Riail 59 – Fógra sa chlár faoi chlárú atá ar feitheamh
Déanfar fógra i dtaobh gach iarratais a gheofar lena chlárú a thaifeadadh, go dtí go gclárófar é, san fhóilió den chlár lena mbaineann sé ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.
Déanfar fógra i dtaobh gach iarratais a gheofar lena chlárú a thaifeadadh, go dtí go gclárófar é, san fhóilió den chlár lena mbaineann sé ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.
(1) Ach amháin mar a fhoráiltear dá mhalairt sna Rialacha seo, déanfar iarratais, lena n-áirítear iarratais a thaiscfear de láimh, a chlárú san ord ina bhfaighidh an tÚdarás iad. (2) Maidir leis na hiarratais go léir a gheofar, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, seachas iarratais a taisceadh de láimh: (a) ar aon lá sula n-osclófar […]
(1) Féadfar iarratais ar chlárú a chur chuig cibé oifig nó oifigí nó cibé seoladh nó seoltaí de chuid an Údaráis a ainmneoidh sé nó féadfar iad a sheachadadh ar an gcéanna nó a tharchur chuig an gcéanna. (2) Féadfar iarratais a dhéanamh trí mheán leictreonach i gcás gur deimhin leis an Údarás go bhfuil […]
(1) Aon ionstraim a mbeidh baint aici le cuid den mhaoin i bhfóilió den chlár beidh ina teannta léarscáil iarratais dá dtagrófar san ionstraim. (2) Féadfaidh an tÚdarás léarscáil iarratais i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach ina sainaithneofar teorainneacha dhá mhaoin nó níos mó i gcás go mbeidh gach maoin acu ina hábhar do […]
I gcás gur aturnae a dhéanfaidh forghníomhú ar iarratas nó ar ionstraim, déanfar an chumhacht aturnae nó cóip dheimhnithe di arna déanamh de bhun Alt 21 den Acht um Chumhachtaí Aturnae, 1996 nó cóip fhianaithe arna déanamh de bhun Alt 22 den Acht sin a thabhairt ar aird don Údarás.
Ní foláir forghníomhú gach iarratais, ach amháin iarratas ó aturnae, agus gach ionstraime, a bheith fianaithe ag finné. Ní foláir forghníomhú iarratais nó ionstraime ag duine atá dall nó neamhliteartha a bheith fíoraithe le mionnscríbhinn ó fhinné fianaithe á rá gur léadh amach agus gur míníodh an t-iarratas nó an ionstraim don duine sin agus […]
Más dealraitheach don Údarás go bhfuil iarratas nó ionstraim ar bith míchuí ó thaobh foirme nó substainte nó neamhshoiléir, nó nach gcuirtear in iúl sách cruinn cad é an leas nó an talamh áirithe a bhfuil sé ceaptha don iarratas nó don ionstraim difear a dhéanamh dó, nó nach dtagraítear ann nó inti ach d’ábhair […]
(1) Is iad na foirmeacha a fhorordaítear leis na Rialacha seo le haghaidh aistriú, muirearú agus diúscairtí eile a úsáidfear i ngach idirbheart dá dtagraíonn siad nó inar infheidhme nó inchurtha in oiriúint iad, arna n-athrú nó arna mbreisiú de réir mar is gá do na hidirbhearta agus mar a cheadóidh an tÚdarás. (2) Is […]
Gach clárú nó taifead a dhéanfar i gclár de dhroim scrúdú teidil chun leasanna neamhchláraithe, déanfar é amhail ar an lá a shocrófar go críochnaitheach sa Chlárlann an dréachtfhóilió don chlár nó an dréacht-taifead d’fhóilió.
Mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, ní chomhlánófar aon chlárú de dhroim scrúdú teidil go dtí go mbeifear tar éis fógra faoin gclárú beartaithe a thabhairt don iarratasóir, agus do cibé daoine eile a ordóidh an tÚdarás.