Riarann an tÚdarás Clárúcháin Maoine scéim faoinar féidir le húinéirí maoine léasach a mbunchíosanna a cheannach agus cur lena leas chun ruíleas a dhéanamh de. (Maireann leas léasach ar feadh téarma socraithe de bhlianta agus bíonn sé faoi réir cíosa ach is féidir le ruíleas maireachtáil go brách.)
Tugadh feidhm don Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978 ar 1 Iúil 1978 agus chuir sé modh nua ar fáil chun bunchíosanna tithe cónaithe a cheannach. De réir an Achta 1967 ba faoi na páirtithe féin a bhí sé an ceannach a shocrú agus d’fhéadfaí aon díospóid a chur faoi bhráid an Chláraitheora Contae, agus d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda faoi cibé rud a dhámhadh sé. Bhíodh ar an gceannaitheoir costais an tiarna talún maidir leis an idirbheart a íoc. Cur chuige eile a bhí in Acht (Uimh. 2) na bliana 1978 sa mhéid is go ngeallfadh an tÚdarás Clárúcháin Maoine go ndéanfadh sé an obair dhlíthiúil maidir le críochnú cheannach an fheo shimplí ar tháille forordaithe agus fágadh riar na scéime faoin Údarás Clárúcháin Maoine in áit é a bheith le déanamh ag an gCláraitheoir Contae.
Tá sé de chumhacht ag an Údarás Clárúcháin Maoine an feo simplí a dhílsiú i dtionóntaithe tithe cónaithe, ar choinníoll go ndéantar iarratas mar is cuí de réir Chuid III den Acht. Déantar an feo simplí a dhílsiú trí dheimhniú dílseacháin a fheidhmíonn mar thíolacas an fheo shimplí agus aon leasanna idirmheánacha saor ó eirí. Bhain breis agus 80,000 iarratasóir leas as an scéim ó tugadh isteach í in 1978 agus fuair siad teideal ruíleas i leith a maoine.
Naisc Úsáideacha