Ráiteas Príobháideachta – landdirect.ie
Réamhrá
Baineann an ráiteas seo leis an mbeartas i leith príobháideachta atá ag an Údarás Clárúcháin Maoine (‘An tÚCM, ‘muidne’, ‘ár’) go háirithe i ndáil leis an láithreán Gréasáin seo www.landdirect.ie amháin. Féadfaidh láithreáin ghréasáin eile atá á bhfeidhmiú ag an ÚCM, dála www.prai.ie agus www.eregistration.ie, a mbeartas féin a bheith acu i leith príobháideachta agus tá na beartais sin foilsithe ar na láithreáin sin.
Do Cheart chun Príobháideachta
Tá meas againn go hiomlán ar do cheart chun príobháideachta maidir le d'idirghníomhaíochtaí ar an láithreán Gréasáin seo.
Eolas Pearsanta a Bhailiú agus a Úsáid
Féadfaidh an tÚCM eolas a bhailiú faoin Sealbhóir Cuntais landdirect.ie chuige seo a leanas:
· ionas go mbeadh rochtain ar sheirbhís agus ar chóras landirect.ie agus úsáid na seirbhíse agus an chórais sin níos éasca (má tá an Sealbhóir Cuntais ceadaithe bheith ina S(h)ealbhóir Cuntais)
· chun cuidiú leis an Sealbhóir Cuntais a C(h)untas a riar
· chun cuidiú leis an ÚCM a chinntiú go dtugtar cead do gach Úsáideoir an leibhéal Rochtana iomchuí a bheith aige/aici
· chun cuidiú leis an ÚCM a chinntiú go bhfuil an tÚsáideoir Cuntais ag baint úsáide as an gCóras ar bhealach iomchuí
· chun críocha tuairiscithe agus staitistiúla, agus chun aon chríche eile atá dlíthiúil lena n-áirítear oibleagáidí dlíthiúla an ÚCM a chomhlíonadh.
Caithfear le haon eolas a chuireann tú ar fáil le linn do chuairte leis na caighdeáin chuí slándála agus rúndachta agus cloífear go daingean le téarmaí na reachtaíochta um Chosaint Sonraí atá i bhfeidhm ag an am. Tá an PRA cláraithe le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise. Más mian leat aon cheist a phlé maidir le próiseáil eolais phearsanta ar an láithreán gréasáin seo, scríobh chuig:
Margaret Mulhair, An tÚdarás Clárúcháin Maoine, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7.
ríomhphost: margaret.mulhair@prai.ie
Aithníonn agus aontaíonn an Sealbhóir Cuntais go bhféadfadh an tÚCM, i gcásanna áirithe, ceangal a bheith air sonraí a nochtadh i ndáil leis le tríú páirtithe; mar shampla chun cloí le haon cheanglais dlí nó le haon phróiseas dlíthiúil.
Aon uair tar éis eolas pearsanta a thabhairt dúinn, má théann an t-eolas as dáta, is féidir leat fógra a thabhairt dúinn, athróimid an t-eolas laistigh de thréimhse réasúnta; féach thíos maidir le Sonraí Teagmhála a Dhíliostáil agus a Nuashonrú.
Eolas Teicniúil a Bhailiú agus a Úsáid
Déantar sonraí teicniúla áirithe maidir le cuairteanna ar an láithreán Gréasáin seo a logáil ar mhaithe le staitisticí. Ní bhailítear aon eolas a d'fhéadfaí a úsáid le cuairteoirí ar an láithreán Gréasáin a aithint agus níl i gceist leis na sonraí teicniúla ach na rudaí seo a leanas:
• seoladh IP. Nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán Gréasáin seo, www.prai.ie, d'fhéadfaimis do sheoladh Prótacail Idirlín (IP) (an seoladh uathúil a aithníonn do ríomhaire ar an Idirlíon) a logáil go huathoibríoch. D'fhéadfaimis seoltaí IP a úsáid le cabhrú linn lenár láithreán Gréasáin a riaradh ach ní cheanglaímid seoltaí IP le heolas a d'fhéadfaí a aithint go pearsanta.
• an t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org)
• seoladh an láithreán Gréasáin a d'úsáid an cuairteoir le muid a bhaint amach, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh.
• an dáta agus an t-am a fuarthas rochtain ar ár láithreán
• sonraí de chineál 'clicsrutha' (clickstream) a thaispeánann trácht cuairteoirí ar fud an láithreáin seo (mar shampla leathanaigh a úsáideadh agus doiciméid a íoslódáladh)
• an chineál brabhsálaí Gréasáin a d'úsáid an cuairteoir ar an láithreán Gréasáin. D'fhéadfaimid eolas neamhphearsanta a bhailiú go huathoibríoch mar an chineál brabhsálaí idirlín a d'úsáid tú cuairt a thabhairt ar an láithreán.
Ní féidir cuairteoirí ar ár láithreán a aithint ón eolas teicniúil seo agus ní úsáidtear é ach le cabhrú linn seirbhís éifeachtach a chur ar fáil agus a fhorbairt agus lenár laithreán a dhéanamh níos éifeachtaí. Ní dhéanfaimid aon iarracht na sonraí teicniúla atá liostáilte thuas a cheangal le haon duine aonair. D'fhéadfaimid staitisticí comhiomlána maidir lenár gcuairteoirí a nochtadh do thríú páirtithe creidiúnacha nó ar chúiseanna dlí eile, le cur síos ar ár seirbhísí agus ar leibhéil úsáide ár láithreáin, ach ní áireofar aon eolas a aithníonn daoine aonair sna staitisticí sin. Tabhair faoi deara nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le haon duine aonair a d'fhéadfaí a aithint, agus "sonraí pearsanta" chun críocha na reachtaíochta ar Chosaint Sonraí.
Úsáid Fianán, rabhcáin Ghréasáin, srl.
Is éard is 'fianáin' ann ná píosaí beaga eolais a chuireann láithreán Gréasáin ar do ríomhaire, agus, de ghnáth, ar féidir leis an láithreán Gréasáin iad a léamh nuair a thugann tú cuairt air arís. D'fhéadfadh an t-eolas atá stóráilte i bhfianán bheith ag baint le do nósanna brabhsála ar an leathanach Gréasáin nó d'fhéadfadh uimhir aitheantais uathúil bheith ann ionas go bhféadann an láithreán gréasáin "cuimhniú ort" nuair a fhilleann tú air. De ghnáth is féidir do bhrabhsálaí a chumrú le feidhmiú fianán a chosc. Feidhmíonn "rabhcáin Ghreásáin" ar bhealach cosúil le Fianáin agus úsáidtear iad de ghnáth le monatóireacht a dhéanamh ar iompar úsáideoirí ar láithreán gréasáin.
Ní úsáideann an láithreán www.landdirect.ie fianáin ná rabhcáin gréasáin, ach amháin fianáin "seisiúin" sealadaigh a chuireann ar chumas brabhsálaí Gréasáin cuairteora cuimhniú cén leathanaigh ar an láithreán Gréasáin sin ar tugadh cuairt orthu cheana le linn an tseisiúin áirithe sin. Féadann úsáideoirí dá réir an láithreán www.landdirect.ie a úsáid gan aon fheidhmeanna a chailliúint má dhéantar fianáin a dhíchumasú ón mbrabhsálaí Gréasáin.
Slándáil Eolais
De riar na riachtanas maidir le cosaint sonraí, agus de réir an dea-chleachtais leanaimid nósanna imeachta daingne i leith slándála agus eolas á stóráil agus á nochtadh. Déantar athbhreithniú tréimhsiúil ar ár mbeartais slándála agus cuirtear feabhas orthu mar is gá.
Ceart Rochtana
Faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 tá sé de cheart agat cóip a fháil de do shonraí pearsanta. Ba cheart iarratas ar rochtain a dhéanamh i scríbhinn (ríomhtheachtaireacht nó litir scríofa) agus a chur chuig Margaret Mulhair, Rialaitheoir Sonraí, An tÚdarás Clárúcháin Maoine, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7 mailto:margaret.mulhair@prai.ie). Ní mór cruthúnas dóthanach ar aitheantas a chur faoi iamh le d'iarratas (m.sh. fótachóip de phas nó de cheadúnas tiomána) chomh maith le heolas le cur ar ár gcumas aon sonraí pearsanta ábhartha a aimsiú. Déileálfar le d'iarratas laistigh de 40 lá ó é a fháil.
Sonraí Teagmhála a Dhíliostáil agus a Nuashonrú
Cuairteoirí a chuir sonraí teagmhála ar fáil dúinn aon uair trínár láithreán Gréasáin, is féidir leo socrú aon uair a gcuid eolais teagmhála a bhaint as ár mbunachar sonraí ionas nach bhfaighidh siad aon chumarsáid uainn amach ansin nó an t-eolas pearsanta a cuireadh ar fáil roimhe sin a athrú nó a nuashonrú.
Is féidir é sin a dhéanamh ach cliceáil anseo le teagmháil a dhéanamh linn, webmaster@prai.ie , nó d'iarratas a sheoladh chuig An Stiúrthóir Gréasáin, An tÚdarás Clárúcháin Maoine, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7, Éire.
Ceart Ceartaithe agus Scriosta
Faoi Alt 6 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí tá sé de cheart agat cur isteach ar do shonraí pearsanta a cheartú má tá siad míchruinn, nó a scriosadh mura bhfuil fáth dlisteanach againn le hiad a choimeád. Ba cheart iarratas faoi Alt 6 a dhéanamh i scríbhinn (ríomhtheachtaireacht nó litir scríofa) agus a chur chuig Margaret Mulhair, Rialaitheoir Sonraí, An tÚdarás Clárúcháin Maoine, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7 mailto:margaret.mulhair@prai.ie). Ní mór cruthúnas dóthanach ar aitheantas a chur faoi iamh le d'iarratas (m.sh. fótachóip de phas nó de cheadúnas tiomána).
Naisc le Tríú Páirtithe
D'fhéadfadh naisc le láithreáin tríú páirtithe bheith ar ár láithreán. Nílimid freagrach as beartais láithreán tríú páirtí i leith príobháideachta ná as an ábhar atá orthu agus molaimid duit a mbeartais i leith príobháideachta a léamh nuair a thugann tú cuairt orthu.
Nuashonruithe agus Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachta
Tá sé de cheart againn an ráiteas príobháideachta seo a nuashonrú nó a athrú aon uair.
Rinneadh an nuashonrú is deireanaí ar an doiciméad seo ar 9 Meán Fómhair 2011