landdirect.ie - Riachtanais Theicniúla

Tá seirbhís ar líne an Údaráis Chlárúcháin Maoine landdirect.ie bunaithe ar theicneolaíocht Gréasáin a úsáidtear go forleathan. Beidh sé éasca d’úsáideoirí a bhfuil cur amach acu ar 'chuma agus stíl' feidhmchlár Idirlín eile an tseirbhís a úsáid.

Is é a theastaíonn ó chustaiméirí atá ag iarraidh an tseirbhís landdirect.ie a úsáid ná:

  • Brabhsálaí Gréasáin atá cumasaithe do Java. Oibríonn na bogearraí landdirect.ie i láthair na huaire mar shraith de chláiríní freastalaí Java a fhilleann aschur html ar stáisiún oibre an chustaiméara. Braitheann tacaíocht do bhrabhsálaithe Web áirithe ar an gcóras oibriúcháin forluiteach atá ag déantúsóir do stáisiúin oibre agus d’fhéadfadh go mbeadh gnéithe taispeána áirithe difriúla ag brabhsálaithe éagsúla. Baineann na cúrsaí sin le díoltóirí brabhsálaí go sonrach agus níl siad faoi smacht an ÚCM. Rinneamar tástáil rathúil ar rochtain agus fheidhmiúlacht, áfach, ó na leaganacha seo a leanas de bhrabhsálaithe coitianta:
 
Windows 2000Windows XP and XP ProfessionalVistaApple OS X 10.5.4
IE 6IE 6 - 8IE 7 - 8Firefox 1.5 - 5.0
Firefox 1.5Firefox 1.5 - 5.0Firefox 5.0Safari 3.1.2 - 4.0.3
Opera 8.5Opera 8.5 - 9.6Opera 9.6 
Netscape 8.0Netscape 8.0 - 9Netscape 9 
 Safari 3.1.2Safari 3.1.2 
 Google Chrome leagan 8Google Chrome leagan 8 
 Avant leagan 11.7Avant leagan 11.7 
    
    
  • Adobe Reader, Leagan 6 nó níos airde. Déantar fóiliónna agus taifid eile an ÚCM a íoslódáil ar do ríomhaire trí Fhormáid Doiciméad Iniompartha (PDF) a úsáid agus, mura bhfuil sé agat cheana, beidh ort an Adobe Reader a íoslódáil atá ar fáil saor in aisce ó láithreán gréasáin Adobe ag http://www.adobe.com.

Toisc go soláthraíonn seirbhís landdirect.ie rochtain ar léarscáileanna, aer-ghrianghrafadóireacht agus íomhánna scanta de thaifid an ÚCM, moltar go mbeadh ceangal Idirlín leathanbhanda agat.

Ba cheart an bacaire míreanna aníos i do bhrabhsálaí a chur as toisc go gcuireann sé cosc ar an ngné ‘Loga Gníomhaíochta’ i landdirect.ie

Chun seirbhísí ón léarscáil dhigiteach a bharrfheabhsú, dearadh landdirect.ie chun oscailt i bhfuinneog den mhéid seo a leanas: airde = 715 picteilín agus leithead = 1024 picteilín. Freisin dearadh an tseirbhís le hoibriú ar mhonatóirí a bhfuil taifeach de 1024 x 768 nó níos airde acu. Beidh custaiméirí a bhfuil monatóirí níos mó acu in ann oibriú ag 1280 x 1024 nó níos airde. 

Leis seo admhaítear gach trádmharc mar mhaoin a gcuid úinéirí faoi seach.

Féach eile Compatibility Issues (níl leagan Gaeilge ar fáil fós).


Tugadh an doiciméad seo suas chun dáta den uair dheireanach ar 10 Deireadh Fómhair 2011