ordú ón gcúirt; nó
(b) ag abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach i gcás an mhaoin a dhíol nó a mhorgáistiú, féadfaidh an tÚdarás scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal, nó é a mhodhnú mar is cuí leis.
(6) Más rud é, i gcúrsa teideal a imscrúdú, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir amhlaidh, nó gur dealraitheach don Údarás é a bheith inmhianaithe an teideal a tharchur chun tuairim dhlíthiúil a fháil air, féadfaidh an tÚdarás, le toiliú agus ar chostas an iarratasóra, aontú leis an teideal a tharchur chun tuairim dhlíthiúil a fháil air maidir le haon ní sonrach. Féadfar an tuairim dhlíthiúil a thabhairt i bhFoirm 3, arna hoiriúnú mar is gá sa chás.
Iarratas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar chlárú le teideal sealbhach
20. (1) Is i bhFoirm 4 a dhéanfar iarratas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Alt 26(1) den Acht chun duine a chéadchlárú mar úinéir le teideal sealbhach agus cuirfear ina theannta léarscáil iarratais.
(2) Ní foláir deimhniú ó aturnae an iarratasóra a fhormhuiniú ar an iarratas á dheimhniú go bhfuil an duine a n-iarrtar an clárú dó nó di i seilbh na maoine is ábhar don iarratas.
Iarratas ó údarás áitiúil faoi chumhachtaí reachtúla chun ceannaitheoir a chéadchlárú
21. (1) Aon iarratas ó údarás áitiúil chun ceannaitheoir maoine faoi Acht na Sclábhaithe, 1936, a chéadchlárú, déanfar é trí na doiciméid a fhorordaítear le hAlt 19(2) den Acht sin a thaisceadh sa Chlárlann.
(2) Aon iarratas ó údarás áitiúil chun ceannaitheoir maoine faoi Alt 92 d’Acht na dTithe, 1966 a chéadchlárú, déanfar é tríd an Ordú Aistriúcháin a fhorordaítear le halt 90(5) den Acht sin (arna ionadú le hAlt 26 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992) a thaisceadh sa Chlárlann.
(3) Cuirfear i dteannta iarratas ar chéadchlárú faoin Riail seo léarscáil iarratais.
Doiciméid atá le taisceadh i gcás an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara do
thabhairt clárú i gcrích
22. Nuair a bheidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara tar éis maoin a fháil faoina chumhachtaí reachtúla nó faoina cumhachtaí reachtúla nó maoin a dhíol le ceannaitheoir faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh an 31 Márta, 1999, nó dá éis sin, is i bhfoirm an ordaithe dílseacháin, an fiat dílseacháin, an liosta chríochnaithigh nó an ordaithe aistriúcháin, ar faoina réim nó dá bhua a dhílsítear an mhaoin don Aire nó don cheannaitheoir, cibé acu é, a bheidh an doiciméad is gá don Aire a chur chuig an Údarás chun críocha cláraithe agus féadfar, ach amháin i gcás ordú aistriúcháin, cóip oifigiúil den ionstraim sin a úsáid chuige sin. Ní foláir léarscáil iarratais a chur i dteannta an doiciméid.
Maoin thaifeadta a aistriú chun na gclár
23. (1) Déanfar an teideal chun maoine atá taifeadta faoin Record of Title (Ireland) Act, 1865, a aistriú chun na gclár a bunaíodh leis an Acht, cibé tráthanna a ordóidh an tÚdarás.
(2) Féadfaidh an tÚdarás clárú aon mhaoine taifeadta i gclár faoin Acht a chur siar go dtí go mbeifear ar tí iarratas a dhéanamh chun í a chlárú faoi dhiúscairt ina leith.
(3) Ar úinéireacht maoine taifeadta a chlárú i gclár faoin Acht, dúnfar an taifead faoi Acht 1865 agus déanfar tagairt don fhóilió sa chlár ar aistríodh an mhaoin chuige.
Maoin thaifeadta a chlárú
24. Ar mhaoin thaifeadta a aistriú chun cláir faoin Acht-
(a) déanfar na muirir, na heirí, na léasanna, agus na cearta eile go léir ar an taifead, atá ina n-ualaí de réir bhrí Alt 69 den Acht, a thaifeadadh mar ualaí sa chlár san ord tosaíochta inar taifeadadh iad;
(b) cuirfear fógra sa chlár gurb ann d’aon chinn atá ar taifead de na hualaí a shonraítear in Alt 72 den Acht.
Éasúint nó profit à prendre a thaifeadadh mar chuid de thuairisc ar mhaoin a chláraítear
25. (1) Féadfar éasúint nó profit à prendre a deonaíodh go sainráiteach mar chomhghabhálas trí thíolacas ó Bhreitheamh Talún, nó le hordú dílseacháin, fiat dílseacháin nó ionstraim eile ó Choimisiún na Talún nó ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, a thaifeadadh sa chlár mar chuid de thuairisc na maoine agus féadfar é a thuairisciú sa chlár trí thagairt don tíolacais, don ordú, don fiat nó don ionstraim eile.
(2) Más rud é gur mian le húinéir cláraithe nó le hiarratasóir ar chlárú mar úinéir, go dtaifeadfaí go sonrach sa chlár aon cheart atá comhghabhálach leis an maoin a fuarthas trí dheontas i scríbhinn nó faoi ordú cúirte, féadfaidh sé nó sí, nó féadfaidh a aturnae nó a haturnae thar a cheann nó thar a ceann, iarratas i scríbhinn a chur chuig an Údarás á iarraidh an taifead sin a dhéanamh. Féadfaidh an tÚdarás ansin ar chruthúnas sásúil ar an teideal a thabhairt ar aird agus faoi réir cibé fógraí (más ann) a sheirbheáil a ordóidh sé, an ceart sin a thaifeadadh sa chlár mar cheart atá comhghabhálach leis an maoin.
Maoin a fuarthas faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus mar mhalairt
26. (1) Más rud é, i gcás maoin a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a chéadchlárú, nach deimhin leis an Údarás gur cóir teideal iomlán nó teideal srianta a dheonú, cláróidh sé an mhaoin le teideal sealbhach.
(2) Más rud é go bhfuarthas an mhaoin mar mhalairt ar mhaoin a cláraíodh le teideal sealbhach agus go ndéantar na cearta neamhchláraithe a cosnaíodh leis an gclárú sin, agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an maoin a tugadh mar mhalairt, a aistriú faoi aon fhoráil de na hAchtanna Talamh-Cheannaigh chuig an maoin a fuarthas, clárófar le teideal sealbhach an mhaoin a fuarthas.
Fógra i dtaobh srianta reachtúla
27. Más rud é, ar iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú, gur dealraitheach go bhfuil an mhaoin faoi réir forálacha sriantacha nó toirmeascacha faoi aon achtachán i gcoinne coimhthiú, sannadh, fo-roinnt, ligean nó foligean, taifeadfar sa chlár fógra go bhfuil an mhaoin faoi réir na bhforálacha sriantacha nó toirmeascacha sin.
Taifid maidir le mianaigh agus mianraí
28. (1) Más rud é, ar iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú, nach dtugtar ar aird aon fhianaise maidir le húinéireacht na mianach nó na mianraí nó nach gcruthaítear an úinéireacht sin chun sástacht an Údaráis nó gur dealraitheach ó aon doiciméad, nó ar dhóigh eile, go bhfuil gach ceann nó aon cheann de na mianaigh agus na mianraí ar téarbhadh leis an maoin, cuirfear nóta sa chlár á rá nach sroicheann an clárú chuig na mianaigh agus na mianraí, nó chuig cibé cinn díobh atá ar téarbhadh amhlaidh.
(2) Más rud é, ar iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú nó tráth ar bith tar éis an chláraithe sin, go gcruthófar chun sástacht an Údaráis go bhfuil an ceart chun gach ceann nó aon cheann de na mianaigh nó na mianraí dílsithe don iarratasóir, nó don úinéir cláraithe, féadfaidh sé an clárú a leathnú chuig na mianaigh agus na mianraí sin trí nóta a chur le tuairisc na maoine sa chlár á rá
go bhfuil na mianaigh agus na mianraí, nó mianaigh shonraithe agus mianraí sonraithe, ar áireamh sa chlárú. Beidh siad ina gcuid ansin den mhaoin a thuairiscítear sa chlár a bhfuil a húinéireacht cláraithe.
Teaghaisín, árasán, urlár, siléar, tollán, mianaigh agus mianraí, ithir, fo-ithir, áiléar, aerspás nó urthrá
29. (1) (a) Más rud é gurb é a bheidh san iarratas chun maoin a chlárú cuid d’áitreabh, nó siléar nó tollán, nó mianaigh nó mianraí, nó spás faoi thalamh ar leithligh ón dromchla, tabharfar léarscáil iarratais den dromchla ar faoina bhun nó os a chionn atá suíomh na maoine atá le clárú, maille le cibé pleananna, trasghearrthacha agus tuairisc eile (más ann) a mheasfaidh an tÚdarás a bheith riachtanach, agus le sonraí i dtaobh aon cheart comhghabhálach rochtana, cibé acu i gcoiteannas le daoine eile é nach ea, nó oibleagáidí a dhéanann difear do mhaoin eile chun tairbhe don mhaoin a bhfuil a teideal á chlárú, agus ina theannta sin, i gcás mianach agus mianraí, maille le sonraí i dtaobh na gceart atá ag foghabháil le hoibriú na mianach agus na mianraí a bheadh fós ar marthain.
(b) Sula mbeidh clárú na maoine sin críochnaithe, féadfar fógra a thabhairt d’úinéirí toimhdean nó d’áititheoirí na maoine eile nó na maoine atá os cionn, nó faoi bhun, agus (más san fhoirgneamh céanna
di) tadhlach le taobh, na maoine atá le clárú, agus do cibé daoine eile a ordóidh an tÚdarás.
(2) Toimhdeoidh an tÚdarás, ar iarratas ar chlárú teidil chun an urláir is ísle d’fhoirgneamh ilstórach nó chun cuid de, mura suífear a mhalairt, nach sroicheann an teideal chuig an ithir nó chuig an bhfo-ithir faoi.
(3) Ar iarratas a dhéanamh ar theideal chun an urláir is airde nó an déanmhais is airde d’fhoirgneamh ilstóir nó cuid de a chlárú, toimhdeoidh an tÚdarás, mura suífear a mhalairt, nach mbaineann an teideal leis an áiléar nó leis an aerspás os a chionn.
(4) Má bhíonn urthrá ina cuid d’aon talamh a áirítear in iarratas chun úinéireacht a chlárú, is ceart é sin a lua san iarratas ionas go bhféadfaí cibé fógra (más ann) a cheanglófar le hAlt 125 den Acht a sheirbheáil.
Foirm an rabhaidh i gcoinne céadchlárú agus na mionnscríbhinne mar thaca leis
30. (1) Is i bhFoirm 7 a bheidh rabhadh á cheangal fógra a thabhairt i dtaobh iarratas chun úinéireacht maoine a chéadchlárú.
(2) Is i bhFoirm 8 a bheidh an mhionnscríbhinn leasa mar thaca leis an rabhadh agus is é nó is í an rabhdóir nó a aturnae nó a haturnae a dhéanfaidh í.
(3) Féadfaidh rabhdóir tráth ar bith, i scríbhinn, arna síniú aige féin nó aici féin nó ag a aturnae nó ag a haturnae, a rabhadh nó a thoiliú nó a toiliú le clárú a tharraingt siar.
Tréimhse le haghaidh agóide agus foirm an fhógra do rabhdóir
31. 21 lá an tréimhse ama a bheidh le lua san fhógra a sheirbheálfar ar rabhdóir faoi Alt 96 den Acht, ar laistigh di a fhéadfaidh sé nó sí láithriú agus cur i gcoinne iarratas ar chéadchlárú. Is i bhFoirm 9 a bheidh an fógra.
Iarratas i gcás úinéireacht a bheith cláraithe le 30 bliain
32. I gcás úinéireacht maoine a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bheith cláraithe le 30 bliain, féadfaidh an tÚdarás teideal sealbhach a chomhshó ina theideal iomlán ar an úinéir cláraithe nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta iarratas a dhéanamh i bhFoirm 10 fara cibé modhnuithe de réir mar is gá sa chás.
Iarratas i gcás úinéireacht a bheith cláraithe le 12 bhliain faoi aistriú ar chomaoin luachmhar
33. I gcás úinéireacht maoine a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bheith cláraithe le breis agus 12 bhliain, agus go ndéanfaidh iarratasóir ar chomhshó teidil shealbhaigh éileamh mar úinéir cláraithe nó trí nó faoi úinéir cláraithe a cláraíodh 12 bhliain ar a laghad roimh an iarratas, faoi aistriú ar chomaoin luachmhar a rinneadh tar éis an mhaoin sin a chéadchlárú, agus go raibh an mhaoin sin á háitiú de réir an teidil chláraithe, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas i bhFoirm 10 a thaisceadh, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, an teideal a chomhshó ina theideal iomlán.
Iarratas i gcás maoin a fuarthas de dhroim díola, nó a fuair údarás reachtúil, agus nach mó ná €1,000,000 a luach
34. (1) I gcás maoin a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus a cláraíodh le teideal sealbhach a bheith faighte de bhun díola, nó ag údarás reachtúil agus nach mó ná €1,000,000 an t-airgead ceannaigh nó an cúiteamh a íocadh ina leith nó a luach, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas a fháil ó aturnae an iarratasóra á dheimhniú go ndearna sé nó sí imscrúdú ar an teideal roimh an gcéadchlárú agus nár nochtadh san imscrúdú sin aon chearta codarsna, cúnaint shriantacha ná eirí ina leith, an teideal sealbhach sin a chomhshó ina theideal iomlán.
(2) Is i bhFoirm 13, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, a dhéanfar an t-iarratas.
Iarratais eile chun teideal sealbhach a chomhshó
35. (1) I ngach iarratas eile chun teideal sealbhach a chomhshó ina theideal iomlán i gcás maoin a ceannaíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ní foláir an teideal a bhí ar marthain chun na maoine sin, sular ceannaíodh amhlaidh í, a thaispeáint.
(2) Má cheadaíonn an tÚdarás é, is féidir an teideal chun na tionóntachta-
(a) a thosú le diúscairt a rinneadh 15 bliana ar a laghad roimh dháta an iarratais;
nó
(b) a rianú do thréimhse 30 bliain ar a laghad roimh an iarratas cibé acu seilbh nó eile is bun don teideal.
(3) Is le mionnscríbhinn i bhFoirm 11 nó 12, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, de réir mar a bheidh nó nach mbeidh a sheasamh nó a seasamh ag an iarratasóir ar thuairim dhlíthiúil, a dhéanfar an t-iarratas.
Scrúdú ar theideal chun leasanna a chosnaítear trí chlárú le teideal sealbhach
36. (1) In iarratais faoi Riail 35, déanfaidh an tÚdarás, nó déanfar faoina mhaoirseacht, an teideal a scrúdú, agus féadfaidh sé an scrúdú a leathnú nó a mhodhnú ar cibé dóigh is gá in imthosca an cháis áirithe; ach ní éileofar aon fhianaise teidil nach bhféadfaí a éileamh i gcás an mhaoin a dhíol faoi
chonradh díshriantach.
(2) Féadfaidh an tÚdarás scrúdú oifigiúil an teidil a ligean thar ceal nó a mhodhnú, de réir mar is cuí leis. Go háirithe féadfaidh sé sin a dhéanamh-
(a) i gcás an teideal a bheith scrúdaithe don tréimhse fhorordaithe ag abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach tráth a rinneadh diúscairt ar chomaoin luachmhar, agus má dhéantar a thuairim nó a tuairim, maille leis an bhfianaise ar ar bunaíodh í, a thaisceadh i dteannta an iarratais; féadfar an tuairim sin a thabhairt i bhFoirm 3 arna hoiriúnú mar is gá sa chás,
nó
(b) más rud é, i gcúrsa teideal a imscrúdú, go gcuirfear an teideal ar aghaidh le haghaidh tuairim dhlíthiúil ar nós mar a dhéanfaí faoi Riail 19(6); féadfar an tuairim sin a thabhairt i bhFoirm 3 arna hoiriúnú mar is gá sa chás,
nó
(c) trí ghlacadh le teideal a mheasfaidh sé a bheith ina theideal bailí sealbhaíochta agus cibé slánaíocht is riachtanach leis a thógáil.
Teideal cláraithe a chomhshó i gcásanna faoi Alt 50(2) den Acht
37. (1) I gcás lena mbaineann Alt 50(2)(a) den Acht, taiscfidh an t-iarratasóir na doiciméid go léir a shonraítear sa mhír sin mar aon le Foirm 14, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt.
(2) I gcás lena mbaineann Alt 50(2)(c) den Acht, ní gá don iarratasóir na doiciméid a shonraítear in Alt 50(2)(a) a thaisceadh.
(3) Is i bhFoirm 15 a dhéanfar iarratas chun teideal sealbhach a chomhshó ina theideal iomlán, i gcás nach mbaineann Alt 50(2)(c) den Acht leis.
Fógra, fógrán agus fiosrúcháin roimh chomhshó sna cásanna sin
38. Sula gcomhshófar teideal sealbhach i gcás lena mbaineann an riail sin roimhe seo, féadfaidh an tÚdarás-
(a) cibé fógraí is riachtanach leis a sheirbheáil, lena n-áirítear fógraí d’úinéirí maoine sa chomharsanacht a mbeadh cúis aige chun a chreidiúint go bhféadfaidís bheith i dteideal coinníollacha sriantacha a chur i bhfeidhm a dhéanann difear don mhaoin;
(b) ar chostas an iarratasóra (mura mbeidh ordú dá mhalairt déanta aige), fógra faoin gcomhshó beartaithe a chur i cibé foilseacháin (más ann) a ordóidh sé;
(c) cibé fiosrúcháin is riachtanach leis a dhéanamh ar an maoin nó in aon áit eile.
Iarratas chun teideal srianta a chomhshó
39. Is i scríbhinn a dhéanfar iarratas chun teideal srianta a chomhshó ina theideal iomlán nó ina theideal léasach bailí, agus cuirfear ina theannta fianaise ar theideal an úinéara chláraithe chun an eastáit nó an leasa a eisctear sa chlár ó éifeacht an chláraithe, nó cibé fianaise eile ar a mbeidh seasamh an iarratasóra mar chruthúnas gur múchadh an t-eastát nó an leas a eisctear amhlaidh nó gur scoir sé ar dhóigh eile de dhifear a dhéanamh don mhaoin. Is i bhFoirm 14 a dhéanfar an t-iarratas.
Fógra le tabhairt faoi chomhshó beartaithe
40. Sula gcomhshófar teideal sealbhach de dhroim scrúdú teidil, déanfaidh an tÚdarás, más riachtanach leis é-
(a) fógra faoin gcomhshó beartaithe a thabhairt don úinéir cláraithe, murab é nó í atá ag iarraidh an chomhshó sin nó mura páirtí toilteanach chuige é nó í;
(b) má chinntítear go bhfuil ualach ann le tosaíocht aige ar ualach cláraithe, fógra a thabhairt d’úinéir, nó d’úinéir toimhdean, an ualaigh chláraithe i dtaobh na tosaíochta a cinntíodh amhlaidh agus i dtaobh chlárú beartaithe an ualaigh;
(c) ar chostas an iarratasóra, cibé fógra is cuí leis a thabhairt faoin gcomhshó beartaithe, nó faoi thaifid nó cealú taifead atá beartaithe de dhroim an scrúdaithe teidil.
Ualaí a cinntíodh a thaifeadadh ar chomhshó
41. Ar theideal sealbhach nó srianta a chomhshó, de dhroim scrúdú teidil faoi na Rialacha seo-
(a) déanfar ualach a cinntíodh go ndéanann sé difear don mhaoin a thaifeadadh sa chlár ar an gcuma chéanna le hualach a bunaíodh tar éis céadchlárú; ach ní chlárófar aon úinéireacht i leith an ualaigh go dtí go suífear chun sástacht an Údaráis teideal an duine atá ag éileamh na húinéireachta sin;
(b) má chinntítear go bhfuil tosaíocht ag an ualach ar ualach atá cláraithe, cuirfear nóta i dtaobh na tosaíochta sin isteach sa chlár.
An clár a chur i gcomhréir le teidil a cinntíodh
42. Más léir don Údarás, ar iarratas chun teideal sealbhach nó srianta a chomhshó, nach ndéanann ualach cláraithe difear d’úinéireacht na maoine mar a cinntíodh í, nó nach ndéanann sé difear ach d’úinéireacht theoranta nó le heastát nó leas fuíll, tabharfaidh sé fógra d’úinéir, nó d’úinéir toimhdean, an ualaigh i dtaobh na bhfíoras a cinntíodh agus i dtaobh na dtaifead ann atá beartaithe aige a chur sa chlár agus na dtaifead ann atá beartaithe aige a chealú nó a leasú; agus, mura ndéantar agóid, nó faoi réir a gcinnfear de réir na Rialacha seo i gcás aon agóid a rinneadh, cealófar nó leasófar an taifead sa chlár nó an taifead nua ann atá beartaithe, de réir mar is gá, chun an teideal cláraithe a chur i gcomhréir leis an teideal arna chinntiú.
I gcás go dtaiscfear gníomhais chun lian a bhunú
43. (1) Más rud é, ar iarratas ar theideal sealbhach nó srianta a chomhshó, go gceanglóidh iarratasóir ar theideal a chomhshó ar dhuine a éilíonn lian ar mhodh morgáiste cothromais arna bhunú roimh chéadchlárú ar dhoiciméad ina sheilbh nó ina seilbh an doiciméad a thabhairt ar aird ag an gClárlann, nó go gceanglóidh an tÚdarás air nó uirthi cúis a shuíomh nár chóir an doiciméad a thabhairt ar aird, féadfaidh sé nó sí é a thaisceadh sa Chlárlann faoi réir an liain.
(2) Aon duine a bheidh ag taisceadh doiciméid faoin riail seo faoi réir lian arna bhunú trína thaisceadh taiscfidh sé nó sí leis éileamh ar an lian i bhFoirm 81 arna shíniú aige nó aici nó a aturnae nó ag a haturnae.
(3) Áireofar i lian duine a bheidh ag taisceadh doiciméid faoin riail seo na costais ar é a thaisceadh.
(4) Ní dhéanfar aon chlárú a d’fhéadfadh an lian a shárú nó dochar a dhéanamh dó go dtí go ndeimhneofar é nó go bhforálfar maidir leis i gcás go nglacfar leis.
Scrúduithe eile teidil lasmuigh den chlár
44. Is i bhFoirm 1 nó 2, fara cibé modhnuithe is gá sa chás, a dhéanfar iarratas chun na teidil seo a leanas a scrúdú-
(a) teideal léasóra leasa léasaigh a bhfuil a úinéireacht cláraithe le teideal léasach bailí, ionas go sonrófaí go ndearnadh an teideal a chomhshó ina theideal iomlán,
nó
(b) teideal deontóra oidhreachtáin chorpraigh chláraithe maoine ruílse, ionas go sonrófaí go ndearnadh an teideal cláraithe a chomhshó ina theideal iomlán,
nó
(c) teideal deontóra deontais feofheirme nó deontais suthaineachta a rinneadh faoi fhorálacha aon achtacháin mar chomhshó ar leas léasach cláraithe, ionas go n-aistreofaí an mhaoin ó chlár úinéireachta
na leasanna léasacha go clár úinéireachta na maoine ruílse,
nó
(d) teideal duine ar bith chun léas nó foléas atá cláraithe mar ualach gan a úinéireacht a bheith cláraithe, ionas go gcealófaí an t-ualach nó go gclárófaí a úinéireacht,
nó
(e) teideal duine ar bith chun morgáiste nó muirear atá cláraithe mar ualach gan a úinéireacht a bheith cláraithe, ionas go mbainfí as an gclár é nó go gclárófaí a úinéir
agus beidh feidhm ag forálacha na rialacha roimhe seo nuair is gá, ach nach mbeidh sé riachtanach léarscáil a thaisceadh i dteannta an iarratais.
Teideal a fuarthas, de dhroim seilbhe, chun maoine cláraithe
45. De bhun Alt 49 den Acht, féadfaidh aon duine a éileoidh go bhfuair sé nó sí teideal, de dhroim seilbhe, chun maoine cláraithe iarratas a dhéanamh i bhFoirm 6 fara cibé modhnuithe is gá sa chás, chun a chláraithe nó chun a cláraithe mar úinéir. Féadfaidh an tÚdarás más deimhin leis go bhfuil an teideal faighte ag an duine sin, an t-iarratasóir a chlárú mar lánúinéir le teideal iomlán, le teideal léasach bailí, le teideal sealbhach nó le teideal srianta, de réir mar is gá sa chás.
Éasúintí agus profits a fháil le forordú
46. (1) De bhun alt 49A den Acht, féadfaidh aon duine a éilíonn go bhfuil sé nó sí i dteideal éasúint nó profit à prendre de bhun Ailt 33 go 38 d’Acht 2009 iarratas a dhéanamh chun an ceart sin a chlárú i bhFoirm 68 fara cibé modhnuithe is gá sa chás. Féadfaidh an tÚdarás, más deimhin leis gur comhlíonadh ceanglais iomchuí an Achta sin, agus tar éis na fógraí sin a sheirbheáil ar an bhfo-úinéir, a chur faoi deara, de réir mar is cuí, an éasúint nó an profit à prendre éilithe a thaifeadadh mar chomhghabhálas de réir Alt 82 den Acht, mar ualach de bhun Alt 69(1)(jj) agus, i gcás profit à prendre i gcomhlán, é a thaifeadadh sa chlár arna chothabháil faoi Alt 8(b)(i) den Acht.
(2) Is i bhFoirm 69 a bheidh an fógra.
(3) I gcás nach mbeidh príomhtheideal an iarratasóra cláraithe, ní foláir, de bhun Rialacha 14 go 19, iarratas ar chéadchlárú a bheith ag gabháil leis an iarratas.
(4) I gcás an fothalamh a bheith neamhchláraithe agus nach ndéanfar fianaise shásúil ar chéannacht úinéir na fothalún a thabhairt ar aird, féadfaidh an tÚdarás cibé cuardaigh, fógráin, fógraí agus fiosruithe a ordú a mheasfaidh sé is gá.
Foirm mionnscríbhinne follasaithe
47. Is i bhFoirm 16 a dhéanfar mionnscríbhinn follasaithe a dhéanfar de bhun Alt 93 den Acht mura bhforordófar foirm iarratais ina n-áireofar na deimhnisc iomchuí. Mura gceadóidh an tÚdarás a mhalairt, is é nó is í an t-iarratasóir a dhéanfaidh an mhionnscríbhinn. Más duine ar bith seachas an tiarratasóir a dhéanfaidh é, luafaidh an teisteoir bun a eolais nó a heolais. I gcás comhlacht corparáideach, féadfaidh an Rúnaí, an Gníomhaire Dlí, nó duine a bheidh údaraithe go cuí ag an gcomhlacht sin an mhionnscríbhinn a dhéanamh i gcás go ndeimhneascfar go bhfuil an duine údaraithe go cuí agus go bhfuil an fhoinse riachtanach eolais aige nó aici.
Céadchlárú tionóntaí i gcoiteannas
48. Más léir don Údarás, de thoradh scrúdú teidil, go bhfuil teidlíocht chun maoine ag beirt nó níos mó mar thionóntaí i gcoiteannas cinnteoidh sé cad í an scair atá ag gach duine díobh sa mhaoin agus taifeadfaidh sé sa chlár í.
Céadchlárú iontaobhaí mar úinéir
49. Más iontaobhaí iarratasóir ar chlárú mar úinéir nó mar an úinéir cláraithe, cibé acu é, féadfaidh sé nó sí, ar chomhlánú an chláraithe, toirmeasc a thaifeadadh sa chlár chun srian a chur le clárú i gcás diúscairtí nach bhfuil údaraithe leis an iontaobhas. Féadfaidh an toirmeasc a bheith san fhoirm a fhorordaítear i Riail 130.
Fógra a thabhairt faoi chlárú beartaithe
50. Mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, ní chomhlánófar aon chlárú de dhroim scrúdú teidil go dtí go mbeifear tar éis fógra faoin gclárú beartaithe a thabhairt don iarratasóir, agus do cibé daoine eile a ordóidh an tÚdarás.
Dáta an chláraithe
51. Gach clárú nó taifead a dhéanfar i gclár de dhroim scrúdú teidil chun leasanna neamhchláraithe, déanfar é amhail ar an lá a shocrófar go críochnaitheach sa Chlárlann an dréachtfhóilió don chlár nó an dréacht-taifead d’fhóilió.
Foirm na n-ionstraimí
52. (1) Is iad na foirmeacha a fhorordaítear leis na Rialacha seo le haghaidh aistriú, muirearú agus diúscairtí eile a úsáidfear i ngach idirbheart dá dtagraíonn siad nó inar infheidhme nó inchurtha in oiriúint iad, arna n-athrú nó arna mbreisiú de réir mar is gá do na hidirbhearta agus mar a cheadóidh an tÚdarás.
(2) Is i cibé foirm a ordóidh nó a cheadóidh an tÚdarás a bheidh ionstraimí nach bhforordaítear aon fhoirm dóibh, agus cloífear leis na foirmeacha sa sceideal chomh dlúth agus is féidir sna himthosca.
Iarratais nó ionstraimí i bhfoirm mhíchuí
53. Más dealraitheach don Údarás go bhfuil iarratas nó ionstraim ar bith míchuí ó thaobh foirme nó substainte nó neamhshoiléir, nó nach gcuirtear in iúl sách cruinn cad é an leas nó an talamh áirithe a bhfuil sé ceaptha don iarratas nó don ionstraim difear a dhéanamh dó, nó nach dtagraítear ann nó inti ach d’ábhair nach ábhar do clárú iad faoin Acht, nó go dtugtar i gceist clárú i leith sriantachta a bheadh míréasúnach nó ar dóigh di ciotaí a dhéanamh, nó go bhfuil an t-iarratas nó an ionstraim curtha i bhfriotal ar dhóigh eile nach réitíonn leis na prionsabail a ndlitear an clár a choimeád dá réir, féadfaidh sé clárú a dhiúltú nó an mhaoin a chlárú faoi réir cibé modhnuithe a cheadóidh sé.
Fianaise gur forghníomhaíodh ionstraimí
54. Ní foláir forghníomhú gach iarratais, ach amháin iarratas ó aturnae, agus gach ionstraime, a bheith fianaithe ag finné. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag duine atá dall nó neamhliteartha a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe á rá gur léadh amach agus gur míníodh an t-iarratas nó an ionstraim don duine sin agus gur dhealraigh an duine sin gur thuig sé nó sí an céanna. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag duine lena mharc nó lena marc, mar gheall ar mhíchumas coirp, agus ar an gcúis sin amháin, a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe a thabharfaidh fáth an fhorghníomhaithe sin. In aon chás ina bhfuil an t-eolas sin tugtha sa chlásal fianaithe, féadfaidh an t-údarás an mhionnscríbhinn sin a ligean thar ceal. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag daoine eile a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe aon uair a theastóidh sin ón Údarás. Féadfar mionnscríbhinn an fhinné fianaithe a dhéanamh i bhFoirm 20.
Fianaise ar fhorghníomhú ionstraime ag aturnae
55. I gcás gur aturnae a dhéanfaidh forghníomhú ar iarratas nó ar ionstraim, déanfar an chumhacht aturnae nó cóip dheimhnithe di arna déanamh de bhun Alt 21 den Acht um Chumhachtaí Aturnae, 1996 nó cóip fhianaithe arna déanamh de bhun Alt 22 den Acht sin a thabhairt ar aird don Údarás.
Cuid de mhaoin chláraithe a aistrítear a aithint
56. (1) Aon ionstraim a mbeidh baint aici le cuid den mhaoin i bhfóilió den chlár beidh ina teannta léarscáil iarratais dá dtagrófar san ionstraim.
(2) Féadfaidh an tÚdarás léarscáil iarratais i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach ina sainaithneofar teorainneacha dhá mhaoin nó níos mó i gcás go mbeidh gach maoin acu ina hábhar do theideal cláraithe ar leithligh (“léarscáil scéime”) a cheadú sula dtaiscfear iarratas ar chlárú.
(3) Más cuí, beidh feidhm ag forálacha Riail 29 maidir le léarscáil den sórt sin.
Déileáil a thíolacadh lena clárú
57. (1) Féadfar iarratais ar chlárú a chur chuig cibé oifig nó oifigí nó cibé seoladh nó seoltaí de chuid an Údaráis a ainmneoidh sé nó féadfar iad a sheachadadh ar an gcéanna nó a tharchur chuig an gcéanna.
(2) Féadfar iarratais a dhéanamh trí mheán leictreonach i gcás gur deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí ar bun chun déileáil le hiarratais den sórt sin. Déanfar iarratais trí mheán leictreonach a tharchur chuig cibé seoladh leictreonach nó seoltaí leictreonacha a ainmneoidh an tÚdarás chun iarratais den sórt sin a ghlacadh.
(3) Féadfar iarratais ar chlárú a dhéanamh i bpearsa nó tríd an bpost ag cibé oifig nó cibé oifigí a ainmneoidh an tÚdarás chun iarratais den sórt sin a ghlacadh.
Ord tosaíochta déileálacha a gheofar lena gclárú
58. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear dá mhalairt sna Rialacha seo, déanfar iarratais, lena n-áirítear iarratais a thaiscfear de láimh, a chlárú san ord ina bhfaighidh an tÚdarás iad.
(2) Maidir leis na hiarratais go léir a gheofar, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, seachas iarratais a taisceadh de láimh:
(a) ar aon lá sula n-osclófar an Chlárlann don phobal ar an lá sin, measfar go bhfuarthas iad ar an tráth céanna díreach sular osclaíodh an Chlárlann don phobal;
(b) tar éis an Chlárlann a oscailt don phobal measfar go bhfuarthas iad ar an tráth céanna agus díreach sular dúnadh an Chlárlann ar an bpobal ar an lá sin;
(c) tar éis an Chlárlann a dhúnadh don phobal ar lá áirithe, measfar go bhfuarthas iad ar an tráth céanna agus díreach sular osclaíodh an Chlárlann don phobal ar an gcéad lá oibre eile.
(3) Maidir le hiarratais de bhun mhír (2) thuas a measadh a fuarthas ar an tráth céanna beidh siad ar comhthosaíocht le chéile.
(4) Maidir le dhá iarratas nó níos mó a bhaineann leis an maoin chéanna a sheachadadh ar an tráth céanna ag an duine céanna tabharfar tosaíocht dóibh san ord a ordóidh an duine a sheachadfaidh iad nó, in éagmais ordachán den sórt sin, i cibé ord is intuigthe as na hiarratais.
Fógra sa chlár faoi chlárú atá ar feitheamh
59. Déanfar fógra i dtaobh gach iarratais a gheofar lena chlárú a thaifeadadh, go dtí go gclárófar é, san fhóilió den chlár lena mbaineann sé ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.
Dáta an chláraithe
60. Ach amháin mar a fhoráiltear dá mhalairt le reacht, nó mar a fhoráiltear i Rialacha 51, 61(3) agus 161, comhlánófar an clárú amhail ar an lá a gheofar an t-iarratas lena chlárú.
Ionstraim a leasú agus tosaíocht na hionstraime leasaithe
61. (1) Nuair is gá aon athrú a dhéanamh ar ionstraim tar éis í a ghlacadh lena clárú, féadfar, má cheadaíonn an tÚdarás é, í a tharraingt siar as an gClárlann chun í a athrú agus a athfhorghníomhú sula mbeidh aon taifead fúithi curtha isteach i gclár.
(2) Beidh an t-athfhorghníomhú le déanamh ag gach duine ar dealraitheach difear a bheith á dhéanamh dá leasanna, cibé acu a rinne siad forghníomhú uirthi an chéad uair nó nach ndearna.
(3) Ar an ionstraim a athsheachadadh sa Chlárlann, déanfar í a thaifeadadh lena clárú mar a iarradh amhail ar dháta agus in ord tosaíochta an athsheachadta.
Deimhniú stampa arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim
62. (1) Más rud é go n-éiríonn ceist i ndáil le deimhniú stampa arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim agus go dtabharfaidh aturnae an iarratasóra gealltanas i scríbhinn go soláthróidh sé, laistigh de thréimhse a cheapfaidh an tÚdarás an fhianaise is gá chun an cheist a fhuascailt féadfar an ionstraim iomchuí a chur ar ais chuig an aturnae chun an fhianaise sin a fháil. Má dhéantar ina dhiaidh sin, laistigh den tréimhse a shocrófar, an ionstraim sin a thaisceadh leis an bhfianaise is gá, comhlánófar an clárú amhail ar dháta an t-iarratas bunaidh a thaisceadh.
(2) I gcás nach gcomhlíonfar an gealltanas i scríbhinn laistigh den tréimhse a shocrófar, measfar go bhfuil an t-iarratas ar chlárú tréigthe.
Tionónta i gcoiteannas a chlárú
63. I gcás iarratas ar chlárú mar úinéir ó dhuine a éileoidh sin mar thionónta i gcoiteannas ar scair neamhroinnte i maoin, ní foláir an scair a bhfuil teideal aige nó aici chuici a lua, nuair nach léir ón ionstraim a thaiscfear cad í an scair í. Is é an taifead a chuirfear sa chlár go bhfuil an t-iarratasóir ina úinéir nó ina húinéir ar scair neamhroinnte shonraithe den mhaoin.
Úinéir faoi iontaobhas a chlárú
64. Más iontaobhaí é nó í iarratasóir ar chlárú, féadfaidh sé nó sí, ar chomhlánú an chláraithe, toirmeasc a chur ar taifead sa chlár chun srian a chur le cláruithe faoi dhiúscairtí nach n-údaraítear leis an iontaobhas.
Iarratas ag úinéir cláraithe ar leasú
65. Is i bhFoirm 83 a bheith iarratas ag an úinéir cláraithe ar a ainm nó a hainm nó a sheoladh nó a seoladh nó a thuairisc nó a tuairisc sa chlár a leasú.
Iarratas ar iontaobhaithe a chlárú
66. Is i bhFoirm 86 a bheidh iarratas ar chlárú iontaobhaithe is úinéirí talún cláraithe de bhua Acht 2009.
Foirmeacha aistrithe
67. Is le hionstraim i cibé ceann de na Foirmeacha 19, 21 go 24, 29 agus 30 is infheidhme a dhéanfar aistriú.
Foirm léasa
68. Is i bhFoirm 31 a bheidh léas ar thalamh cláraithe.
Aistrí atá ina iontaobhaí nó ina hiontaobhaí a chlárú
69. I gcás aistriú a dhéanamh chun aistrí atá ina iontaobhaí nó ina hiontaobhaí i leith na maoine a aistrítear, féadfaidh an t-aistrí toirmeasc a chur ar taifead sa chlár, ar chomhlánú an chláraithe, chun srian a chur le clárú faoi dhiúscairtí nach n-údaraítear leis an iontaobhas.
Clárú faoi aistriú nó faoi ordú dílseacháin de bhun díola i bhforghníomhú ordú cúirte
70. (1) I gcás maoin a aistriú arna díol ag úinéir cláraithe (nó ag a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta nó ag duine arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin ag an gcúirt) i bhforghníomhú foraithne, breithiúnais nó ordaithe ó chúirt, nó i gcás ordú dílseacháin arna díol de bhun foraithne nó breithiúnas nó ordú den sórt sin, cuirfear i dteannta an aistrithe nó an ordaithe dílseacháin—
(a) cóip oifigiúil den ordú ón gcúirt á ordú an mhaoin a dhíol;
(b) deimhniú ó Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte nó (más í an Chúirt Chuarda a d’ordaigh an díol) deimhniú ón gcláraitheoir contae, a dheimhneoidh toradh a fhiosrúchán nó a fiosrúchán i dtaobh eirí;
(c) cóip oifigiúil den ordú críochnaitheach lena gceadófar an díol agus fáltais an díola a dhíol lasmuigh de chúirt.
(d) más de bhun ordú ón gCúirt Chuarda a díoladh an mhaoin, deimhniú eile ón gcláraitheoir contae a shonróidh na páirtithe sna himeachtaí le haghaidh an díola agus na daoine ar ar seirbheáladh fógra i dtaobh na n-imeachtaí sin agus a bhí faoi cheangal acu.
(2) Ar na doiciméid iomchuí dá dtagraítear ag fomhíreanna (a), (b), (c) agus (d) a thabhairt ar aird sa Chlárlann, déanfaidh an tÚdarás cibé muirir, morgáistí breithiúnais agus eirí eile a chealú i gclár na maoine a áirítear san aistriú agus ar dealraitheach nach ndéanann siad difear a thuilleadh don mhaoin a díoladh.
Tagairt a chur sa chlár do chúnant chun cíos a íoc nó páirtí a shlánú
71. Ar mhaoin a aistriú atá faoi réir cíos láithreach nó faoi réir ualach a taifeadadh sa chlár, féadfar tagairtí a chur sa chlár do chúnant san aistriú ó cheachtar páirtí chun an páirtí eile a shlánú nó a shaoradh ón gcíos nó ón ualach nó ó chuid de, nó ó éifeacht an chéanna.
Clárú ceannaitheora ó ionadaí pearsanta úinéara a urscaoileadh ó mhorgáiste breithiúnais ar leas tairbhí
72. (1) I gcás iarratas chun ceannaitheoir a chlárú mar úinéir faoi aistriú maoine arna díol ó ionadaí pearsanta lánúinéara maoine, féadfaidh an ceannaitheoir a iarraidh go gcealófaí gach taifead i dtaobh fógra faoi mhionnscríbhinn bhreithiúnais a thaisceadh mar mhorgáiste faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850 nó taifead i dtaobh morgáiste breithiúnais faoi Alt 116 d’Acht 2009 mar mhorgáiste ar eastát nó leas duine a bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici sa mhaoin faoin uacht nó ar dhíthiomnacht an úinéara mhairbh nó faoi Alt 111 den Acht Comharbais, 1965.
(2) Cuirfear fógra faoin gcealú beartaithe chuig an duine a dtaispeántar sa chlár go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun an fhéich bhreithiúnais.
(3) Bainfidh foráil Riail 113, mutatis mutandis, leis an iarratas agus leis an bhfógra sin.
Clárú faoi dheontas ag forchoimeád cíosa
73. I gcás maoin ruílse a aistriú trí dheontas suthaineachta ag forchoimeád cíosa, tabharfar éifeacht don aistriú tríd an deontaí a chlárú mar úinéir na maoine agus an cíos a chlárú mar ualach ar an maoin.
Clárú cuideachtaí
74. (1) Ní foláir do chuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, a iarrfaidh clárú faoi aistriú, deimhniú ó Chláraitheoir na gCuideachtaí gur corpraíodh í a thabhairt ar aird.
(2) Ní foláir do chuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a iarrfaidh clárú fianaise gur corpraíodh í a thabhairt ar aird.
(3) I gcás diúscairt ag cuideachta, ní fhiosróidh an tÚdarás cé acu aistriú é atá teagmhasach le cuspóirí na cuideachta, mar atá siad leagtha amach ina meabhrán comhlachais, nó nach ea.
(4) I gcás diúscairt ag cuideachta má dhealraíonn an séala a bheith arna ghreamú i láthair rúnaí, leasrúnaí nó comhalta de bhord stiúrthóirí na cuideachta agus a bheith arna fhianú aige nó aici, beidh an tÚdarás i dteideal a thoimhdiú ina leith go ndearna an chuideachta forghníomhú go cuí ar an ngníomhas.
(5) Ar dhiúscairt arna déanamh ag comhlacht corpraithe coigríche i gcás go dtaiscfear deimhniú ó aturnae ón tír atá i gceist nó ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar dhlíthe na tíre atá i gceist, gur forghníomhaíodh an gníomhas de réir na gceanglas dlíthiúil lena rialaítear forghníomhú na hionstraime atá i gceist ag comhlacht corpraithe den sórt sin sa dlínse ina bhfuil sé corpraithe, beidh an tÚdarás i dteideal a thoimhdiú ina leith go ndearna an comhlacht corpraithe forghníomhú go cuí ar an ngníomhas.
Clárú faoi aistriú a shroicheann thar eastát nó leas úinéara chláraithe
75. (1) Más rud é, i gcás lena mbaineann Alt 60 den Acht, go n-aistreoidh úinéireacht maoine cláraithe chun duine eile faoi dhiúscairt, de shárú ar eastát nó leas an úinéara chláraithe, ansin, faoi réir aon agóid a fuarthas mar fhreagra ar fhógra arna thabhairt mar a ordaítear le Riail 76, clárófar an t-aistrí ar an bhfianaise seo a leanas a thabhairt ar aird-
(a) i gcás an diúscairt a dhéanamh ag duine i bhfeidhmiú cumhachta reachtúla nó cumhachta a cláraíodh mar ualach, an ceapachán, an gníomhas aonpháirtí nó aon ionstraim eile lena bhfeidhmítear an chumhacht agus, faoi réir Riail 81, cibé fianaise a d’fhéadfadh ceannaitheoir a éileamh dá mba mhaoin neamhchláraithe í an mhaoin, á thaispeáint go bhfuil an chumhacht infheidhmithe ag an duine dár dílsíodh í agus gur fheidhmigh sé nó sí í;
(b) i gcás an diúscairt a dhéanamh ag duine seachas an t-úinéir cláraithe, i bhforghníomhú breithiúnas, ordú, foraithne nó próis ó chúirt, an diúscairt a d’fhorghníomhaigh an duine a bhí ceaptha ag an gcúirt lena forghníomhú, mar aon le cóip oifigiúil d’ordú na cúirte á cheapadh nó á ceapadh;
(c) i gcás an mhaoin a aistriú le reacht, iarratas i scríbhinn ar chlárú a dtagraítear ann don reacht ar a bhfuiltear ag seasamh, agus, faoi réir riail 82, an fhianaise ar a bhfuiltear ag seasamh mar chruthúnas go bhfuil na dálaí ann, nó na teagmhais tar éis tarlú, a aistríonn an
mhaoin de bhua an reachta.
(2) Féadfar cruthúnas a thabhairt le mionnscríbhinn nó le dearbhú reachtúil ar aon fhíorais is gá de réir na rialach seo.
Fógra i dtaobh iarratas ar chlárú faoi aistriú a shroicheann thar eastát nó leas úinéara chláraithe
76. (1) Ní thabharfar an fógra faoi iarratas ar chlárú, de shárú ar eastát nó leas úinéara chláraithe, da dtagraítear in Alt 60 den Acht má shroichtear thar an eastát nó an leas le reacht, le tíolacadh Breithimh Thalún, le hordú dílseacháin ó chúirt nó ó Choimisiún na Talún nó ón Aire Talmhaíochta, Bia agus na Mara, le haistriú ag Coimisiún na Talún nó ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus na Mara i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí reachtúla nó a cuid cumhachtaí reachtúla, nó le haistriú a d’fhorghníomhaigh duine a ceapadh chuige sin ag cúirt i bhforghníomhú a breithiúnais nó hordaithe nó a foraithne.
(2) Mura gcomhthoileoidh ionadaí pearsanta úinéara chláraithe éagtha, nó, i gcás muirir nó ualaigh, úinéara chláraithe éagtha, le hiarratas ar chlárú faoin Alt sin 60, déanfar, i gcásanna seachas cinn a shonraítear i mír (1) den riail seo, fógra faoin iarratas i bhFoirm 27 a thabhairt-
(a) don ionadaí pearsanta, nó
(b) mura bhfuil aon ionadaí pearsanta ann, don duine nó do na daoine a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici nó acu, cibé acu faoi uacht an éagaigh é, faoina dhíthiomnacht nó faoina díthiomnacht nó faoi Alt 111 den Acht Comharbais, 1965.
(3) Tabharfaidh an t-iarratasóir ar chlárú don Údarás na sonraí is gá chun na fógraí a fhorordaítear leis an riail seo a sheirbheáil, a mhéid a bheidh an tiarratasóir i riocht é sin a dhéanamh.
Ualaí a chealú i gcás aistriú a shroicheann thar eastát nó leas úinéara chláraithe
77. (1) Ar úinéir a chlárú faoi Alt 60 den Acht, ar dhóigh seachas mar a fhoráiltear le Riail 70, cealófar na hualaí agus na fógraí cláraithe seo a leanas sa chlár-
(a) i gcás an t-aistriú a dhéanamh le reacht nó i bhfeidhmiú cumhachta reachtúla, na hualaí agus na fógraí a mbeadh an mhaoin urscaoilte uathu leis an reacht nó i bhfeidhmiú na cumhachta reachtúla, dá mbeadh an mhaoin gan bheith cláraithe;
(b) I gcás an t-aistriú a dhéanamh i bhfeidhmiú cumhachta a cláraíodh mar ualach, na hualaí agus na fógraí a thagann in ord tosaíochta I ndiaidh na cumhachta;
(c) igcás an t-aistriú a dhéanamh le hordú dílseacháin ó chúirt nó ag duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt chun aistriú a dhéanamh, na hualaí agus na fógraí ar ordaigh an chúirt iad a urscaoileadh ar an aistrí a chlárú.
(2) Má éilítear sin ar an iarratasóir ar chlárú, luafaidh sé nó sí i scríbhinn na hualaí agus na fógraí sa chlár a bhfuil sé nó sí ag iarraidh a gcealaithe.
Fógra faoi ualaí a chealú i gcás aistriú a shroicheann thar eastát nó leas an úinéara chláraithe
78. Déanfaidh an tÚdarás fógra a sheirbheáil i bhFoirm 28 ar an úinéir cláraithe (más ann) i dtaobh ualaí agus fógraí a bheidh le cealú faoi Riail 77(1) (a) nó (b).
Aistriú a chlárú faoi chumhacht díola
79. (1) Ar aistriú a chlárú faoi chumhacht díola faoi Alt 62(9) den Acht seirbheálfar fógra i bhFoirm 25 ar an úinéir cláraithe nó i gcás a bháis nó a báis ar a ionadaí pearsanta nó ar a hionadaí pearsanta nó ar a ionadaithe pearsanta nó ar a hionadaithe pearsanta.
(2) Déanfar aon ualaí agus aon taifid a urscaoileadh faoi Alt 62(10) den Acht a chealú agus seirbheálfar fógra i bhFoirm 26 ar an úinéir cláraithe (más ann) i dtaobh an ualaigh nó an taifid a cealaíodh.
Clárú iontaobhaithe nó sannaithe úinéara is féimheach agus athchlárú an úinéara
80. (1) Féadfar na sannaithe i bhféimheacht i leith úinéir cláraithe a breithníodh a bheith ina fhéimheach nó ina féimheach a chlárú mar úinéirí ina ionad nó ina hionad, má thugtar ar aird don Údarás cóip oifigiúil den deimhniú gur dílsíodh an t-eastát agus na hearraí do na sannaithe, arna fhormhuiniú mar a fhorordaítear leis an riail seo.
(2) I gcás féimheach ar cláraíodh a iontaobhaí nó a hiontaobhaí nó a shannaí nó a sannaí cláraithe mar úinéir ar a mhaoin chláraithe nó a maoin chláraithe féadfar é nó í a athchlárú mar úinéir nó, más úinéir teoranta é nó í, féadfar taifead an tsannaí nó an iontaobhaí mar shannaí a eastáit nó a leasa theoranta nó a heastáit nó a leasa theoranta a chealú ar an ngníomhas athdhílseacháin a thabhairt ar aird sa Chlárlann.
(3) I gcás féichiúnaí comhshocraíochta ar cláraíodh a iontaobhaithe nó a hiontaobhaithe mar úinéirí ar a mhaoin chláraithe nó ar a maoin chláraithe, féadfar é nó í a athchlárú mar úinéir nó, más úinéir teoranta é nó í, féadfar taifead na n-iontaobhaithe mar shannaithe a eastáit nó a leasa theoranta nó a heastáit nó a leasa theoranta a chealú má thugtar ar aird sa Chlárlann cóip oifigiúil d’ordú na cúirte faoi Alt 85 den Acht Féimheachta, 1988, arna formhuiniú mar a fhorordaítear leis an riail seo.
(4) Gach ordú, deimhniú, rún nó comhaontú nó cóip oifigiúil a thabharfar ar aird le haghaidh clárú dá dtagraítear sa riail seo, ní foláir deimhniú ón Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht nó ón iontaobhaí, a bheith formhuinithe air á rá gurb é an duine céanna an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta a ainmnítear san ordú nó sa deimhniú agus an t-úinéir cláraithe atá ainmnithe i bhfóilió sonraithe den chlár agus a n-iarrtar a mhaoin nó a maoin a aistriú. I gcás inar chun an duine a bhí ina fhéimheach nó ina féimheach nó ina fhéichiúnaí comhshocraíochta nó ina féichiúnaí comhshocraíochta a athchlárú é an t-iarratas, ní foláir, i gcás féimheachta, an gníomhas athdhílseacháin nó, i gcás comhshocraíochta, cóip oifigiúil d’ordú na cúirte faoi alt 85 d’Acht Féimheachta, 1988 nó, sa chás arbh infheidhme é, toiliú an iontaobhaí, i scríbhinn, leis an athchlárú a bheith i dteannta an iarratais.
Clárú aistrí i gcás aistriú ag údarás áitiúil faoi reacht
81. Ar aistrí a chlárú ina úinéir nó ina húinéir faoi aistriú ag údarás áitiúil i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi reacht, ní iarrfar aon fhianaise gur sáraíodh aon choinníollacha reachtúla nó sna rialacháin sin nó gur tharla aon teagmhas a thug cumhacht díola don údarás áitiúil.
Údarás áitiúil a chlárú faoi reacht
82. Clárófar údarás áitiúil mar úinéir ar mhaoin a dílsíodh dó faoi reacht de shárú ar eastát nó leas a úinéara chláraithe ar iarratas a fháil ó aturnae an údaráis áitiúil i bhFoirm 32. Ní gá aon fhianaise, seachas an deimhniú san iarratas sin, go bhfuil an mhaoin i seilbh an údaráis áitiúil.
Clárú diúscairtí i leith maoin thaifeadta
83. (1) Gach iarratas ar chlárú faoi dhiúscairt nó tarchur i gcás maoine taifeadta a aistríodh go clár agus a taifeadadh ann faoin Acht, déanfar é agus, faoi réir fhorálacha na rialach seo, déanfar an clárú de réir fhorálacha an Achta agus an nóis imeachta a fhorordaítear leis na Rialacha seo.
(2) Más faoi dhiúscairt nó tarchur neamhthaifeadta, roimh aistriú na maoine taifeadta go clár faoin Acht atá teideal ag iarratasóir chun a chláraithe nó a cláraithe, ní foláir ráiteas gearr ar theideal an iarratasóra a thaisceadh i dteannta a iarratais nó a hiarratais, maille leis na doiciméid dá dtagrófar ann agus an fhianaise ar na fíorais is gá a chruthú chun a theideal nó a teideal a shuíomh; agus féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an teideal a scrúdú, agus cibé fiosrúcháin agus cuardaigh a dhéanamh agus cibé fógraí a thabhairt a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach, cibé clárú a dhéanamh sa chlár a thabharfaidh éifeacht don teideal a cruthaíodh.
Clárú iontaobhaí nua carachumainn
84. (1) Déanfar ainm iontaobhaí nua Cara-Chumainn nó brainse de charachumann, a ceapadh de bhun Alt 25(2) den Friendly Societies Act, 1896 a thaifeadadh sa chlár má thugtar ar aird sa Chlárlann cóip den rún a ritheadh de bhun an ailt sin, arna síniú ag an iontaobhaí a ceapadh amhlaidh agus ag Rúnaí an chumainn nó an bhrainse sin.
(2) Déanfar an chóip den rún ag ceapadh an iontaobhaí nua sin a chomhdú sa Chlárlann le haghaidh tagartha.
Iarratas ar chlárú i gcás an t-úinéir cláraithe d’fháil bháis roimh an 1 Meitheamh, 1959
85. (1) Ar bhás úinéara chláraithe aonair ar mhaoin, nó comharba úinéirí cláraithe éagsúla ar mhaoin, nach bhfuil cláraithe mar thionóntaí i gcoiteannas roimh an 1 Meitheamh 1959, is i bhFoirm 33 a dhéanfar iarratas ar chlárú mar úinéir ag an duine a bheidh i dteideal a bheith cláraithe agus féadfaidh aon duine a mbeidh leas aige nó aici sa talamh é a dhéanamh.
(2) I gcás go mbaineann an t-iarratas le maoin a dílsíodh don ionadaí pearsanta nó do na hionadaithe pearsanta beidh ina theannta mionnscríbhinn ag an ionadaí pearsanta nó ag na hionadaithe pearsanta i bhFoirm 34 agus beidh ina theannta an phrobháid nó na litreacha riaracháin nó cóip oifigiúil den chéanna.
Aontú ó ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta, i gcás tiomnóir d’fháil bháis, le clárú duine ag a bhfuil teideal; iarratas ar chlárú ó dhuine ag a bhfuil teideal
86. (1) Is i bhFoirm 35 a bheidh aontú ó ionadaí pearsanta le clárú duine a éilíonn go bhfuil teidlíocht de réir dlí aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe éagtha a fuair bás ina thiomnóir nó ina tiomnóir, ach amháin nuair a éilíonn an t-ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta go bhfuil teidlíocht aige nó aici nó acu chun na maoine.
(2) Is i bhFoirm 36 nó 37 a dhéanfar iarratas ó dhuine a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici de réir dlí chun maoine lán-úinéara chláraithe éagtha a fuair bás ina thiomnóir nó ina tiomnóir.
(3) Is i bhFoirm 38 nó 39 a dhéanfar iarratas go gclárófaí é nó í mar úinéir ón ionadaí pearsanta nó ó na hionadaithe pearsanta a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici nó acu chun maoine ar lán-úinéir cláraithe d’fháil bháis ina thiomnóir nó ina tiomnóir.
(4) Cuirfear i dteannta an iarratais an phrobháid nó na litreacha riaracháin maille leis an uacht, nó cóip oifigiúil den chéanna.
Aistriú ag ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta chuig duine atá i dteideal a chláraithe nó a cláraithe i gcás lán-úinéir d’fháil bháis ina thiomnóir nó ina tiomnóir
87. (1) Is i bhFoirm 40 a dhéanfaidh an t-ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta maoin a aistriú chuig duine a éilíonn go bhfuil teidlíocht de réir dlí aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe éagtha a fuair bás ina thiomnóir nó ina tiomnóir.
(2) Cuirfear i dteannta an iarratais ar chlárú faoin aistriú sin an phrobháid nó na litreacha riaracháin maille leis an uacht, nó cóip oifigiúil den chéanna.
Iarratas ar chlárú ó dhuine, seachas an t-ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta, atá i dteideal a chláraithe nó a cláraithe i gcás díthiomnachta
88. (1) I gcás iarratas go gclárófaí é nó í mar úinéir ó dhuine a éilíonn go bhfuil teidlíocht de réir dlí aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe dhíthiomnaigh, déanfar an t-iarratas sin, murab é nó murab í an t-aon ionadaí pearsanta amháin é nó í-
(a) trí iarratas a chur isteach i bhFoirm 42 mar aon le haontú ó ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta an úinéara sin i bhFoirm 41, nó
(b) trí aistriú na maoine chuige nó chuici ón ionadaí pearsanta nó ó na hionadaithe pearsanta a chur isteach. Is i bhFoirm 43 a dhéanfar an t-aistriú.
(2) Cuirfear na litreacha riaracháin, nó cóip oifigiúil díobh, isteach i dteannta an iarratais.
Iarratas ar chlárú ó ionadaí pearsanta ag a bhfuil teideal faoi dhíthiomnacht
89. (1) Is i bhFoirm 44 a dhéanfar iarratas go gclárófaí é nó í mar úinéir ó ionadaí pearsanta a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe dhíthiomnaigh.
(2) Cuirfear na litreacha riaracháin, nó cóip oifigiúil díobh, isteach i dteannta an iarratais.
Iarratas ar chlárú i gcás duine a bhfuil teideal aige nó aici ach nach bhfuil cláraithe mar úinéir d’fháil bháis
90. I gcás duine atá i dteideal a bheith cláraithe mar úinéir maoine, ach nach bhfuil cláraithe mar úinéir d’fháil bháis an 1 Meitheamh 1959 nó dá éis, déanfar mionnscríbhinn ag an ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta i bhFoirm 34 a thaisceadh mar aon le ceanglais Rialacha 86 go 89.
Tarchur ar úinéir muirir nó ualaigh eile d’fháil bháis
91. Ar bhás a fháil d’úinéir cláraithe muirir nó ualaigh eile, déanfar iarratas go gclárófaí mar úinéir é nó í ó dhuine a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun a chláraithe nó a cláraithe ar bhás a fháil dó nó di, ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir nó ina tiomnóir nó ina díthiomnóir, ar an bhfianaise a fhorordaítear i gcás iarratas dá shamhail ar chlárú mar úinéir talún, agus leanfar an nós imeachta agus úsáidfear na foirmeacha, fara cibé modhnuithe (más ann), mar is gá don chineál muirir nó ualaigh eile atá ann nó in imthosca an cháis.
Nóta faoi bhás úinéara chláraithe
92. Ar bhás a fháil, ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir nó ina tiomnóir nó ina díthiomnóir, d’úinéir cláraithe maoine gan é nó í a bheith cláraithe mar úinéir teoranta nó mar chomhthionónta, féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta nó a ionadaithe pearsanta nó a hionadaithe pearsanta, ar an bprobháid bhunaidh nó na litreacha riaracháin bhunaidh nó cóip oifigiúil den chéanna, cibé acu é, a thaisceadh sa Chlárlann, mar aon le deimhniú ón aturnae atá ag gníomhú san ábhar nó, má iarrann an tÚdarás é, mionnscríbhinn gurbh é nó gurbh í an t-éagach a ainmnítear sa phrobháid nó sna litreacha riaracháin úinéir cláraithe na maoine, a chur faoi deara go dtaifeadfar nóta sa chlár go bhfuair an t-úinéir sin bás amhlaidh agus ag tabhairt ainmneacha an ionadaí phearsanta nó na n-ionadaithe pearsanta sin.
Iarratas chun comharba úinéara theoranta a chlárú
93. (1) Ar eastát nó leas úinéara theoranta a chinneadh, is i bhFoirm 45 nó 46, de réir mar is gá sa chás, a dhéanfar iarratas ar chlárú ó dhuine a éileoidh sin faoin iontaobhas nó faoin tsocraíocht. Más í Foirm 46 a oireann agus gur le huacht a bunaíodh an t-iontaobhas nó an tsocraíocht, taiscfear an chóip bhunaidh nó cóip oifigiúil den uacht agus den phrobháid nó de na litreacha riaracháin maille leis an uacht. Más í Foirm 45 a oireann, is leor an t-aontú nó an t-aistriú a comhdaíodh cheana sa Chlárlann agus faoinar cláraíodh an t-úinéir teoranta.
(2) Amach ó chásanna ina n-oireann Foirm 45, ní chlárófar an t-iarratasóir ach amháin le comhthoiliú iontaobhaithe (más ann) an iontaobhais nó na socraíochta nó tar éis fógra a thabhairt dóibh.
(3) Féadfaidh iontaobhaithe an iontaobhais nó na socraíochta freisin an t-iarratas a dhéanamh i bhFoirm 45 nó 46, de réir mar is gá sa chás, fara na modhnuithe is gá, agus le haontú an úinéara atá le clárú go gclárófaí aon ualaí a dhéanann difear dá eastát nó dá heastát nó dá leas.
(4) Beidh admháil ó na hiontaobhaithe gur urscaoileadh ualaí a bunaíodh leis an iontaobhas nó leis an tsocraíocht, nó go bhfuil deireadh leo ina leorfhianaise gur urscaoileadh iad nó gur cuireadh deireadh leo.
Iarratas ar chlárú ó mharthanóir nó ó mharthanóirí de chomhthionóntaí
94. (1) Ar bhás a fháil do dhuine de bheirt nó níos mó a cláraíodh mar chomhthionóntaí, déanfar an comhthionónta marthanach nó na comhthionóntaí marthanacha ar iarratas a chlárú mar úinéir nó úinéirí ar chruthúnas a fháil go bhfuair an duine sin nó na daoine sin bás.
(2) Féadfar an bás a chruthú tríd an bprobháid nó na litreacha riaracháin, nó cóip oifigiúil, nó deimhniú báis a thabhairt ar aird, mar aon le fianaise gurb é an t-éagach a ainmnítear an t-úinéir a deirtear atá tar éis bháis, nó cibé cruthúnas eile is leor leis an Údarás.
(3) Is i bhFoirm 47 a dhéanfar an t-iarratas.
Clárú de bhun ordú cúirte
95. Is trí chóip oifigiúil den ordú a thaisceadh sa Chlárlann a dhéanfar iarratas ar chlárú de bhun ordú ón gcúirt.
An t-aontú le clárú ualaí atá le tabhairt ag daoine seachas an t-úinéir
96. (1) De bhun Alt 69(2) den Acht, forordaítear leis seo go nglacfar le comhthoiliú na ndaoine thíosluaite in ionad chomhthoiliú an úinéara chláraithe sna cásanna seo a leanas-
(a) i gclárú ualaigh ar mhaoin aistrithe a bunaíodh leis an aistriú nó a d’éirigh dá dhroim, is é nó is í an t-aistrí, nó duine a bheidh ag éileamh faoin aistrí agus a iarrfaidh clárú mar úinéir faoin aistriú, a thabharfaidh an comhthoiliú;
(b) i gclárú ualaigh a bunaíodh le huacht úinéara éagtha, is é nó is í réadtiomnaí na
maoine dá ndéanann an t-ualach difear, nó an duine a bheidh ag éileamh faoin réadtiomnaí agus a iarrfaidh clárú mar úinéir nó, i gcás díthiomnacht pháirteach, an duine ar a gcineachfaidh an leas sa mhaoin, nó an duine a bheidh ag éileamh faoin duine sin agus a iarrfaidh clárú mar úinéir, a thabharfaidh an comhthoiliú;
(c) i gclárú muirir ag ionadaí pearsanta úinéara talún le haghaidh airgead a dhlíonn sé nó sí a íoc, is é nó is í an duine a iarrfaidh clárú mar úinéir faoi aontú nó faoi aistriú ón ionadaí pearsanta a thabharfaidh an comhthoiliú;
(d) i gclárú na muirear seo a leanas, is é an tÚdarás a thabharfaidh an comhthoiliú;
(i) ualach arna bhunú faoi reacht nó faoi chumhacht reachtúil, nó faoi chumhacht a chláraítear mar ualach nó faoi iontaobhas chun airgead a urrú a chláraítear mar ualach;
(ii) ualach arna bhunú ag iontaobhaithe i bhfeidhmiú cumhachta faoi shocraíocht faoina gcláraítear úinéir teoranta,
(iii) aon ualach a shonraítear in Alt 69(1)(h) nó (i) den Acht,
(iv) lian arna chlárú mar ualach de bhun Alt 73 d’Acht 2006,
(v) éasúint nó brabús arna clárú nó arna chlárú mar ualach de bhun Alt 49A den Acht.
(2) I ngach cás inar gá comhthoiliú ó úinéir cláraithe nó ó dhuine (seachas an tÚdarás) a n-údaraítear dó nó di leis an riail seo comhthoiliú i gclárú ualaigh, féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta an comhthoiliú a thabhairt.
(3) Féadfaidh úinéir cláraithe nó duine (seachas an tÚdarás) a n-údaraítear dó nó di leis an riail seo comhthoiliú i gclárú ualaigh a chomhthoiliú nó a comhthoiliú a thabhairt i bpearsa nó trína aturnae nó trína haturnae.
An chaoi chun aontú le clárú ualaigh
97. (1) Is le haontú i scríbhinn a thabharfar comhthoiliú ó dhuine (seachas an tÚdarás) a n-údaraítear dó nó di comhthoiliú i gclárú ualaigh agus comhdófar an t-aontú.
(2) Féadfar an t-aontú a thabhairt san ionstraim lena mbunaítear an t-ualach. I gcásanna eile is i bhFoirm 48 a thabharfar é, nó cuirfear isteach i bhFoirm 17 é.
(3) Beidh taifead ar ualach sa chlár, sa chás ina n-údaraítear don Údarás comhthoiliú leis, ina fhianaise gur chomhthoiligh sé ina chlárú.
An chaoi chun ualach a thaifeadadh
98. I gcás ina gcomhdaítear sa Chlárlann ionstraim nó cóip d’ionstraim a údaraítear leis na Rialacha seo, agus go mbunaíonn an ionstraim sin ualach, nó go n-aontaíonn sí lena chlárú, féadfar an t-ualach a thaifeadadh sa chlár trí thagairt don ionstraim nó trí shliocht aisti, nó a héifeacht, a leagan amach.
Nóta sa chlár i gcás tosaíocht reachtúil a éileamh d’ualach
99. (1) Iarratasóir a iarrfaidh clárú i leith ualach a bhfuil sé nó sí ag éileamh tosaíochta dó ar ualaí eile de bhua reachta, luafaidh sé nó sí i scríbhinn an reacht faoina bhfuil an tosaíocht á héileamh.
(2) Ar an ualach a chlárú, féadfaidh an tÚdarás, más deimhin leis go bhfuil an tosaíocht a éilítear ag an ualach, taifead a chur sa chlár á chur in iúl go bhfuil tosaíocht ag an ualach, amhail idir é agus ualaí roimhe, san ord a thugtar dó leis an reacht a shonraítear.
Ord tosaíochta i gcás dhá ualach nó níos mó a bhunú le hionstraim
100. Má bhunaíonn ionstraim a thaisctear lena clárú dhá ualach, nó níos mó ar an maoin a chláraítear, is mar a thaispeántar san ionstraim a bheidh tosaíocht na n-ualaí sin le taifeadadh sa chlár; i gcásanna eile, measfar gurb ionann tosaíocht dóibh agus is dá réir sin a thaifeadfar sa chlár iad.
Fianaise ar a bhféadfar ualach a chealú nó a mhodhnú
101. (1) Ar iarratas a fháil ó aon duine a bhfuil leas aige nó aici in ualach cláraithe nó sa mhaoin ar ar cláraíodh é, féadfaidh an tÚdarás an t-ualach a chealú nó a mhodhnú, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas-
(a) I gcás úinéireacht an ualaigh a bheith cláraithe, is gá comhthoiliú a úinéara chláraithe nó a ionadaí phearsanta. Ní dhéanfar aon mhodhnú ba dhochar do chearta úinéir na maoine dá ndéanann an t-ualach difear, nó do chearta úinéir aon ualaigh chláraithe eile, gan comhthoiliú an úinéara sin.
(b) I gcás úinéireacht an ualaigh a bheith gan chlárú nó mura gcomhthoilíonn úinéir cláraithe an ualaigh sa chealú nó sa mhodhnú atá beartaithe, caithfear cruthúnas chun sástacht an Údaráis a thabhairt ar cheart an iarratasóra chun an chealaithe nó an mhodhnaithe a iarrtar; agus ní dhéanfar an cealú nó an modhnú go dtí go mbeidh cibé fiosrúcháin déanta agus cibé fógraí tugtha mar a ordóidh an tÚdarás.
(c) Más é atá san ualach cúnant nó coinníoll a bhaineann le húsáid nó sealúchas na maoine, is gá comhthoiliú na ndaoine go léir ar dealraitheach don Údarás leas a bheith acu ina chur i bhfeidhm.
(2) Féadfar an t-iarratas a dhéanamh i bhFoirm 57A nó 57B, de réir mar is gá sa chás, arna hoiriúnú d’fhíorais an cháis áirithe.
Iarratas ar mhuirear a chealú trí mheán leictreonach
102. Féadfar iarratas ar an taifead ar mhuirear a chealú a dhéanamh chuig an Údarás trí mheán leictreonach i gcás gur deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí ar bun chun iarratas den sórt sin a chur i gcrích. Is i bhFoirm 58 a bheidh an t-iarratas.
Iarratas ar Ordú Coigeartaithe Maoine a chealú
103. Is i bhFoirm 59A, 59B nó 59C a bheidh iarratas ar Ordú Coigeartaithe Maoine a chealú de bhun Alt 9 nó 18 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1995 nó Alt 14 nó 22 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 nó Alt 118 nó 131 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.
Ualach a chealú mar ualach atá múchta
104. I gcás úinéir cláraithe ualaigh a theacht chun bheith ina úinéir cláraithe nó ina húinéir cláraithe ar an maoin ar a luíonn an t-ualach, féadfaidh an tÚdarás, mura léir a mhalairt, é a áireamh mar ualach atá múchta agus taifead an ualaigh sa chlár a chealú, más rud é, tar éis fógra a thabhairt do gach páirtí leasmhar go bhfuil sin ar intinn aige, nach ndéantar aon agóid i gcoinne an chealaithe bheartaithe.
Foirmeacha muirir, aistriú muirir agus a urscaoileadh
105. Is le hionstraimí i cibé ceann de na Foirmeacha 49 go 53 agus 56 go 58 a oireann a chuirfear íocaíocht airgid de mhuirear ar mhaoin, agus a dhéanfar an muirear sin a aistriú agus a urscaoileadh.
Clárú muirir arna bhunú ag cuideachta
106. Más rud é, ar mhuirear a chlárú a bhunaigh cuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí nó ar chlárú muirir chriostalaithe mar ualach ar thalamh cuideachta de bhun Riail 107, nár tugadh deimhniú ar aird á thaispeáint gur cláraíodh an muirear de réir cheanglais Alt 99 d’Acht na gCuideachtaí, 1963, taifeadfar fógra dá réir sin sa chlár.
Muirear criostalaithe mar ualach
107. (1) De bhun Alt 69(1)(s) den Acht, forordaítear leis seo go bhféadfar muirear criostalaithe ar thalamh cuideachta de dhroim glacadóir a cheapadh faoi bhintiúr lenar bunaíodh muirear foluaineach ar a gnóthas agus a sócmhainní a chlárú mar ualach a dhéanann difear do thalamh chláraithe.
(2) Déanfar iarratas ar mhuirear criostalaithe a chlárú tríd an mbintiúr agus an gceapachán glacadóra a thaisceadh sa Chlárlann mar aon le dúblach nó cóip fhianaithe de na doiciméid sin. Is i bhFoirm 54 a bheidh an t-iarratas agus is i bhFoirm 55 a bheidh an taifead sa Chlár.
(3) Ar mhuirear criostalaithe a chlárú mar ualach ar thalamh cuideachta, féadfaidh an glacadóir a cheapfar faoin mbintiúr na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an mbintiúr a fheidhmiú i ndáil leis an talamh sin.
(4) Ní mheasfar gur ionstraim mhuirir faoi Alt 62(2) den Acht sin é an muirear criostalaithe.
(5) Ar an muirear criostalaithe sin a chlárú mar ualach, déanfar an chóip bhunaidh den bhintiúr sin agus den cheapachán glacadóra sin a chur ar ais chuig an duine a bheidh ag taisceadh an chéanna.
Fomhuirir
108. (1) Féadfaidh úinéir cláraithe muirir an muirear sin a chur faoi mhuirear amhail mar a d’fhéadfadh úinéir cláraithe talún a thalamh nó a talamh a chur faoi mhuirear. Tabharfar fomhuirear de thuairisc sa chlár ar mhuirear den sort sin.
(2) Féadfar fomhuirear a bhunú, a chlárú, a aistriú, a dhiúscairt agus a urscaoileadh ar an modh céanna le muirear.
(3) Ar fhomhuirear nó aon déileáil leis a chlárú, féadfaidh an tÚdarás, má mheasann sé go mbeadh sin fóirsteanach nó go gcuideodh sé leis an tsoiléireacht, an teideal chun an mhuirir dá ndéanann an fomhuirear difear a aistriú go dtí an clár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht.
Déileáil le morgáiste a bunaíodh roimh an gcéadchlárú i gcás a chláraithe
109. (1) Nuair a thaifeadfar sa chlár morgáiste a bunaíodh roimh chéadchlárú maoine, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas, nó le comhthoiliú, an duine ag a bhfuil teideal chuige an duine sin a chlárú mar úinéir muirir, ar chruthúnas cuí a fháil ar a theideal nó ar a teideal agus tar éis fógra a thabhairt d’úinéir na maoine morgáistithe.
(2) Chun muirear a bhfuil úinéir cláraithe amhlaidh ina leith a aistriú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile, féadfar na foirmeacha céanna a úsáid, agus an nós imeachta céanna a leanúint, a bhaineann le muirir chláraithe.
Morgáiste breithiúnais a chlárú
110. (1) Is i bhFoirm 60 a dhéanfar iarratas chun morgáiste breithiúnais a chlárú mar ualach ar mhaoin chláraithe de bhun Alt 116 d’Acht 2009 agus beidh formhuinithe air deimhniú go bhfuarthas an breithiúnas, arna shíniú ag an oifigeach cuí de chuid na Cúirte Dúiche iomchuí, de chuid na Cúirte Cuarda iomchuí, nó i gcás breithiúnas ón gCúirt Uachtarach nó ón Ard-Chúirt, de chuid na hArd-Chúirte.
(2) Is i bhFoirm 61, fara cibé athrú a ordóidh an tÚdarás in imthosca speisialta, a bheidh an taifead sa chlár.
110A. (1) Is i bhFoirm 60A a dhéanfar iarratas chun morgáiste breithiúnais a chlárú mar ualach ar mhaoin chláraithe i bhforghníomhú breithiúnais chun suim airgid a íoc, ar breithiúnas é atá aitheanta faoi Rialachán na Bruiséile I.
(2) Beidh ag gabháil leis an iarratas:
(i) Cóip oifigiúil den bhreithiúnas iomchuí
(ii) Cóip oifigiúil den ordú ó Mháistir na hArd-Chúirte á dhearbhú go bhfuil an breithiúnas infhorfheidhmithe.
(3) Is i bhFoirm 61, arna cur in oiriúint d’imthosca an cháis, a bheidh an taifead sa chlár.
(4) Tá le Rialachán na Bruiséile I an bhrí a thugtar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach Breithiúnais Shibhialta agus Tráchtála), 2002 (I.R. Uimh. 52 de 2002).
110B. (1) Is i bhFoirm 60B a dhéanfar iarratas chun morgáiste breithiúnais a chlárú mar ualach ar mhaoin chláraithe i bhforghníomhú Ordaithe Forghníomhaithe Eorpach chun suim airgid a íoc.
(2) Beidh ag gabháil leis an iarratas:
(i) Cóip oifigiúil den bhreithiúnas iomchuí
(ii) Cóip oifigiúil de dheimhniú an Ordaithe Forghníomhaithe Eorpaigh
(iii) Más gá, athscríobhadh ar dheimhniú an Ordaithe Forghníomhaithe Eorpaigh nó aistriúchán air go Gaeilge nó go Béarla.
(3) Is i bhFoirm 61, arna cur in oiriúint d’imthosca an cháis, a bheidh an taifead sa chlár.
(4) Tá le hOrdú Forghníomhaithe Eorpach an bhrí a thugtar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ordú Forghníomhaithe Eorpach), 2005 (I.R. Uimh 648 de 2005).
Fianaise ar chlárú morgáiste breithiúnais
111. Beidh in iarratas ar chlárú morgáiste breithiúnais ráiteas go bhfuil ag an bhféichiúnaí breithiúnais tráth mionnaithe na mionnscríbhinne, de réir mar is fearr is eol don iarratasóir agus a chreideann sé nó sí, eastát nó leas sna tailte atá i bhfóilió sonraithe den chlár, nó sa chuid shainithe dá ndéanann an clárú difear.
Fógra faoi chlárú morgáiste breithiúnais
112. (1) Déanfaidh an tÚdarás fógra faoi chlárú morgáiste breithiúnais sa Chlárlann a chur chuig úinéir cláraithe na maoine agus chuig na daoine eile (más ann) a n-airbheartaíonn an t-iarratas difear a dhéanamh dá n-eastát ná dá leas agus a bhfuil a seoladh sa Stát chun fógraí a sheirbheáil orthu tugtha sa chlár nó san iarratas.
(2) Is i bhFoirm 62 a bheidh an fógra.
Iarratas chun taifead ar mhorgáiste breithiúnais a chealú mar gheall ar neamhbhailíocht
113. (1) I gcás go ndéanfar taifead ar fhógra i dtaobh mionnscríbhinn bhreithiúnais a thaisceadh faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850 nó taifead ar mhorgáiste breithiúnais faoi Alt 116 d’Acht 2009 i gclár aon mhaoine, féadfaidh úinéir cláraithe, nó aon duine leasmhar eile, a éileoidh nach mbunaíonn an taisceadh, agus an fógra ina thaobh sa chlár, ualach bailí, ná nach ualach bailí é an morgáiste breithiúnais, a iarraidh ar an Údarás an taifead a chealú.
(2) Is i scríbhinn a dhéanfar an t-iarratas agus luafar ann na forais ar a n-éilíonn an t-iarratasóir gur ceart an taifead a chealú, mar shampla, nár comhlíonadh foráil shonraithe de na Judgment Mortgage (Ireland) Acts, 1850 agus 1858, nó nach raibh aon eastát ná leas sa mhaoin ag an bhféichiúnaí breithiúnais, ná aon eastát ná leas a bhféadfadh clárú na mionnscríbhinne difear a dhéanamh dó, ná morgáiste breithiúnais agus luafar ann na fíorais ar a bhfuil a sheasamh nó a seasamh mar thaca lena éileamh nó lena héileamh.
(3) Más deimhin leis an Údarás, de bharr na bhfíoras a luafar, gur suíodh cúis prima facie leis an taifead a chealú, tabharfar fógra don chreidiúnaí breithiúnais i dtaobh an iarratais agus i dtaobh an chealaithe atá beartaithe agus mura bhfaighfear agóid ina choinne sin uaidh nó uaithi, laistigh den tréimhse a shonrófar leis an bhfógra, cealófar an taifead.
(4) Is i scríbhinn a dhéanfar gach agóid i gcoinne cealú beartaithe, agus ní foláir í a bheith sínithe ag an gcreidiúnaí breithiúnais nó ag a aturnae nó ag a haturnae. Luafar inti forais na hagóide, agus na forais ar a bhfuil seasamh mar thaca.
(5) Más é tuairim an Údaráis nach dtarraingíonn an t-iarratas agus an agóid ceist dlí nó fíorais anuas a bhaineann le bailíocht an chláraithe a rinneadh agus ba cheart a chur faoi bhráid na cúirte, féadfaidh sé an taifead ar an bhfógra faoin taisceadh, nó faoin morgáiste breithiúnais, a chealú nó diúltú é a chealú; ach má nochtar ceist dlí nó fíorais arb é a thuairim go mbraitheann bailíocht na mionnscríbhinne nó an iarratais mar mhorgáiste breithiúnais uirthi, féadfaidh sé an cheist a chur faoi bhráid na cúirte le breith a thabhairt uirthi.
Taifead ar mhorgáiste breithiúnais a cláraíodh go bailí a chealú
114. Faoi réir toirmeasc ina choinne sin sa chlár, féadfar taifead ar fhógra faoi thaisceadh mionnscríbhinne breithiúnais nó ar mhorgáiste breithiúnais a chealú má thugtar ar aird sa Chlárlann an deimhniú a shonraítear in Alt 9 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, gur sásaíodh an breithiúnas nó an fhoraithne nó an t-ordú ar taisceadh an mhionnscríbhinn ina leith, nó foréileamh on gcreidiúnaí breithiúnais nó óna ionadaí pearsanta nó óna hionadaí pearsanta, i bhFoirm 63, chun an taifead a urscaoileadh.
Léas
115. (1) Déanfar iarratas go gclárófaí mar ualach léas a bunaíodh go cuí tar éis chéadchlárú na maoine dá ndéantar difear trí chuid an léasaí den léas, mar aon le dúblach nó cóip fhianaithe, a thaisceadh sa Chlárlann. Sa taifead sa chlár tabharfar dáta an léasa, an téarma agus an cíos agus sonraí na maoine a forléasadh is leor chun í a aithint ar an léarscáil clárlainne.
(2) De bhun Alt 70 den Acht, forordaítear leis seo go ndéanfar, ar an léas a chlárú mar ualach, más mó ná aon bhliain is fiche iarmhéid neamhchaite an téarma a deonaíodh leis an léas, úinéireacht an léasa a thaifeadadh sa chlár cuí a choimeádtar faoi Alt 8 den Acht.
Cumhacht chun maoin a chur faoi mhuirear agus iontaobhas chun airgead a urrú
116. (1) Déanfar iontaobhas chun airgead a urrú, agus cumhacht chun maoin a chur faoi mhuirear nó cumhacht eile a dílsíodh d’aon duine virtute officii, a chlárú mar ualach trí thagairt don ionstraim lenar bunaíodh an t-iontaobhas nó an chumhacht, agus ní chlárófar aon mhuirear faoin iontaobhas nó faoin gcumhacht go dtí go suífear chun sástacht an Údaráis gurb é nó gurb í an duine atá ag cruinniú an airgid faoin iontaobhas nó faoin gcumhacht an duine a n-údaraítear sin dó nó di leis an ionstraim.
(2) Duine a bheidh ag urrú airgid faoi iontaobhas nó cumhacht den sórt sin, déanfaidh sé nó sí amhlaidh trí mhuirear cláraithe a bhunú ar an modh a fhorordaítear le hAlt 76 den Acht, agus ar an modh sin amháin.
Lian i leith airgead ceannaigh neamhíoctha
117. (1) Is i scríbhinn arna síniú ag an díoltóir nó ag a aturnae nó ag a haturnae, a dhéanfar iarratas chun lian i leith airgead ceannaigh neamhíoctha a chlárú. Tabharfar ann seoladh an díoltóra sa Stát chun fógraí a sheirbheáil air nó uirthi, agus cuirfear ina theannta an t-aontú forordaithe lena chlárú mar ualach.
(2) Féadfar lian a urscaoileadh sa chlár le toiliú an díoltóra nó a ionadaí phearsanta nó a hionadaí phearsanta nó le toiliú an aturnae do cheachtar acu.
Breithiúnas nó ordú cúirte
118. Is i scríbhinn arna síniú ag an iarratasóir nó ag a aturnae nó a haturnae, a dhéanfar iarratas chun breithiúnas nó ordú cúirte a chlárú. Cuirfear in iúl ann an mhaoin dá ndéanann an breithiúnas difear nó an t-ordú trí thagairt don fhóilió den chlár a dtaispeántar a húinéireacht ann agus do léarscáil, más gá, agus luafar ann cé acu don mhaoin go léir a dhéanann sé difear nó, murab ea, cad é an chuid di dá ndéanann sé difear. I dteannta an iarratais a thaiscfear fianaise i dtaobh an bhreithiúnais nó an ordaithe.
Lis pendens
119. (1) Is i bhFoirm 64 a dhéanfar iarratas chun lis pendens a chlárú mar ualach. Ní foláir é a bheith sínithe ag an iarratasóir nó ag a aturnae nó ag a haturnae, agus deimhniú formhuinithe air go bhfuil an chúis nó an t-imeacht ar marthain, arna shíniú ag oifigeach cuí Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte.
(2) Is i bhFoirm 65 arna hathrú mar a ordóidh an tÚdarás in imthosca speisialta, a thaifeadfar lis pendens sa chlár.
(3) Déanfar iarratas chun lis pendens a chealú tríd an oifigeach cuí do Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte do thaisceadh deimhniú i bhFoirm 33 dá bhforáiltear le Riail 5 d’Ordú 72A de Rialacha na nUaschúirteanna (Acht 2009), 2010 sa Chlárlann á rá go bhfuil an lis pendens cealaithe ar chlár na lis pendens a choimeádtar i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, nó ina ionad sin, i gcás gur cláraíodh an lis pendens roimh an 1 Nollaig 2009, trí ordú ón gcúirt á ordú é a chealú ar an gclár a thaisceadh, nó trí aistriú na maoine arna dhéanamh de bhun ordú le haghaidh díola ag an gcúirt ina bhfuil an lis pendens a thaisceadh, nó trí thoiliú an duine ar ar a iarratas nó a hiarratas a cláraíodh mar ualach é a thaisceadh.
Cúirtbhannaí, bannaí agus breithiúnais
120. (1) Déanfar iarratas chun cúirtbhanna nó ábhar eile dá dtagraítear in alt 117 (2)(a) den Acht a chlárú mar ualach tríd an meabhrán a fhorordaítear le hAlt 11 den Judgments (Ireland) Act, 1844, a thaisceadh sa Chlárlann, mar aon le fianaise gurb é nó gurb í an duine a n-iarrtar difear a dhéanamh dá eastát nó dá heastát nó dá leas an t-úinéir cláraithe nó, i gcás talamh shocraithe, gur duine eile é nó í le heastát nó leas sa mhaoin faoin tsocraíocht a bhfuil clárú á iarraidh ina choinne nó ina coinne. Ní foláir an meabhrán a bheith sínithe ag an iarratasóir nó ag a aturnae nó a haturnae, agus deimhniú a bheith ina bhun go bhfuil an cúirtbhanna nó an t-ábhar eile ar marthain, arna shíniú ag oifigeach cuí na cúirte ina bhfuarthas é nó ag duine cuí-údaraithe eile.
(2) Is i bhFoirm 66 a thaifeadfar cúirtbhanna sa chlár. Is i bhfoirm dá samhail, arna hathrú mar is gá sa chás agus mar a cheadóidh an tÚdarás, a dhéanfar na hábhair eile dá dtagraítear san alt sin 117(2)(a) den Acht a thaifeadadh sa chlár.
(3) Is trí dheimhniú díchurtha a thaisceadh sa Chlárlann a dhéanfar iarratas chun cúirtbhanna nó banna Stáit a urscaoileadh.
(4) Is trí dheimhniú gur sásaíodh an breithiúnas a thaisceadh sa Chlárlann a dhéanfar iarratas chun breithiúnas a urscaoileadh.
Éasúint nó profit à prendre
121. (1) I dteannta gach iarratais chun éasúint nó profit à prendre a chlárú mar ualach cuirfear léarscáil iarratais a thaispeánfaidh an chuid den mhaoin a thuairiscítear sa chlár agus a bhfuil an ceart le feidhmiú thairsti, mura rud é gur féidir í a aithint go soiléir ar dhóigh eile sa léarscáil clárlainne ón tuairisc san ionstraim a bhunaigh an ceart. Más iarratas é chun ceart bealaigh a chlárú, féadfar an deontas a dhéanamh i bhFoirm 67, fara cibé modhnuithe is gá sa chás.
(2) Cuirfear i dteannta an iarratais freisin léarscáil iarratais a thaispeánfaidh an mhaoin a bhfuil an ceart a dheonaítear comhghabhálach léi (ach amháin más profit à prendre é i gcomhlán), mura rud é gur féidir í a aithint ar an léarscáil clárlainne trí thagairt don fhóilió den chlár a bhfuil a húinéireacht cláraithe ann.
(3) Mura mbeidh an léarscáil formhuinithe ar an ionstraim lena mbunaítear an ceart, agus tagairt dó inti, ní foláir í a bheith sínithe ag úinéir cláraithe na maoine a bhfuil an ceart le clárú uirthi mar ualach agus ag deontaí an chirt nó ag a aturnae/a haturnae.
(4) Beidh feidhm ag forálacha Riail 29 maidir le léarscáil den sórt sin i gcás gur cuí sin.
Foirm an rabhaidh agus na mionnscríbhinne nó an deimhnithe i dtaca leis, agus an fógra
122. (1) Is i bhFoirm 70 a bheidh rabhadh i gcoinne déileálacha ag úinéir cláraithe. Ní foláir an rabhadh a bheith sínithe ag an rabhdóir nó ag a aturnae nó a haturnae, agus seoladh sa Stát a bheith ann chun fógraí a sheirbheáil ar an rabhdóir.
(2) Féadfaidh rabhadh gan baint a bheith aige ach le déileálacha sonracha ag an úinéir cláraithe.
(3) Is i bhFoirm 71 a dhéanfar an mhionnscríbhinn mar thaca leis an rabhadh agus luafar inti na fíorais a thaispeánann an ceart neamhchláraithe sa mhaoin chláraithe, nó chuici nó thairsti, a dtaisctear an rabhadh ina leith. Féadfaidh an deimhniú faoi Alt 97(6) den Acht bheith i bhFoirm 65 (arna hoiriúnú go cuí), arna shíniú ag aturnae an údaráis reachtúil.
(4) Cuirfidh an tÚdarás fógra i dtaobh rabhadh a taifeadadh chuig úinéir cláraithe na maoine lena mbaineann sé. Is i bhFoirm 72 a bheidh an fógra.
Fógra foláirimh do rabhdóir
123. (1) Aon uair-
(a) a dhéanfaidh úinéir cláraithe na maoine dá ndéanfadh rabhadh difear iarratas i scríbhinn chun an rabhadh sin a urscaoileadh; nó
(b) a dhéanfar déileáil a dteastóidh fógra ina taobh ón rabhdóir a thíolacadh lena clárú gan toiliú an rabhdóra; cuirfear fógra chuig an rabhdóir go scoirfidh a rabhadh d’éifeacht a bheith aige i ndiaidh na tréimhse a luafar san fhógra.
(2) Is é an tréimhse a shonrófar i bhfógra foláirimh ná 21 lá nó cibé tréimhse eile a ordóidh an tÚdarás in imthosca cáis áirithe.
(3) Is i bhFoirm 73 nó 74 a bheidh an fógra.
Iarratas ó úinéir cláraithe chun rabhadh a urscaoileadh
124. Luafar in iarratas ó úinéir cláraithe chun rabhadh a urscaoileadh forais a iarratais nó a hiarratais, mar shampla, nach ann don cheart ar taifeadadh an rabhadh chun a chosanta, nó nach ann dó a thuilleadh, agus luafar ann na forais a líomhnaítear mar thaca leis.
An nós imeachta i gcás rabhdóir do láithriú de bhun fógra foláirimh
125. (1) Féadfaidh rabhdóir nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta láithriú os comhair an Údaráis, nó ráiteas i scríbhinn a sheachadadh sa Chlárlann, tráth ar bith laistigh den tréimhse a luadh san fhógra foláirimh chun bac a fháil ar chlárú na déileála dár tagraíodh san fhógra foláirimh nó, más ar iarratas an úinéara chláraithe a cuireadh an fógra foláirimh amach, chun an rabhadh a choimeád i bhfeidhm.
(2) Luafaidh an t-iarratasóir na forais ar ar cheart clárú na déileála a bhac nó an rabhadh a choimeád i bhfeidhm, mar shampla go sáródh an déileáil nó go gcuirfeadh sí siar, dá gclárófaí í, an ceart tosaíochta neamhchláraithe atá ag an rabhdóir agus a bhí sé nó sí chun é a chur i bhfeidhm nó, i gcás an fógra foláirimh a chur amach ar iarratas an úinéara chláraithe, go bhfuil imeachtaí ar feitheamh, nó ar tí a dtionscanta, chun an ceart a chosnaítear leis an rabhadh a chur I bhfeidhm.
(3) Má mheasann an tÚdarás é a bheith riachtanach nó fóirsteanach, féadfaidh sé lá agus am a cheapadh chun na páirtithe do fhreastal os a chomhair le go gcinnfear na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfaí clárú déileála a bhac nó an rabhadh a choimeád i bhfeidhm nó a chealú.
(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé rialú is cóir leis a dhéanamh i leith an iarratais, mar shampla, go mbacfar clárú faoin déileáil go ceann tréimhse shonraithe nó go ndéanfar clárú faoin déileáil go gcoimeádfar an rabhadh i bhfeidhm nó, más ar iarratas an úinéara chláraithe a tugadh an fógra foláirimh, go gcoimeádfar an rabhadh i bhfeidhm gan tréimhse a cheapadh dó nó go ceann tréimhse shonraithe nó go gcealófar an taifead ina leith.
Rabhadh a tharraingt siar nó toiliú rabhdóra le déileáil
126. (1) Féadfar rabhadh a tharraingt siar tráth ar bith, i gcoinne na maoine go léir nó i gcás aon chuid den mhaoin lena mbaineann sé. Féadfaidh an t-iarratas chun é a tharraingt siar a bheith i bhFoirm 75, agus is gá síniú an rabhdóra nó a aturnae nó a haturnae nó síniú ionadaí pearsanta an rabhdóra nó a aturnae nó a haturnae a bheith leis; agus, más i gcoinne cuid den mhaoin dá ndéanann an rabhadh difear atá an rabhadh le tarraingt siar, ní mór an chuid lena mbaineann an tarraingt siar a shainiú trí thagairt do phlean, más gá sin.
(2) Féadfaidh rabhdóir nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta, i scríbhinn arna síniú aige féin nó aici féin nó ag a aturnae nó ag a haturnae, toiliú le clárú faoi dhéileáil shonraithe. Féadfar an toiliú a thabhairt go hiomlán, nó ar choinníoll go gcoimeádfar an rabhadh i bhfeidhm nó go dtaifeadfar toirmeasc sonraithe sa chlár.
Rabhadh do dhul as feidhm
127. I gcás an fógra foláirimh is gá de réir rabhaidh a bheith tugtha i leith iomlán na maoine lena mbaineann an rabhadh, agus an tréimhse a luadh san fhógra foláirimh a bheith caite, measfar an rabhadh a bheith as feidhm agus cealófar an taifead air sa chlár, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt.
Foirm toirmisc
128. (1) Féadfaidh toirmeasc chun ceart nó leas neamhchláraithe a chosaint a bheith i dtéarmaí ceann de na clásail i bhFoirm 77, a fhéadfar a mhodhnú nó a oiriúnú mar is gá chun srian a chur le clárú déileálacha a sháródh an ceart nó an leas a éilítear nó a chuirfeadh siar é nó a dhéanfadh dochar dó.
(2) Féadfaidh an tÚdarás diúltú toirmeasc a thaifeadadh i gclár mura n-insíonn sé go soiléir agus go follas cad é an srianadh atá le déanamh.
Toirmeasc a thaifeadadh le toiliú
129. (1) Féadfar toirmeasc chun ceart nó leas neamhchláraithe a chosaint, a dhéanann difear do mhaoin úinéara chláraithe, a thaifeadadh i gclár na maoine le toiliú uaidh/uaithi i scríbhinn, agus taiscfear é sa Chlárlann mar aon le ráiteas i dtaobh na bhfíoras á thaispeáint cad é an cineál cirt nó leasa neamhchláraithe sa mhaoin is inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an úinéara chláraithe.
(2) Féadfar toirmeasc chun ceart nó leas neamhchláraithe a chosaint, a dhéanann difear d’eastát nó do leas a bunaíodh le socraíocht faoinar cláraíodh úinéir teoranta, a thaifeadadh sa chlár le toiliú úinéir an eastáit nó an leasa sin nó iontaobhaithe na socraíochta. Is i scríbhinn a thabharfar an toiliú agus taiscfear é sa Chlárlann mar aon le ráiteas i dtaobh na bhfíoras a thaispeánann cad é an cineál cirt nó leasa neamhchláraithe sa mhaoin is inchurtha i bhfeidhm i gcoinne úinéir an eastáit nó an leasa sin.
(3) Féadfar toirmeasc chun an t-úinéir cláraithe a chosaint a thaifeadadh sa chlár, le toiliú i scríbhinn ón úinéir cláraithe, i gcás gur gá sin i dtuairim an Údaráis.
Iarratas ar thoirmeasc i gcás nach dtoilítear
130. (1) Féadfar iarratas chun an Údaráis go dtaifeadfaí toirmeasc, seachas toirmeasc a údaraítear a thaifeadadh ar an toiliú a fhorordaítear le Riail 129, a dhéanamh i bhFoirm 76. Féach Riail 49 maidir le toirmeasc i ndáil le talamh neamhchláraithe.
(2) Más é an toirmeasc a iarrtar srian a chur le clárú diúscairtí ag úinéir cláraithe, luafar san iarratas na fíoras a thaispeánann go bhfuil ceart nó leas neamhchláraithe ag an iarratasóir sa mhaoin agus é inchurtha i bhfeidhm I gcoinne an úinéara chláraithe.
(3) Má iarrtar sa toirmeasc sin srian a chur le húdarú diúscairtí ag-
(a) ionadaí pearsanta úinéara chláraithe maoine;
(b) an oidhre, an réadtiomnaí nó an duine eile a mbeadh teideal aige nó aici ar bhás lán-úinéara;
(c) úinéir eastáit nó leasa i maoin is ábhar do shocraíocht faoina gcláraítear úinéir teoranta; nó
(d) aon duine a éilíonn go bhfuil ceart aige nó aici in ualach cláraithe, nó chuige, nach bhfuil a úinéireacht cláraithe;
luafar san iarratas na fíorais a thaispeánann go bhfuil ceart nó leas neamhchláraithe ag an iarratasóir sa mhaoin agus é inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an duine sin.
(4) Cuirfear i dteannta an iarratais an ionstraim (más ann) a bhunaigh an ceart nó an leas neamhchláraithe, nó cibé fianaise eile ina thaobh sin is leor leis an Údarás nó, mura de bhun ionstraime a tháinig an ceart nó an leas, mionnscríbhinn nó fianaise eile i gcruthúnas ar na fíorais ba bhun leis.
(5) Féadfar, má iarrann an t-iarratasóir é, ionstraim a bhunaigh ceart nó leas neamhchláraithe a chomhdú sa Chlárlann lena slánchoimeád.
An nós imeachta i gcás iarratas ar thoirmeasc
131. (1) Féadfaidh an tÚdarás diúltú toirmeasc a iarrtar a thaifeadadh mura modhnaítear é mar a ordóidh sé.
(2) Más deimhin leis an Údarás, de thoradh na bhfíoras a nochtar in iarratas nó in aon doiciméad a thabharfar ar aird mar thaca leis, go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal an chirt nó an leasa a éilítear, cuirfidh sé fógra faoin iarratas agus faoin toirmeasc atá beartaithe—
(a) chuig úinéir cláraithe na maoine, má tá an ceart nó an leas inchurtha i bhfeidhm ina choinne nó ina coinne;
(b) chuig an duine nó na daoine is cosúil atá i dteideal an t-eastát nó an leas sa mhaoin a bhfuil an ceart ar marthain ina choinne a dhiúscairt, más eol an t-úinéir cláraithe a bheith marbh, nó más mionaoiseach é nó í, nó má tá éagumas meabhrach air nó uirthi, nó murab eol cá háit a bhfuil sé nó sí, nó má tá an t-eastát nó an leas lena mbaineann an ceart i socraíocht faoinar cláraíodh úinéir teoranta.
(3) Féadfaidh an tÚdarás fógra a thabhairt freisin d’aon duine ar cosúil ón gclár baint a bheith ag an gceart nó ag an leas leis nó léi.
(4) Is i bhFoirm 78 a bheidh an fógra.
An nós imeachta i gcás agóid i gcoinne toirmisc
132. (1) Aon duine a gcuirfear fógra chuige nó chuici i dtaobh iarratas ar thoirmeasc, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse a luafar, iarratas a chur chun an Údaráis, ag déanamh agóid in aghaidh an toirmeasc atá beartaithe a thaifeadadh nó á iarraidh go modhnófaí a théarmaí nó go gcuirfí teorainn lena ré feidhme. Ní foláir dó nó di forais na hagóide nó na hiarrata a lua.
(2) Féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é, lá agus am a cheapadh chun na páirtithe a fhreastal os a chomhair le haon cheist a chinneadh a bhaineann le téarmaí nó ré feidhme an toirmisc atá le taifeadadh.
(3) Féadfaidh an tÚdarás aon mhodhnú is fóirsteanach leis a dhéanamh ar an toirmeasc atá beartaithe, ag féachaint d’aon fhíorais bhreise a nochtfaidh na páirtithe, agus féadfaidh sé an toirmeasc arna athrú amhlaidh a thaifeadadh sa chlár.
Toirmeasc cláraithe a mhodhnú nó a urscaoileadh
133. (1) Is i bhFoirm 79 nó 80 a dhéanfar iarratas toirmeasc a mhodhnú nó a urscaoileadh a taifeadadh sa chlár ar dhóigh seachas de bhun ordú cúirte.
(2) I gcás an t-iarratas a dhéanamh gan toiliú na ndaoine go léir ar dealraitheach ón gclár agus ón ionstraim a ndearnadh an taifead ar a scór go bhfuil teidlíocht acu chun tairbhe an toirmisc, nó gan toiliú aturnaetha na ndaoine sin, cuirfear isteach ina theannta fianaise i dtaobh na bhfíoras ar dá mbun a éilítear gur cheart an taifead a mhodhnú, nó fianaise gur scaoileadh nó gur sásaíodh an ceart a chosnaítear leis an taifead nó go bhfuil scortha aige ar
dhóigh eile de bheith ar marthain.
(3) Tabharfar fógra i dtaobh an iarratais, mura lena dtoiliú a dhéantar é, do na daoine ar dealraitheach ón gclár, nó ón ionstraim ar ar a scór a taifeadadh an toirmeasc, go bhfuil teidlíocht acu chun tairbhe an toirmisc, agus féadfaidh siad agóid a dhéanamh ina choinne laistigh den tréimhse a luafar san fhógra. Is i scríbhinn a dhéanfar gach agóid agus luafar a forais.
(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé rialú is cóir leis a thabhairt i leith an iarratais. Féadfaidh sé go háirithe a ordú an toirmeasc a urscaoileadh, nó féadfaidh sé é a choimeád i bhfeidhm ar feadh tréimhse éiginnte nó go ceann tréimhse shonraithe nó le cibé modhnuithe a ordóidh sé.
Iarratas in oirchill ar dhéileáil atá faoi thoirmeasc gan ordú nó formheas ón Údarás
134. (1) Féadfar iarratas a dhéanamh chun an Údaráis in oirchill ar dhéileáil atá beartaithe le maoin atá faoi réir toirmeasc sa chlár i gcoinne diúscairtí ach amháin faoi ordú nó le formheas ón Údarás, ag iarraidh ordachán i scríbhinn go bhféadfaí clárú a dhéanamh faoin déileáil atá beartaithe; agus féadfaidh an tÚdarás a ordú go bhféadfar clárú faoin déileáil, má chuirtear i gcrích í, a dhéanamh gan choinníoll nó faoi réir cibé toirmeasc a ordóidh sé.
(2) Féadfaidh ordachán an Údaráis tréimhse a shonrú chun clárú a dhéanamh faoin déileáil a údaraítear.
An nós imeachta i gcás déileáil faoi thoirmeasc a thaisceadh gan fógra do dhaoine sonraithe
135. (1) Má thaifeadtar sa chlár toirmeasc ag srianadh déileálacha ach amháin tar éis fógra a thabhairt do dhuine sonraithe, beidh an fógra a thabharfar don duine sin, i gcás déileáil de réir téarmaí an toirmisc a thíolacadh lena clárú, san fhoirm chéanna le fógra foláirimh a fhorordaítear lena sheirbheáil ar rabhdóir, arna modhnú mar a mheasfaidh an tÚdarás is gá.
(2) Féadfaidh an duine a shonraítear sa toirmeasc, nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta, nó duine eile a bheidh i dteideal thairbhe an toirmisc, láithriú i leith an fhógra foláirimh agus bac ar an gclárú a iarraidh; agus is é an nós imeachta a fhorordaítear i gcás iarratas dá shamhail ó rabhdóir is inleanta. Beidh na cumhachtaí céanna ag an Údarás a bheadh aige i gcás iarratas dá shamhail ó rabhdóir.
Toirmeasc faoi ordú cúirte
136. Nuair a thaifeadfar toirmeasc faoi ordú cúirte, luafar gur de bhun an ordaithe sin a dhéantar an taifead.
Taifeadadh fógra i dtaobh ualaí áirithe a dhéanann difear do mhaoin gan iad a bheith cláraithe
137. (1) Tabharfar fógra faoi aon ualach a shonraítear in Alt 72(1) den Acht a bheith ar marthain trí thaifead a chur sa chlár go bhfuil an mhaoin a shonraítear faoi réir an ualaigh.
(2) Mura mbaineann an t-ualach leis an maoin go léir a thuairiscítear i bhfóilió den chlár, cuirfear in éineacht leis an toiliú, nó leis an ordú á údarú fógra ina thaobh a thaifeadadh, léarscáil iarratais a thaispeánfaidh an chuid den mhaoin atá faoi réir an ualaigh, mura féidir í a leoraithint ar dhóigh eile ar an léarscáil clárlainne.
(3) Is é a bheidh sa nóta a cheanglaítear le hAlt 59 den Acht ná taifead á chur in iúl go bhfuil an mhaoin faoi réir na bhforálacha den achtachán a chuireann srian leis an gcoimhthiú, leis an sannadh, leis an bhforoinnt nó leis an bhfoligean, cibé acu é.
Taifeadadh fógra i dtaobh díolúine ó ualaí áirithe faoi Alt 72(2) den Acht
138. Féadfar fógra faoi dhíolúine maoine sonraithe ó shean-choróinchíos, cíos cúiteach, cíosmhuirear deachún eaglaise, íocaíocht in ionad deachún nó cíosmhuirir dheachún, muirear feabhsaithe talún, muirear siltin nó blianacht talamh-cheannaigh, a thaifeadadh sa chlár ar dheimhniú a díolúine a bheith tugtha ag an Roinn Stáit ar a bhfuil sé de chúram na suimeanna a bhailiú is iníoctha ar an ualach sin.
Taifead i dtaobh teorainn mhaoine a bheith dochloíte
139. Gach taifead a chuirfear sa chlár i dtaobh teorainn a bheith dochloíte, luafar ann teorainn aiceanta na maoine ar feadh líne shonraithe ar an léarscáil clárlainne nó aithneofar é le haon fhaisnéis gheografach nó suímh, agus an chuid di arb í líne chinnte na teorann í, mar shampla, gurb é éadan nó lár an fháil nó an bhalla, nó lár nó taobh sonraithe srutháin nó draenach, feadh na líne a thaispeántar ar an léarscáil, an teorainn agus gur teorainn dhochloíte í amhail idir na húinéirí tadhlacha, nó i gcoinne gach uile dhuine, de réir mar a bheidh.
Taifead i dtaobh teorainn a cinneadh le tíolacas an Bhreithimh Talún
140. Ní dhéanfar teorainn a bheidh sainithe le haon ionstraim a shonraítear in Alt 86 den Acht a thaifeadadh sa chlár mar theorainn dhochloíte mura féidir na fíorais a bheireann gur féidir í a shainiú sa chlár de réir na rialach sin roimhe seo a fháil amach ón ionstraim, ná mura rud é go mbeidh fógra tugtha d’úinéirí na maoine atá tadhlach faoin taifead atá beartaithe agus nach bhfuarthas aon agóid ina choinne laistigh den tréimhse a ceapadh leis an bhfógra.
Taifead i dtaobh teorainn a comhaontaíodh
141. (1) I gcás iarratas ó úinéirí maoine atá tadhlach chun an teorainn idir a maoin, nó cuid di, a thaifeadadh sa chlár, taiscfear sa Chlárlann-
(a) plean arna tharraingt ar léarscáil iarratais a thaispeánann an talamh atá tadhlach leis an teorainn atá le sainiú agus a léiríonn suíomh na teorann faoi líne dhaite;
(b) toiliú i scríbhinn ó na húinéirí a thagraíonn don phlean agus ina luaitear, ar an modh a fhorordaítear le Riail 139, an teorainn aiceanta feadh na líne a thaispeántar ar an bplean, agus an chuid di a gcomhaontaíonn siad gurb í an teorainn í.
(2) Más úinéir ar thalamh neamhchláraithe é nó í úinéir atá ina pháirtí toilitheach nó ina páirtí toilitheach, tabharfar cruthúnas freisin gurb é nó í an t-úinéir é nó í, de réir bhrí Alt 89 den Acht, atá údaraithe leis an alt sin chun toiliú a thabhairt.
Socrú teorann i gcás maoin a aistriú
142. Féadfar an teorainn idir maoin chláraithe a d’aistrigh úinéir cláraithe agus maoin chláraithe eile arb é nó í is úinéir cláraithe uirthi a thaifeadadh sa chlár mar theorainn dhochloíte má thaisctear sa Chlárlann toiliú ón aistreoir agus ón aistrí sna téarmaí a shonraítear sa riail roimhe seo.
Tuairisc mar “naíon” a bhaint as an gclár
143. Déanfar tuairisc gur naíon nó mionaoiseach is úinéir cláraithe ar mhaoin a bhaint as an gclár ar iarratas a fháil i scríbhinn mar aon le cruthúnas go bhfuil lán-aois slánaithe aige nó aici.
Taifead a chur sa chlár i gcás léas inathnuaite atá cláraithe a chomhshó
144. Má thugtar ar aird sa Chlárlann deontas suthaineachta i leith maoin neamhchláraithe a tugadh faoi fhorálacha aon achtacháin, seachas an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967, d’úinéir cláraithe leasa léasaigh, de chomhshó an léasa ina dheontas feofheirme nó ina dheontas suthaineachta, cuirfear nóta sa chlár go bhfuil an t-úinéir cláraithe ag éileamh an fheo shimplí faoin deontas; agus tabharfar gearrshonraí i dtaobh an deontais. Déanfar fógra faoi chlárú úinéireacht an leasa léasaigh, agus i dtaobh fhorálacha Alt 48 den Acht, a fhormhuiniú ar an deontas, agus athsheachadfar é ar an duine a thug ar aird é.
Úinéireacht Theoranta
145. I gcás ina bhfuil maoin cláraithe in ainm úinéara theoranta nó naín nó mionaoisigh, féadfaidh an tÚdarás taifead i bhFoirm 85 a thaifeadadh ar an bhfóilió.
Foirm na léarscáileanna Clárlainne
146. (1) Coimeádfar léarscáileanna clárlainne i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, nó go páirteach i bhfoirm amháin agus go páirteach i bhfoirm eile, do na pleananna maoine a thuairiscítear sna cláir.
(2) I gcás na léarscáileanna clárlainne a bheith i bhfoirm páipéir áireofar iontu-
(a) léarscáileanna ginearálta agus/nó innéacsúla ar a dtaispeántar suíomh agus fairsinge gach uile mhaoin atá cláraithe;
(b) aon léarscáil lena nglacfar faoi fhorálacha Alt 84(2) den Acht (arna ionadú le hAlt 61 d’Acht 2006).
(3) I gcás na léarscáileanna clárlainne a bheith á sealbhú i bhfoirm leictreonach féadfar iad a thaispeáint nó a atáirgeadh i cibé slí a chinnfidh an tÚdarás.
(4) Beidh na léarscáileanna a choimeádfar ar cibé teilgean léarscáile, fara na coigeartuithe go léir is gá agus is follas, chun go mbeidh siad de réir shonra Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann nó fara cibé toilithe nó tar éis cibé fiosrúcháin nó fógraí, a ordóidh an tÚdarás. Nuair nach féidir déanamh dá réir sin, féadfar léarscáileanna a choimeád do na limistéir sin ar cibé scálaí a cheadóidh an tÚdarás.
Na nithe a bheidh ar léarscáileanna Clárlainne
147. (1) Taispeánfar ar na léarscáileanna clárlainne is cuí-
(a) plean nó pleananna den mhaoin a thuairiscítear i ngach fóilió de chlár na húinéireachta ar thalamh ruílse;
(b) plean nó pleananna den mhaoin atá faoi réir úinéireacht ar leasanna léasacha a thuairiscítear i ngach fóilió de chlár na leasanna léasacha;
(c) plean nó pleananna den mhaoin is ábhar do gach oidhreachtán neamhchorprach tionachta ruílse, nó léas ina leith, a thuairiscítear I ngach fóilió den chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht;
(d) cibé plean nó pleananna is gá nó is fóirsteanach ó am go ham chun go n-aithneofar maoin atá faoi réir ualach, fógra, rabhadh nó toirmeasc a taifeadadh i bhfóilió de chlár.
(2) Déanfar gach plean a shainiú ar an léarscáil clárlainne le ciumhais dhaite, nó ar dhóigh eile de réir mar is oiriúnach leis an Údarás i gcás áirithe, agus cuirfear uimhir nó comhartha air; agus déanfar an mhaoin a thuairiscítear I ngach fóilió a chur in iúl trí thagairt dá plean nó dá pleananna ar an léarscáil clárlainne.
Daoine a fhéadfaidh feidhmiú ar son mionaoiseach
148. (1) I gcás mionaoisigh féadfaidh a chaomhnóir nó a caomhnóir (más ann), arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt dlínse inniúla nó, murar ceapadh aon chaomhnóir amhlaidh, féadfaidh a thuismitheoirí nó a tuismitheoirí nó duine is caomhnóir air nó uirthi faoi fhorálacha an Achta um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, nó iontaobhaithe faoi fhorálacha Alt 57 den Acht Comharbais,
1965, feidhmiú ar a shon nó ar a son chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta.
(2) Más dealraitheach don Údarás, i gcúrsa aon imeacht faoin Acht, go bhfuil leas atá codarsna, nó contrártha, le leas an mhionaoisigh ag an duine atá ag feidhmiú ar a shon nó ar a son, nó gur cheart ar mhaithe leis an mionaoiseach duine éigin eile a cheapadh chun feidhmiú ar a shon nó ar a son, féadfaidh sé diúltú dul ar aghaidh go dtí go gceapfar duine eile chun feidhmiú ar son an mhionaoisigh sna himeachtaí.
Ceapadh duine chun feidhmiú ar son mionaoisigh
149. (1) I gcás gan aon duine a bheith údaraithe leis an riail roimhe seo chun feidhmiú ar son mionaoisigh, nó i gcás inar cheart duine éigin seachas an duine sin a cheapadh, féadfaidh an tÚdarás duine a cheapadh le feidhmiú ar son an mhionaoisigh chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta.
(2) Is i scríbhinn a dhéanfar an t-iarratas chun an Údaráis á iarraidh sin air, agus cuirfear ina theannta toiliú chun gníomhú ón duine a bheartaítear a cheapadh, agus mionnscríbhinn i dtaobh a inniúlachta nó a hinniúlachta.
Ceapadh duine chun feidhmiú ar son duine mímheabhrach
150. Más rud é, i gcúrsa aon imeacht sa Chlárlann, ach amháin iarratas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Alt 26(1) den Acht, chun ceannaitheoir a chlárú faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, gur dealraitheach gur duine mímheabhrach nár breithníodh ina dhuine mímheabhrach nó ina duine mímheabhrach ag ionchoisne aon duine leasmhar (nach duine é nó í ar ceapadh cúramaí nó caomhnóir ina leith faoin Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871 ná duine lagmheabhrach atá, go sealadach éagumasach ar a ghnóthaí nó a gnóthaí féin a rialú agus ar ceapadh caomhnóir air nó uirthi faoi Acht sin 1871), ní dhéanfar san imeacht aon chlárú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do cheart an duine sin go dtí go mbeidh caomhnóir, arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin ag an gcúirt, ag feidhmiú ar a shon nó ar a son, nó go mbeidh a leas á chosaint ar dhóigh eile chun sástacht an Údaráis.
Doiciméid faoi réir liain a thaisceadh
151. (1) Aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil lian i bhfoirm morgáiste cothromais aige nó aici ar dhoiciméad atá ina sheilbh nó ina seilbh, agus a gcuirfidh duine a bheidh ag iarraidh úinéireacht a chéadchlárú de cheangal air nó uirthi an doiciméad sin a thabhairt ar aird sa Chlárlann, nó a gceanglóidh an tÚdarás air nó uirthi cúis a shuíomh chun gan é a thabhairt ar aird, féadfaidh sé nó sí an doiciméad a thaisceadh sa Chlárlann faoi réir an liain.
(2) Aon duine a dhéanfaidh doiciméad a thaisceadh faoin riail seo, faoi réir lian a bhunófar trína thaisceadh, taiscfidh sé nó sí éileamh ar an lian i bhFoirm 81 arna shíniú aige nó aici féin nó ag a aturnae nó a haturnae.
(3) Áireofar i lian duine a thaiscfidh doiciméad faoin riail seo costais a thaiscthe.
(4) Ní dhéanfar aon chlárú a d’fhéadfadh an lian a shárú, nó dochar a dhéanamh dó, go dtí go sásófar an lian nó go ndéanfar soláthar dó i gcás ina n-admhaítear é nó, más rud é nach n-admhaítear é, go dtí go gcinnfear go bhfuil an lian ar marthain nó go bhfuil sé bailí agus, nuair a chinnfear, go sásófar é nó go ndéanfar soláthar dó.
Doiciméid atá le coinneáil sa Chlárlann agus a fhéadfar a sheachadadh
152. (1) Féadfar aon doiciméad acu seo a leanas a bhaineann le maoin chláraithe a thabhairt ar ais don duine a bheadh i dteideal iad a choimeád dá mbeadh an mhaoin gan chlárú, ar chóip fhianaithe de a sheachadadh sa Chlárlann nó ar an táille a íoc is inéilithe ar chóip dheimhnithe-
(a) ionstraim ag déileáil le maoin chláraithe agus neamhchláraithe;
(b) socraíocht atá ar marthain, ionstraim ina bhfuil iontaobhais atá ar marthain, ionstraim lena gceaptar iontaobhaithe i leith socraíocht atá ar marthain, nó i leith ionstraim ina bhfuil iontaobhais atá ar marthain;
(c) léas nó deontas feofheirme, nó contrapháirt léasa nó deontais feofheirme, atá ar marthain;
(d) gníomhas bunaidh muirir chun airleacain todhchaí a urrú.
(2) Déanfar an chóip fhianaithe nó dheimhnithe a chomhdú le haghaidh tagartha in ionad na hionstraime a seachadadh amhlaidh, agus i gcás déileálacha feasta féadfar í a ghlacadh mar leorfhianaise ar an doiciméad agus ar a bhfuil ann.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo, coinneofar sa Chlárlann gach ionstraim eile faoina ndéanfar taifead sa chlár. Comhdófar iad sa chlárlann agus ní thógfar amach as an oifig sin iad ach amháin ar údarás I scríbhinn ón Údarás agus ar cibé téarmaí a shonróidh sé nó ar ordú ón gcúirt.
(4) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 a chomhlíonadh, a ordú freisin go ndíothófar fóiliónna dúnta, nó aon doiciméid a comhdaíodh sa Chlárlann, nuair a bheidh a n-ionad gafa ag taifid sa chlár nó a bheidh siad imithe ó éifeacht, nó féadfaidh sé, má fheictear dó gur díol suime ó thaobh na staire na doiciméid sin, iad a chur chuig an gCartlann Náisiúnta lena gcomhdú.
(5) Féadfaidh an tÚdarás, ar chlárú a bheith comhlánaithe, a ordú go ndéanfar doiciméid chomhdaithe a scaoileadh chuig an úinéir cláraithe, chuig duine arna ainmniú nó arna hainmniú ag an úinéir cláraithe, nó chuig aturnae an úinéara chláraithe.
Seachadadh doiciméad a bhaineann le maoin neamhchláraithe
153. I gcás doiciméid sa Chlárlann nach mbaineann ach le maoin neamhchláraithe, féadfar, cheal iarratas ón duine a thaisc iad nó óna ionadaithe pearsanta nó óna hionadaithe pearsanta agus tar éis fógra a thabhairt dó nó di nó dóibh, iad a sheachadadh ar an duine is dóigh leis an Údarás atá i dteideal a gcoimeádta, ar iarratas a fháil uaidh nó uaithi.
Formhuiniú doiciméad a sheachadfar
154. Ní dhéanfar aon ghníomhas bunaidh faoinar cláraíodh maoin, nó diúscairt mhaoine, a sheachadadh ón gClárlann go dtí go mbeidh formhuiniú déanta air a thaispeánfaidh go soiléir, ar an modh a ordóidh an tÚdarás, an mhaoin faoi réir fhorálacha an Achta, agus an leas sa mhaoin lena mbaineann an clárú.
Doiciméid a sheachadadh ar aturnae lena dtabhairt ar aird i gcúirt nó le haghaidh fómhais
155. Féadfaidh an tÚdarás ionstraim ag déileáil le maoin a sheachadadh ar aturnae úinéir cláraithe na maoine, ach amháin ionstraim muirir nó diúscairt ina leith, ar an aturnae á dheimhniú i scríbhinn gur gá í a thabhairt ar aird i gcúirt le linn éisteacht chúise nó ábhair éigin, nó os comhair Máistir Fómhais don Ard-Chúirt nó Cláraitheoir Contae le haghaidh fómhais, agus ar é nó í á ghealladh go pearsanta i scríbhinn go dtabharfaidh sé nó sí ar ais don Chlárlann í laistigh de thréimhse a shocróidh an tÚdarás.
Tarchur doiciméad chuig cúirte
156. Féadfaidh an tÚdarás doicméad a comhdaíodh sa Chlárlann a tharchur chuig Cláraitheoir Contae lena tabhairt ar aird i gcúirt le linn éisteacht chúise nó ábhair a bhaineann leis an maoin is ábhar don doiciméad-
(a) más páirtí sa chúis nó san ábhar úinéir cláraithe na maoine is ábhar don doiciméad, nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta, nó a chomharba i dteideal nó a comharba i dteideal; nó
(b) más rud é go bhfuil an duine a d’iarr a tharchur i dteideal é a iniúchadh faoi na Rialacha seo agus gur páirtí é nó í sa chúis nó san ábhar; nó
(c) má thoilíonn úinéir cláraithe na maoine is ábhar don doiciméad é a tharchur; nó
(d) más imeachtaí faoin Acht, a bhaineann leis an maoin is ábhar don doiciméad, na himeachtaí sa chúirt.
Iarratas chun doiciméad a tharchur chuig Cláraitheoir Contae
157. (1) Is i bhFoirm 82 a dhéanfar iarratas chun doiciméad a tharchur chuig Cláraitheoir Contae, agus taiscfear i ndúblach é. Más ag duine seachas úinéir cláraithe na maoine is ábhar don doiciméad a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, tabharfar fógra don úinéir i dtaobh an iarratais agus i dtaobh tharchur an doiciméid.
(2) Tabharfar an doiciméad ar ais don Chlárlann nuair a chríochnóidh na suíonna cúirte inar taifeadadh le haghaidh éisteachta an chúis nó an t-ábhar dár foréilíodh é. Má chuirtear an éisteacht ar atráth, déanfar iarratas eile an doiciméad a tharchur chuig an gCláraitheoir Contae le haghaidh na héisteachta atrátha.
An doiciméad a tharchuirfear a bheith faoi choimeád an Chláraitheora Contae
158. (1) Coinneoidh an Cláraitheoir Contae aon doiciméad a tharchuirfear chuige nó chuici faoin riail roimhe seo d’aonghnó lena thabhairt ar aird le linn éisteacht na cúise ná an ábhair dár foréilíodh é agus, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, ní cheadóidh sé do dhuine ar bith é a iniúchadh, ach amháin na daoine a údaraítear le Riail 159, go dtí go mbeidh sé glactha i bhfianaise ag an gcúirt.
(2) I gcás an doiciméad a tharchur ar iarratas ó aon duine seachas úinéir cláraithe na maoine is ábhar don doiciméad, beidh a thabhairt ar aird faoi réir rialú na cúirte ar aon agóid ón úinéir cláraithe i gcoinne a iniúchta nó a ghlactha i bhfianaise.
Iniúchadh doiciméad a comhdaíodh agus cóipeanna díobh a fháil
159. (1) Féadfaidh úinéir cláraithe maoine agus aon duine arna údarú nó arna húdarú ag an úinéir sin nó le hordú ón gcúirt nó leis na Rialacha seo, ach ní fhéadfaidh duine ar bith eile, doiciméad a iniúchadh a comhdaíodh sa Chlárlann i gcás déileáil nó idirbheart le maoin an úinéara.
(2) Aon duine a bheadh i dteideal doiciméad maidir le maoin a iniúchadh, dá mba rud é nach mbeadh a húinéireacht cláraithe faoin Acht agus go mbeadh an doiciméad i seilbh an duine a bhí i dteideal a choimeádta de réir dlí, beidh sé nó sí i dteideal an doiciméad a iniúchadh má chomhdaítear sa Chlárlann é.
(3) Féadfaidh duine ar bith mionnscríbhinn breithiúnais a taisceadh sa Chlárlann de bhun an Judgement Mortgage Ireland Act, 1850, arna leasú leis an Acht, nó iarratas ar mhorgáiste breithiúnais a chlárú faoi Riail 110, a iniúchadh fad a bheidh fógra a thaiscthe nó an taifead ar an morgáiste breithiúnais gan cealú i gclár.
(4) Féadfaidh duine ar bith meabhrán maidir le lis pendens, banna, cúirtbhanna nó ionchoisne a comhdaíodh sa Chlárlann a iniúchadh fad a bheidh an taifead ina thaobh gan cealú i gclár.
(5) Aon iarratas, aontú, mionnscríbhinn nó aistriú a bheidh déanta ag ionadaí pearsanta úinéara éagtha maoine ar dílsíodh don ionadaí pearsanta í, féadfaidh réadtiomnaí nó duine eile, ach amháin creidiúnaí, a bhfuil leas aige nó aici sa mhaoin faoi uacht an úinéara, é a iniúchadh nó, má d’éag an t-úinéir ina dhíthiomnóir nó ina díthiomnóir, féadfaidh duine ar chineachaigh leas tairbhiúil sa mhaoin chuige nó chuici de chionn na díthiomnachta, nó féadfaidh duine a shásóidh an tÚdarás gurb é nó í an comharba i dteideal é nó í ar dhuine de na daoine sin, é a iniúchadh.
(6) Féadfaidh an duine a thaisc ionstraim a comhdaíodh sa Chlárlann faoi Riail 130(5) an ionstraim sin a iniúchadh, nó má chruthaíonn duine ar bith chun sástacht an Údaráis go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun tairbhe aon chirt a bunaíodh leis an ionstraim féadfaidh sé nó sí í a iniúchadh.
(7) Aon duine a shásóidh an tÚdarás gurb é nó í úinéir maoine fothionóntáin neamhchláraithe nó gurb é nó í nó iad an duine nó na daoine atá i dteideal a bheith ina úinéir nó ina húinéir nó ina n-úinéirí ar mhaoin fothionóntáin neamhchláraithe é nó í nó iad, ar cláraíodh ceart thairsti mar cheart atá comhghabhálach le maoin príomhthionóntáin faoi Alt 49A den Acht, féadfaidh sé nó sí nó siad ionstraim a comhdaíodh sa Chlárlann faoi Riail 46 a iniúchadh, ar cibé cruthúnais a ordóidh an tÚdarás a thabhairt ar aird.
(8) Aon duine a bheidh i dteideal doiciméad a comhdaíodh sa Chlárlann a iniúchadh, féadfaidh sé nó sí cóip de a fháil.
(9) Féadfaidh an tÚdarás, in imthosca speisialta agus ar cibé téarmaí is cuí leis, cead a thabhairt do dhuine doiciméad a comhdaíodh sa Chlárlann a iniúchadh nó cóip de a fháil.
(10) Is i bhFoirm 96 a dhéanfar iarratas chun cóip a iniúchadh nó a fháil faoin riail seo.
(11) Sula ligfidh sé do dhuine a éileoidh cead iniúchta faoi Riail 159 aon doiciméad a iniúchadh, féadfaidh an tÚdarás cibé fiosrúcháin a dhéanamh agus cibé fógraí a thabhairt a mheasfaidh sé a bheith oiriúnach. Is i bhFoirm 97 a bheidh fógra faoin riail seo.
Cuardach oifigiúil
160. (1) Féadfaidh duine ar bith a iarraidh ar an Údarás cuardach oifigiúil a dhéanamh agus deimhniú a thabhairt-
(a) an bhfuil duine ainmnithe ar taifead san ainmthreoir do chontae agus, má tá, cad é fóilió-thagairt an chláir ina bhfuil ainm an duine sin;
(b) an bhfuil úinéireacht dáileachta talún, a thaispeántar ar cibé léarscáil a cheadóidh an tÚdarás, ar taifead i gclár na húinéireachta ar thalamh ruílse, nó an bhfuil úinéireacht aon leasa léasaigh, nó aon chirt sa dáileacht nó chuici nó thairsti, ar taifead i gclár na húinéireachta ar leasanna léasacha nó sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht;
nó
(c) i dtaobh na dtaifead a cuireadh i gclár nó i léarscáil clárlainne ó céadchláraíodh an mhaoin, nó i rith aon tréimhse shonraithe ina dhiaidh sin.
(2) Is i bhFoirm 88, 89 nó 90 nó ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás, dé réir mar a bheidh, a fhoréileofar an cuardach.
(3) Is i bhFoirm 91 nó 92 nó ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás, de réir mar a bheidh, a bheidh an deimhniú ar thoradh an chuardaigh.
Taifead tosaíochta
161. (1) Duine a rinne conradh chun maoin chláraithe a cheannach nó a thógáil ar léas, nó chun iasacht airgid a thabhairt ar urrús muirir ar an maoin sin, féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an Údarás taifead a chur sa chlár de bhun Alt 108 den Acht.
(2) Is i bhFoirm 93 a dhéanfar iarratas faoin riail seo.
(3) Aon iarratas chun an Údaráis chun taifead tosaíochta a chlárú, féadfar é a dhéanamh trí mheán leictreonach más deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí i bhfeidhm.
(4) Is i bhFoirm 94 nó ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás a bheidh seirbheáil an fhógra i dtaobh an iarratais sin.
(5) Is i bhFoirm 95 a bheidh an taifead.
(6) Féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh chun an taifead tosaíochta a chealú sula mbeidh an dáta éagtha caite. Féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.
Éifeacht taifid tosaíochta
162. (1) Má bhíonn taifead tosaíochta cláraithe ag duine atá le bheith ina cheannaitheoir nó ina ceannaitheoir, ina léasaí, nó ina mhuirearaí nó ina muirearaí, gheobhaidh iarratas uaidh nó uaithi go gclárófaí ionstraim chomhlánaithe an cheannaigh, an léasa nó an mhuirir an tosaíocht a shonraítear in Alt 108(2) den Acht, ar an gcoinníoll go bhfuil an t-iarratas in ord faoi na Rialacha seo agus go seachadfar í sa Chlárlann laistigh de thréimhse 44 lá tar éis dháta an taifid tosaíochta.
(2) Má fhaightear iarratas ar chlárú ó aon duine eile tar éis dháta an taifid agus sula ndéanfaidh an duine atá le bheith ina cheannaitheoir nó ina ceannaitheoir, ina léasaí, nó ina mhuirearaí nó ina muirearaí an t-iarratas ar chlárú de réir mhír (1) den riail seo, cuirfear an t-iarratas sin, chun críche thosaíocht a chláraithe, i ndiaidh iarratas an duine atá le bheith ina cheannaitheoir nó ina ceannaitheoir, ina léasaí, nó ina mhuirearaí nó ina muirearaí.
Tosaíocht i gcás dhá thaifead tosaíochta nó níos mó a dhéanamh
163. I gcás dhá thaifead tosaíochta, nó níos mó, a dhéanamh de bhun Alt 108, gabhfaidh na taifid sin, chomh fada is a bhaineann leis an tosaíocht a thugtar leo, éifeacht san ord ina bhfuarthas na hiarratais sa Chlárlann nó inar measadh, de bhun Riail 58, iad a sheachadadh.
Gan aturnae ná duine eile a bheith freagrach as earráid i gcuardach oifigiúil
164. Ní bheidh aturnae ná duine eile a gheobhaidh deimhniú de thoradh cuardach oifigiúil freagrach as aon chaillteanais a tharla de dheasca aon earráid ann.
Cuardach ag an bpobal
165. (1) Féadfaidh duine ar bith, ar an táille fhorordaithe a íoc, cuardach a dhéanamh sna léarscáileanna clárlainne, san ainmthreoir, sa mhaointreoir, agus i bhfóiliónna na gclár le linn na n-uaireanta an chloig a bheidh an Chlárlann ar oscailt don phobal.
(2) Más deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí i bhfeidhm chun cuardach a dhéanamh trí mheán leictreonach, féadfar cuardach den sórt sin a dhéanamh le linn cibé uaireanta an chloig a ordóidh an tÚdarás.
(3) Féadfar cóipeanna d’fhóiliónna nó de léarscáileanna, nó sleachta as fóiliónna nó léarscáileanna a fháil ar an táille fhorordaithe a íoc. Más i bhfoirm leictreonach atá an clár nó aon chuid de, féadfar atáirgeadh i bhfoirm páipéir a eisiúint mar chóip.
Gan imeachtaí a dhul ar ceal
166. Más rud é, i gcás aon iarratas ar chlárú, go dtarlóidh bás, tarchur nó athrú leasa sula mbeidh an clárú déanta, ní rachaidh na himeachtaí ar ceal, ach féadfaidh aon duine a bheidh i dteideal clárú a iarraidh leanúint de na himeachtaí sin.
Fianaise in imeachtaí
167. Féadfar fianaise in aon imeacht sa Chlárlann a thabhairt trí mhionnscríbhinn nó, lasmuigh de chás ina bhforordaíonn an tAcht mionnscríbhinn, trí dhearbhú reachtúil, agus féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é, fianaise ó bhéal os a chomhair a ghlacadh faoi mhionn, agus daoine a chur faoi mhionn.
Mionnscríbhinní agus dearbhuithe reachtúla in imeachtaí
168. (1) Féadfar mionnscríbhinn, nó dearbhú reachtúil, chun críche aon imeacht sa Chlárlann, a mhionnú nó a ghlacadh os comhair an Údaráis, aon chomhalta d’fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe go cuí aige agus ag an Aire, nó os comhair aon duine a bheidh údaraithe de réir dlí chun daoine a mhionnú nó i gcás dearbhú reachtúil, aon duine a bheidh údaraithe de réir dlí chun dearbhuithe reachtúla a ghlacadh.
(2) Is mar atá i bhFoirm 1 nó 10, de réir mar is gá sa chás, a bheidh an teideal ar mhionnscríbhinn le haghaidh úsáid in imeachtaí sa Chlárlann, agus beidh an mhionnscríbhinn i gcomhréir go ginearálta leis na forálacha maidir le foirm, jurat, idirlíniú, athrú agus scriosadh, atá i Rialacha na nUaschúirteanna i dtaobh mionnscríbhinní le haghaidh úsáid san Ard-Chúirt.
Foirm na bhfógraí a eiseofar
169. (1) Gach fógra a eiseofar nó a chuirfear amach ón gClárlann (ach amháin fógraí go bhfuarthas ionstraimí, iarratais, gur comhlánaíodh clárú, nó fógraí foirmiúla dá samhail sin), ceapfaidh sé tréimhse chun gníomh nó beart a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh leis an bhfógra, agus luafar ann cad a tharlóidh mura gcomhlíontar é.
(2) Luafar freisin san fhógra cad é an dóigh, agus cad é an tréimhse, ina mbeidh aon fhreagra, agóid nó cumarsáid, más ann, de dhroim an fhógra, le cur isteach, agus an seoladh a mbeadh sin le seachadadh ann nó le cur chuige nó chuici.
(3) D’ainneoin fhorálacha Alt 106(1) den Acht, féadfaidh duine ar bith, más áil leis nó léi é, trí sheoladh a bheith aige nó aici, lena n-áirítear (más cuí leis nó léi é) seoladh a aturnae nó a haturnae, nó a ghnólachta aturnaetha nó a gnólachta aturnaetha san áireamh, a mbeidh gach fógra agus gach cumarsáid eile le seirbheáil ag gach seoladh díobh.
Seirbheáil fógraí
170. Gach fógra is gá de réir an Achta nó na Rialacha seo a thabhairt do dhuine ar bith, féadfar é a chur leis an bpost i litir réamhíoctha nó trí chumarsáid leictreonach chuig seoladh leictreonach, mura n-ordóidh an tÚdarás é a chur le litir chláraithe nó seirbheáil phearsanta a dhéanamh.
Gach fógra a sheirbheálfar
171. Gach fógra a sheirbheálfar, measfar é a bheith faighte-
(a) má chuirtear leis an bpost é, laistigh de thrí lá ag an duine ar seoladh chuige nó chuici é, gan lá a churtha sa phost a áireamh, d’éagmais fianaise chontrártha dó sin, nó, mura seoladh sa Stát é, laistigh de cibé tréimhse a luafar san fhógra agus a chinnfidh an tÚdarás; agus is dá réir sin a ríomhfar an tréimhse a chinn an fógra chun beart a dhéanamh faoi;
(b) más rud é go gcuirtear go leictreonach é, laistigh de 1 lá ó dháta eisiúna na cumarsáide leictreonaí, agus nach bhfuarthas séanadh ón seoladh leictreonach gur glacadh leis an gcumarsáid leictreonach.
An nós imeachta i gcás fógra a cuireadh leis an bpost a aischur
172. Má chuireann oifig an phoist ar ais litir le fógra inti, féadfaidh an tÚdarás a cheangal go dtabharfar fógra éigin eile, nó féadfaidh sé a údarú seirbheáil ionadach a dhéanamh i leith an fhógra, nó féadfaidh sé dul ar aghaidh gan a thuilleadh fógra má mheasann sé, sna himthosca, gur cuí sin.
Fógra, toghairm, nó ordú a sheirbheáil go pearsanta
173. (1) Déanfar fógra nó toghairm nó ordú ón Údarás a sheirbheáil go pearsanta tríd an bhfógra nó an toghairm nó, i gcás ordú, trí chóip shéalaithe den ordú, a sheachadadh ar an duine ar ordaíodh é a sheirbheáil air nó uirthi. Cruthófar an tseirbheáil le mionnscríbhinn.
(2) Mura féidir seirbheáil phearsanta a dhéanamh, nó má thaispeántar nach bhfuil sí indéanta go réasúnach, féadfaidh an tÚdarás a ordú cibé seirbheáil ionadach a dhéanamh is leor leis in imthosca an cháis áirithe.
Ceisteanna a chinneadh
174. Má éiríonn aon cheist, deacracht nó díospóid le linn imscrúdú teidil nó clárú nó imeachtaí eile sa Chlárlann, féadfaidh an tÚdarás fógra a thabhairt do gach duine leasmhar freastal os a chomhair lá agus am a luafar san fhógra chun an t-ábhar a bhreithniú; agus, ag an am ceaptha, cinnfidh sé an cheist nó, má bhíonn amhras air ina taobh, cuirfidh sé faoi bhráid na cúirte í mar a mhínítear in Alt 18 den Acht lena cinneadh.
Toghairm ón Údarás
175. (1) Is i bhFoirm 87 a bheidh toghairm ón Údarás faoi Alt 16 den Acht.
(2) I gcás an toghairm a sheirbheáil ar aon duine nach bhfuil sé de cheangal air nó uirthi freastal ar a chostas féin nó ar a costas féin, déanfar freisin, sa mhionnscríbhinn á chruthú gur seirbheáladh an toghairm, cruthúnas a thabhairt gur íocadh leis an duine a toghaireadh, nó gur tairgeadh dó nó di, na costais réasúnacha a bhain lena fhreastal nó lena freastal.
(3) Is cuid de chostais an iarratasóra san ábhar na costais réasúnacha a bhain le freastal duine ar bith de bhun toghairm maidir le clárú.
Cumhachtaí an Údaráis faoi Ailt 16 agus 94 den Acht
176. Beidh ag an Údarás na cumhachtaí a thugtar dó le hAilt 16 agus 94 den Acht i ngach imeacht sa Chlárlann chun úinéireacht maoine nó ualach uirthi a chlárú, nó inar gá teideal a scrúdú lasmuigh de na cláir.
Costas imeachtaí os comhair an Údaráis
177. (1) Beidh costais aon imeachtaí le linn éisteacht os comhair an Údaráis faoi rogha an Údaráis, agus féadfaidh sé a ordú cé a íocfaidh agus cé leis nó léi a n-íocfar iad.
(2) Faoi réir fhorálacha Alt 100(2) den Acht, agus mura gcomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, déanfar na costais a fhómhas.
(3) I gcás ina mbeidh costais infhómhais, déanfaidh Máistir Fómhais don Ard-Chúirt fómhas orthu, agus bainfidh Rialacha na nUaschúirteanna de thuras na huaire i dtaobh fómhais leis na costais sin ionann is dá mba Oifig den Ard-Chúirt Clárlann na Talún.
(4) Le linn costais a fhómhas, tabharfaidh an Máistir Fómhais aird ar an nós imeachta a fhorordaítear leis an Acht agus leis na Rialacha seo, agus dícheadóidh sé nó sí costais aon doiciméid nó aon chuid de dhoiciméad a mheasfaidh sé nó sí a bheith neamhriachtanach nó fadálach ag féachaint don fhoirm fhorordaithe agus don nós imeachta agus don éifeacht a ghabhann le clárú faoin Acht.
Ordú i leith costas a fhorfheidhmiú
178. Féadfar ordú ón Údarás chun costais a íoc a fhorfheidhmiú ar an modh a fhoráiltear le hAlt 20 den Acht chun orduithe ón Údarás a fhorfheidhmiú.
Cinntí an Údaráis a thaifeadadh
179. (1) Gach cinneadh a thabharfaidh an tÚdarás á dhiúltú úinéireacht, ualach, fógra nó taifead eile a iarrfar a thaifeadadh i gclár, tabharfaidh sé é trí rialú a shíneoidh sé, agus a thaifeadfar i leabhar rialuithe a choimeádfar chuige sin.
(2) Gach cinneadh eile (nach ordú) a thabharfaidh an tÚdarás, taifeadfar é mar rialú i leabhar na rialuithe, ar iarratas ó dhuine ar bith ar mian leis nó léi achomharc a dhéanamh.
(3) Tagróidh gach rialú do na doiciméid ar a ndearnadh é, agus luafaidh sé forais an chinnte a tugadh.
An nós imeachta i gcás Achomhairc chun na Cúirte
180. Féadfar Achomhairc chun na Cúirte faoi Alt 19(1) den Acht a dhéanamh-
(a) I gcás achomharc chun na hArd-Chúirte trí fhógra foriarratais agus mionnscríbhinn fhorais a chomhdú leis an gCláraitheoir Cúirte de réir Ordú 96 de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986, a fhéadfaidh a ordú go seirbheálfaí an fógra foriarratais agus an mhionnscríbhinn fhorais sin ar cibé páirtithe eile is gá;
(b) I gcás Achomharc chun na Cúirte Cuarda trí fhógra foriarratais agus mionnscríbhinn fhorais a chomhdú de réir Ordú 51 de Rialacha na Cúirte Cuarda, 1950.
Ceisteanna a chur faoi bhráid na cúirte
181. (1) Aon ordú a dhéanfaidh an tÚdarás ag cur ceist dlí nó fíorais faoi bhráid na cúirte faoi Alt 19(2) den Acht nó aon iarratas a dhéanfar chun na cúirte faoi Alt 21(2) den Acht, féadfar, más cuí leis an Údarás é, meabhrán faoina shíniú a chur i gceangal leis a mbeidh ráiteas gearr ann ar na fíorais agus na doiciméid ábhartha as ar éirigh an cheist atá á cur faoi bhráid na cúirte.
(2) Féadfar a rá san ordú cad é an cheist dlí nó fíorais atá le cinneadh ag an gcúirt agus a ordú cé atá leis an ábhar a thabhairt os comhair na cúirte agus cé hiad na daoine a bhfuil fógra faoin iarratas chun na cúirte le tabhairt dóibh.
(3) Má fheictear don Údarás gur bhain moill mhíchuí le hábhar a tharchuir sé chun na cúirte a thabhairt os comhair na cúirte lena chinneadh, féadfaidh sé, le hordú, cúram na n-imeachtaí a aistriú ón duine dár tugadh é chun duine leasmhair éigin eile, nó féadfaidh sé a ordú a chealú agus na himeachtaí ina ndearnadh an tarchur a áireamh mar imeachtaí tréigthe.
Cumhachtaí ginearálta an Údaráis
182. Féadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, an tréimhse a cheaptar leis na Rialacha seo a fhadú nó na rialacháin a dhéantar leo a mhaolú, agus féadfaidh sé, tráth ar bith, aon imeachtaí a chur ar atráth. Más dóigh leis tráth ar bith gur gá nó gurb inmhianaithe doiciméid nó fianaise bhreise a chur ar fáil, nó aon fhógra a thabhairt, féadfaidh sé diúltú dul ar aghaidh go dtí go ndéanfar na doiciméid, an fhianaise nó an fógra a sholáthar nó a thabhairt.
Cumhacht chun imeachtaí a áireamh mar imeachtaí a tréigeadh
183. Má bhítear gan aon bheart a dhéanamh ar feadh tréimhse míosa in ábhar atá ar feitheamh sa Chlárlann, féadfaidh an tÚdarás fógra a thabhairt don iarratasóir nó dá aturnae nó dá haturnae go n-áireofar an t-ábhar mar ábhar a tréigeadh mura rachfar ar aghaidh leis go cuí laistigh de thréimhse a luafar san fhógra agus, ar an tréimhse sin a bheith caite, féadfaidh sé an t-ábhar a áireamh mar ábhar a tréigeadh mura ndeachthas ar aghaidh leis.
An duine a gcuirfear iarratas ar chúiteamh chuige nó chuici
184. Is i scríbhinn, i bhFoirm 98, chun an Údaráis a dhéanfar gach iarratas ar chúiteamh as an bPríomh-Chiste (faoi Alt 120 den Acht), agus cuirfear dhá chóip in éineacht leis.
Na nithe a bheidh san iarratas ar chúiteamh
185. Ní foláir gach iarratas ar chúiteamh a bheith sínithe ag an éilitheoir, nó ag a aturnae nó a haturnae, agus na nithe seo a leanas a bheith ann-
(a) sonraí na maoine a bhfuiltear ag éileamh cúitimh mar gheall ar a cailleadh;
(b) sonraí na hearráide, nó an bhrionnaithe nó na calaoise is bonn don éileamh;
(c) sonraí an chaillteanais;
(d) seoladh sa Stát a bhféadfar gach fógra agus cumarsáid le haghaidh an éilitheora a chur chuige, agus ní foláir é a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ón éilitheoir nó, le cead an Údaráis, ó dhuine éigin thar ceann an éilitheora a bhfuil eolas aige nó aici ar na fíorais.
Cearta inchláraithe i dtalamh
186. Forordaítear de bhun Alt 8(b)(ii) den Acht, go bhféadfar úinéireacht na gceart seo a leanas i dtalamh a thaifeadadh sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b)-
(a) aon léas ar oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán;
(b) aon mhuirear, cibé uair a bunaíodh é, a chláraítear mar ualach;
(c) aon mhorgáiste breithiúnais a chláraítear mar ualach;
(d) aon leas a chosnaítear faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 2004.
Oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán
187. (1) Clárófar mar úinéir le teideal iomlán iarratasóir a iarrfaidh clárú ar úinéireacht oidhreachtáin neamhchorpraigh atá ar teachtadh i gcomhlán, má thugann an tÚdarás formheas ar theideal chun leas an deontaí agus chun leas an deontóra agus chun uasleas nó leas idirmheánach ar bith a bheadh ar marthain.
(2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta, go raibh sa chlárú ar úinéireacht oidhreachtáin neamhchorpraigh a bhí ar teachtadh i gcomhlán nóta á rá gur imscrúdaíodh teideal an deontóra chun an deonú a dhéanamh agus go bhfuarthas gur theideal bailí é, measfar gur teideal iomlán an teideal chun leas an deontaí. Mura bhfuil aon nóta den sórt sin ann, measfar an teideal a bheith ina theideal sealbhach.
(3) Má dhéanann an t-úinéir ar mhaoin a cláraíodh le teideal iomlán, nó sealbhach nó srianta, oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán a dheonú, measfar mar an gcéanna teideal úinéir cláraithe an oidhreachtáin neamhchorpraigh sin a bheith ina theideal iomlán, sealbhach nó srianta, cibé acu é.
(4) Má chláraítear duine mar chéad lán-úinéir ar oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán le teideal sealbhach, ní dhéanfaidh sin difear ná dochar d’fheidhmiú aon chirt (cibé acu i leith theideal an deontóra nó eile é) codarsna do theideal an deontóra nó an duine sin, nó de mhaolú ar a theideal nó ar a teideal atá ar marthain nó arbh fhéidir dó teacht chun bheith ann tráth an chláraithe ach, lasmuigh dá bhfuil ráite roimhe seo, beidh éifeacht aige is ionann agus clárú le teideal iomlán.
Feidhm an Achta ar oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán
188. Faoi réir Riail 187, beidh feidhm ag na forálacha den Acht a bhaineann le clárú an teidil chun maoine agus na n-ualaí a luíonn ar mhaoin chláraithe, ach amháin na cinn lena mbaineann Alt 73, maidir le clárú sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht i gcás úinéireacht gach uile oidhreachtán neamhchorprach atá ar teachtadh i gcomhlán de bhun fhorálacha an Achta sin agus na Rialacha seo, arna modhnú mar a leanas-
(a) Cuirfear tagairt do thalamh a chuimsíonn oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán in ionad tagairtí do thalamh nó do thailte nó do thalamh ruílse mar a bhfuil siad sin sna forálacha sin agus de réir mar a éileoidh an comhthéacs é;
(b) Na hualaí a shonraítear in Alt 69(1)(b), (h), (j), (m), (n) agus an chuid sin den ualach a shonraítear ag (q), eadhon, “nó ceart cónaithe (cibé acu ceart eisiatach cónaithe é nó nach ea)”; agus d’Alt 72(1)(b), (h), (n) agus (o), eisiafar iad ó na hailt sin ina bhfeidhm maidir leis an oidhreachtán sin, ach déanfar na coinníollacha, na heastáit, na cearta agus na leasanna, más ann, a shonraítear sa deontas lenar bunaíodh an t-oidhreachtán a áireamh mar ualaí a bhfuil oidhreachtán cláraithe den sórt sin faoina réir, bíodh nár cláraíodh iad.
Feidhm an Achta ar chearta seachas oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán
189. Na forálacha den Acht a bhaineann le clárú an teidil chun talún (ach amháin na cinn maidir le clárú úinéireachtaí teoranta, le haistriú talún agus le hualaí atá, gan a gclárú, le luí ar thalamh cláraithe), agus na forálacha d’Alt 64 a bhaineann le haistriú muirear, beidh feidhm acu ar chlárú sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht, i gcás an teidil chun na gceart i dtalamh a shonraítear ag (b) agus (c) de Riail 186, arna modhnú mar a leanas-
(a) cuirfear tagairtí do cheart nó do chearta, nó do na cearta, nó do cheart cláraithe nó don cheart cláraithe, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, in ionad na dtagairtí do thalamh nó do thailte, nó do thalamh ruílse nó do thalamh cláraithe, agus sna forálacha den Acht a bhaineann le muirir cuirfear tagairt do cheart in ionad tagairt do
mhuirear;
(b) is é nó is í an duine a fhéadfar a chlárú mar úinéir ar cheart den sort sin ná an duine a bhfuil an ceart dílsithe dó nó di go hiomlán, cibé acu chun tairbhe dó féin nó di féin nó mar iontaobhaí é;
(c) cuirfear “an chirt” in ionad “talún ruílse le teideal iomlán”, agus cuirfear “an ceart” in ionad “eastát i bhfeo simplí sa talamh, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a bhaineann nó atá comhghabhálach leis sin”, in Alt 37(1);
(d) ní dhéanfaidh an teideal a thabharfaidh clárú d’úinéir ar cheart den sórt sin difear ná dochar d’fheidhmiú aon chirt eile a bhaineann leis an talamh a bhfuil an ceart cláraithe ina ualach air i dtosaíocht, nó de mhaolú, ar an gceart cláraithe atá ar marthain nó arbh fhéidir dó
teacht chun bheith ann tráth an chéad-chláraithe;
(e) ní bheidh clárú úinéara morgáiste breithiúnais ina bharánta gurb ualach bailí é ar an maoin a dtuairiscítear sa chlár go ndéanann an ceart difear di;
(f) beidh na hualaí go léir in Alt 72 eisiata ón alt sin ina fheidhm maidir le ceart cláraithe den sórt sin, agus déanfar “aon chirt eile” a shonraítear i mír (e) a áireamh ansin mar ualaí a bhfuil ceart cláraithe den sórt sin faoina réir, bíodh nár cláraíodh iad.
Malartú faoi Alt 46 den Acht Talmhan, 1923
190. Nuair a dhéanfar, de bhun Alt 46 den Acht Talmhan, 1923, maoin (dá ngairtear “an gabháltas bunaidh” sa riail seo agus i Rialacha 191 agus 192) a mhalartú leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar mhaoin (dá ngairtear “an gabháltas nua” sa riail seo agus i Rialacha 191 agus 192), luafar san ordú dílseacháin nó san ionstraim eile lena n-aistrítear an gabháltas nua cé acu atá nó nach bhfuil an talamh faoi réir blianacht talamh-cheannaigh agus tagrófar ann d’uimhir an fhóilió de chlár an ghabháltais bunaidh.
Éifeacht an chláraithe ar an malartú
191. (1) An duine ab úinéir cláraithe ar an ngabháltas bunaidh nuair a taisceadh an t-aistriú nó na haistrithe nó an t-ordú dílseacháin nó na horduithe dílseacháin (cibé acu é), clárófar é nó í mar lán-úinéir nó úinéir teoranta ar an ngabháltas nua, de réir mar ba lán-úinéir nó úinéir teoranta ar an ngabháltas bunaidh é nó í.
(2) Féadfar ainmnitheach arna cheapadh nó arna ceapadh ag Coimisiún na Talún nó ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara faoina chumhachtaí reachtúla nó faoina cumhachtaí reachtúla a chlárú mar lán-úinéir le teideal sealbhach.
(3) Taifeadfar i bhfóilió an ghabháltais nua na hualaí (seachas ualaí a urscaoileadh faoi Acht 1923 leis an aistriú nó leis an ordú dílseacháin, cibé acu é) a thaispeántar i bhfóilió an ghabháltais bunaidh. Beidh an gabháltas nua faoi réir na n-ualaí a chlárófar amhlaidh, agus aon ualaí a dhéanann difear dó, gan a gclárú.
Clárú le teideal sealbhach
192. Más dealraitheach ón gclár nár fionnadh cad iad na hualaí a tháinig ann trína mheas go bhfuil an leas a dílsíodh do cheannaitheoir an ghabháltais bunaidh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh ina ghreamacht ar a leas roimhe sin sa ghabháltas sin, clárófar úinéireacht an ghabháltais nua le teideal sealbhach.
Fógraí atá le tabhairt
193. Ar úinéireacht an ghabháltais nua a chlárú, cuirfidh an tÚdarás chuig na daoine go léir a dtaispeántar ar fhóilió an ghabháltais bunaidh gurb úinéirí iad ar ualaí a aistrítear chun an ghabháltais nua, fógra gur aistríodh a n-ualaí chun an ghabháltais nua agus gur cláraíodh iad.