Logáil isteach How to Subscribe

Tá na teorainneacha digitithe do Chontae na Gaillimhe imithe beo anois

Tá na teorainneacha digitithe do Chontae nGaillimhe imithe beo anois

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil na sonraí dáileachta talún do Chontae na Gaillimhe ar fáil chun scrúdú a dhéanamh orthu ar líne anois.

Tá digitiú déanta ar na 26 chontae anois!

Tá cur síos ar na hEochracha Eolais agus na Siombailí mar atá ar na “Pleananna Teidil” foilsithe ar an suíomh seo.

Is iad na gnéithe is coitianta ná:

  • Léirítear dáileachtaí ruílse i ndearg
  • Léirítear dáileachtaí léasacha in uaine
  • Léirítear dáileachtaí foléasacha i gcorcra
  • Léirítear ceart slí/cead slí cláraithe i mbuí.


Mar thoradh air sin, cuirfear socruithe nua, cosúil leis na cinn atá i bhfeidhm don Longfort, don Mhí, do Cheatharlach, don Iarmhí, do Chill Chainnigh, do Loch Garman, don Chlár, don Lú, do Chill Mhantáin, do Ros Comáin, do Bhaile Átha Cliath, do Chill Dara, do Shligeach, do Chabhán, do Chorcaigh, do Luimneach, do Mhaigh Eo, do Dhún na nGall ,do Liatroim, do Chiarraí, do Laois, do Mhuineacháin, do Thiobraid Árann, d’Uíbh Fhailí agus do Phort Lairge ar bun gan mhoill maidir le léarscáileanna Phlean Teidil a úsáid do mhaoin chláraithe i gcontae na Gaillimhe.

Tá an sceideal do rollú amach dhigitiú na sonraí teorann de réir chlár Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann chun a táirge léarscáile digití a nuashonrú agus tá sé leagtha amach ar ár Learscáil den Dul Chun Cinn.

Arna fhoilsiú an 12 Márta 2007 agus arna nuashonrú an uair dheireanach an 30 Iúil 2010.


landdirect.ie

Ní mór cuntas agus pasfhocal landdirect.ie a fháil sula n-úsáideann tú an tseirbhís. Muna bhfuil tú liostáilte cheana, gliogáil anseo le sonraí Liostála agus cóipeanna de na foirmeacha liostála a fháil.

Uaireanta Fála

Rinneadh uaireanta fála landdirect.ie a mhéadú. Tá an tseirbhís ar fáil anois ó 7.00r.n. go dtí 8.00i.n. Dé Luain go Dé hAoine, gan laethanta saoire poiblí san áireamh agus ó 7.00r.n. go dtí nóin ar an Satharn.



Information on the Irish State Citizens Information