Chlárlann na nGníomhas: Athlonnú Fheidhm an Chláraithe chuig Sráid na Seansaireachta

Ba cheart do chustaiméirí a thabhairt faoi deara, ón 8 Lúnasa 2016 ar aghaidh, athlonnófar an fheidhm chlárúcháin in oifig Chlárlann na nGníomhas ar Shráid Henrietta chuig ár n-oifig ar Shráid na Seansaireachta.

Leanfar leis na feidhmeanna eile, ina measc cuardach/cóipeáil a chur ar fáil in oifig Shráid Henrietta.

Ón dáta athlonnaithe seo ar aghaidh, is é an seoladh ar cheart gach comhfhreagras a sheoladh chuige a bhaineann le Clárlann na nGníomhas, iarratais ar chóipeanna de mheabhracháin agus ar chuardach san áireamh, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7.

Eircode – D07 T652.

Ní sheachadfar aon phost chuig Sráid Henrietta.

Ní sheachadfaidh DX an cháipéisíocht go léir le haghaidh Chlárlann na nGníomhas (DX199) ach go dtí Sráid na Seansaireachta amháin. Tabhair faoi deara go leanfaidh DX 199 a bheith i gceist le seoladh DX do Chlárlann na nGníomhas.

Iarrtar ar chustaiméirí a chur in iúl go soiléir ar chlúdaigh litreach cé acu an bhfuil an comhfhreagras le haghaidh Chlárlann na nGníomhas nó Chlárlann na Talún.

Ní dhéileálfar le clárúcháin Chlárlann na nGníomhas a sheoltar isteach/a bhailítear de láimh ach ag cuntar poiblí Shráid na Seansaireachta.

Ní bheidh an cuntar poiblí agus na cartlanna ar Shráid Henrietta oscailte don phobal ar mhaithe le cuspóirí cuardaigh amháin.