Is féidir leagan Gaeilge de na bhFoirmeacha Iarratais thíosluaite a íoschóipeáil anois ar Microsoft Word.
Is foirmeacha iarratais ar chóipeanna deimhnithe de dhoiciméid nó seirbhísí comhchosúla iad na foirmeacha atá ar fáil anseo.
Tá clárú teidil i gClárlann na Talún faoi rialú an Achta um Chlárú Gníomhas agus Teidil 1964 & 2006 agus na Rialacha um Chlárú Talún 1972-2007 chomh maith le reachtaíocht iomchuí eile. Ní foláir na foirmeacha a bhfuil gá leo le haghaidh iarratas ar chlárúchán, arna fhorordú faoi na Rialacha, a léamh laistigh de chomhthéacs na Rialacha seo. Cuirtear naisc le roinnt foirmeacha ar fáil laistigh den Treoir Chleachtais nó an Fógra Oifige iomchuí.