Achtanna an Oireachtais
Baineann an reachtaíocht atá liostáilte thíos le clárúchán maoine go sonrach agus is cuid é den bhonn ar a ndéantar clárúcháin.
Is ann do dhá chineál reachtaíochta, reachtaíocht phríomhúil i. Achtanna an Oireachtais, agus reachtaíocht thánaisteach, i bhfoirm Ionstraimí Reachtúla.
Tá an áirithe sin Treoracha Cleachtais agus Fógraí Oifige Dlí foilsithe ag an tÚdarás Clárúcháin Maoine mar threoirlínte ginearálta dár gcleachtais agus dár bpróisis. Cé gur déanadh tiomsú go réasúnta cáiréiseach ar na Treoracha Cleachtais agus ar na Fógraí Oifige seo, is chun treorach amháin iad agus níl aon éileamh á dhéanamh maidir lena gcruinneas ná a n-iomláine.
Cuirtear ar a súile d’úsáideoirí nach ionann nasc do Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an suíomh greásáin seo agus comhartha go raibh, ná go bhfuil i láthair na huaire, aon fholáireamh ar leith i reacht nó in ionstraim reachtúil i bhfeidhm. Moltar duit an séanadh ar shuíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann maidir leis an ábhar uile a fhoilsítear ar an suíomh sin, a léamh.
An tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011
An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha 2009