An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Treoracha Cleachtais
Cuireann na Treoracha Cleachtais treoir ar fail I ndáil le gnásanna agus nósanna imeachta a úsáidtear nuair atá cinntí á ndéanamh ag an Údarás
Clárúchain Maoine. Rinneadh leasú agus nuashonrú iomlán ar roinnt de na Treoracha Cleachtais
le blianta beaga anuas agus leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh sna blianta amach romhainn.
Chomh maith leis aneolas a sholáthraítear faoi na Treoracha Cleachtais, cuirtear nuashonrúchain
rialta ar fáil i ndáil le forbairtí agus cleachtais nua i bhfoirm Fógraí Oifige Dlí a
uaslódáiltear ar an suíomh gréasáin seo.
Níl sna Treoracha Cleachtais ach treoir agus níor chóir caitheamh leo mar léirmhínithe dlí. Cé go rabhthas réasúnta cúramach nuair a bhí na
Treoracha Cleachtais á dtiomsú níl aon uiríoll déanta i ndáil le cruinneas ná iomláine.
Is ar a phriacail féin a úsáideann an túsáideoir aon eolas sna Treoracha Cleachtais, agus
féadfar iad a athrú nó a nuashonrú ag aon am gan fógra a thabhairt. Ní ghlacfaidh an
Cláraitheoir Gníomhas agus Teidil ná an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe
dlí dliteanas dlíthiúil as aon mhíchruinneas nó easnamh san eolas sna Treoracha Cleachtais.
Le haghaidh éascaíocht rochtana tá hipearnaisc sa Treoir Chleachtais le Leabhar Reachtanna na
hÉireann. Tugtar foláireamh d’úsáideoirí nach léiríonn hipearnasc ar an suíomh gréasáin seo
go bhfuil aon fhoráil ar leith i reacht nó in ionstraim reachtúil i bhfeidhm faoi láthair, nó
go raibh sí i bhfeidhm. Cuirtear comhairle ort an séanadh a léamh ar shuíomh gréasáin an
Leabhair Reachtanna i ndáil le haon ábhar foilsithe ar an suíomh sin.
Cé nach féidir le haon sraith treoracha cleachtais a mhaíomh go bhfuil siad uilechuimsitheach
tá súil againn go gcuirfidh foilsiú na dtreoracha cleachtais agus na bhFógraí Oifige Dlí cúnamh
ar fáil do dhaoine a mbeadh an deis acu ár seirbhísí a úsáid. Ba choir duit a thabhairt do
d’aire, ámh, nach comhlacht comhairleach é an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus nach féidir leis
comhairle a thabhairt i leith cásanna indibhidiúla.
Tabhair faoi deara nach bhfuil na Treoracha Cleachtais ar fail trí mheáin na Gaeilge – mar sin ba cheart aon chuardach a dhéanamh trí mheáin an Bhéarla.