Clárlann na nGníomhas

 

 

Bunaíodh Clárlann na nGníomhas in 1707 le córas a sholáthar do chlárú deonach ar ghníomhais agus ar thíolacais a bhaineann le talamh agus le tosaíocht a thabhairt do ghníomhais chláraithe ar ghníomhais inchláraithe neamhchláraithe. Níl aon éileamh reachtúil ar dhoiciméad a chlárú ach b'fhéidir gan sin a dhéanamh a bheith ina bhun le tosaíocht a chailleadh. Trína chéile de thoradh ar chlárúchán déantar rialú ar thosaíochtaí idir dhoiciméid a dhéileálann leis an bpíosa céanna talún. Feidhmíonn Clárlann na nGníomhas faoi láthair faoi fhorálacha cuid 3 d’Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006 agus na Rialacha um Chlárú Gníomhas 2008 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2008.

Is é is príomhfheidhm do Chlárlann na nGníomhas ná córas a sholáthar le taifead a dhéanamh ar ghníomhais agus tíolacais a bhaineann le maoin neamhchláraithe a bheith ann.  Nuair a lóisteáiltear Gníomhas i gClárlann na nGníomhas ní mór an Fhoirm Iarratais Chlárlann na nGníomhas (CG) cuí (mar atá leagtha síos ag na Rialacha um Chlárú Gníomhas 2008) a bheith in éineacht leis.  Ba chóir a thabhairt faoi deara nach ndéanann Clárlann na nGníomhas ráthaíocht ar éifeacht Gníomhais ná ní dhéanann sí léirmhíniú ar Ghníomhas, ní dhéanann sí ach taifeadadh ar an nGníomhas a bheith ann.

Tá dáta an ghníomhais, sonraí na bpáirtithe don ghníomhas agus cur síos ar an maoin lena mbaineann an gníomhas san Fhoirm Iarratais CG. Tugtar sraithuimhir do gach aon iarratas in ord dáta agus am na lóisteála agus tugtar tosaíocht do dhoiciméid chláraithe ar bhonn na sraithuimhreach a leithdháiltear. Nuair a chríochnaítear an t-iarratas, ní dhéantar comhdú ar an mbunGhníomhas sa Chlárlann ach tugtar ar ais é don té a rinne an lóisteáil. Ní choinnítear mapaí mar chuid den taifead clárúcháin. Déantar comhadú ar an bhFoirm Iarratais CG (ar a dtugtaí Meabhrachán roimhe seo) mar thaifead i gClárlann na nGníomhas.

Toisc Clár na nGníomhas a bheith ina Chlár poiblí tig le duine ar bith, ar íoc na táille atá leagtha síos, Cuardach a dhéanamh lena fháil amach an ann do ghníomhais a bhaineann le píosa maoine atá comhadaithe ann. Ar a shon sin, ní léiróidh cuardach i gClárlann na nGníomhas ach gur forghníomhaíodh nó nár forghníomhaíodh doiciméid ag déileáil leis an talamh atá i gceist - le teacht ar éifeacht na ndoiciméad sin, ní mór na doiciméid féin (nach bhfuil coinnithe ag Clárlann na nGníomhas) a scrúdú.

Ní dhéanann Clárlann na nGníomhas taighde Ginealaigh ach tig le custaiméirí breathnú ar ár dtaifid atá ann ó 1708 i leith. Féach Cuardaigh.

Seirbhísí Chlárlann na nGníomhas

Cuardaigh Chlárlann na nGníomhas

Taifid Chlárlann na nGníomhas

Gluais Téarmaí Chlárlann na nGníomhas

Treoir Chleachtais Chlárlann na nGníomhas Níl leagan Gaeilge ar fáil

Ordú Táillí Chlárlann na nGníomhas (I.R. 51 de 2008)

Rialacha Chlárlann na nGníomhas (I.R. 52 de 2008)

Foirmeacha Iarratais Chlárlann na nGníomhas

Ceisteanna Coitianta faoi Chlárlann na nGníomhas

 

Arna Fhoilsiú 11 Lúnasa 2010