Ar an 5 Lúnasa 2011 agus ón dáta sin amach déanfar an áirithe sin athruithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil do shíntiúsóirí landdirect.ie ar landdirect.ie
C1. Cad iad na príomhathruithe?
(i) Ní léireoidh cuardach ar iarratais ar landdirect faoin ainm nó uimh. fhóilió ach déileálacha ar feitheamh – i. iarratais ar chlárúchán. (Cuimsíonn seo Sceidil Choimisiún na Talún). Ní thaispeánfar déileálacha críochnaithe ná cóipeanna iarratas (ar feitheamh ná críochnaithe) de bhun cuardaigh faoi ainm nó uimh. fhóilió.
Ní athróidh an fhaisnéis a thugtar ar landdirect.ie maidir le déileálacha ar feitheamh.
(ii) Ní bheidh déileálacha críochnaithe inchuardach ar landdirect.ie ach má atá an uimhir iarratais ar eolas don síntiúsóir cheana féin, (i. de ghnáth an té a rinne an lóisteáil). Beidh an uimhir dhéileála ábhartha críochnaithe ag an síntiúsóir ar an bhfógra críochnúcháin a eisíodh. Beidh an fhaisnéis a thabharfar ar chuardach landdirect maidir le déileálacha críochnaithe teoranta go;
“Críochnaíodh iarratas D2010LR999999X ar an …….. (dáta). Féach fóiliónna nua (más ann dóibh) DN12345F, DN6789F”.
Baineann an céanna le déileálacha nuair is é diúltaithe, tréigthe nó tarraingthe siar an stádas.
(iii) Ní bheidh iarratais ar chóipeanna deimhnithe, ar feitheamh nó críochnaithe inchuardach ar landdirect ach má atá an uimhir iarratais ar eolas don síntiúsóir cheana féin, i. de ghnáth an té a rinne an lóisteáil.
Beidh an fhaisnéis a thabharfar ar chuardach faoi uimhir iarratais i landdirect.ie maidir le hiarratais ar chóipeanna deimhnithe teoranta go;
“Críochnaíodh iarratas P2010LR999999X ar an …….. (dáta).
Ní thaispeánfar aon sonraí eile.
Ba chóir a thabhairt faoi deara go taispeánfar an uimhir nua iarratais ar an scáileáin láithreach bonn nuair a lóisteáiltear iarratas ar chóip dheimhnithe go leictreonach(trí landdirect.ie) Ba cheart don síntiúsóir nóta a dhéanamh den uimhir le húsáid feasta.
C2. Cad uime na hathruithe seo a bheith á ndéanamh?
1. Faoin Acht um Chlárú Gníomhas & Teidil 1964 & 2006 agus na Rialacha um Chlárú Talún 1972, is clár poiblí iad fóiliónna Chlárlann na Talún agus tá ar ÚCM faoi réir na reachtaíochta fógra a thabhairt don phobal faoi aon iarratais ar chlárúchán ar feitheamh i leith fóilió ar leith.
2. Níl aon éileamh reachtaíochta ann sonraí a nochtadh faoi iarratais eile mar iarratais comhlánaithe nó iarratais ar chóip fhóilió/pleananna teidil/cóip ionstraimí. Toisc gur féidir an fhaisnéis seo a bheith comhdhéanta de shonraí pearsanta faoi bhrí Achtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003 níor cheart é a bheith ar fáil do na síntiúsóirí uile trína gcuntas landdirect. Déanann seo cosaint ar phríobháideacht an tsaoránaigh a dhéanann an t-iarratas. Ní choimeádann an ÚCM taifid dá leithéid sin ach chun críche riaracháin ar chuntas an síntiúsóra agus feidhmeanna reachtúla an ÚCM. Ar a shon sin, tabhair faoi deara go dtig le síntiúsóirí a gcuid iarratas féin a sheiceáil má tá an uimhir ábhartha iarratais acu (.i. de ghnáth an t-é a dhéanann an lóisteáil).
C. 3 An féidir fós scrúdú a dhéanamh ar fhóilió ar landdirect?
Is féidir. Ní bhaineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003 (Achtanna CS) le fóiliónna na Clárlainne ná do shonraí na achoimrí, etc. ar Chlár Chlárlann na nGníomhas atá ina gcuid de thaifid phoiblí an ÚCM. (Féach Alt 1 (4)(b) de na hAchtanna CS). Tig le duine ar bith cuardach nó scrúdú a dhéanamh ar nó cóip dheimhnithe fóilió a fháil, ar an táille ábhartha a íoc.
Arna Fhoilsiú 4 Lúnasa 2011