Ár Misean

Ár Misean

Frámaíocht dhlíthiúil, shochaíoch agus eacnamaíoch na húinéireachta maoine in Éirinn a chothú agus a chosaint. Bainfear é seo amach ach córas iontaofa um chlárúchán teidil a chothú agus a shíneadh, rud a ráthaíonn cearta maoine agus a éascaíonn idirbhearta maoine.

Ról an Údaráis Chlárúcháin Maoine

Bunaíodh an tÚdarás Clárúcháin Maoine (ÚCM), ar an 4 Samhain 2006.

Ar na bealaí lárnacha ina gcuireann an tÚdarás Clárúcháin Maoine le geilleagar na hÉireann tá clár um theideal talún a sholáthar agus urrúis a rathú dóibh siúd a dhéileálann le maoin. 

Tá pointe sroichte againn anois ag a bhfuil isteach is amach le 93% den mórchríoch, a chuimsíonn 88% de na teidil dhlíthiúla in Éirinn, anois cláraithe i  gClárlann na Talún. Tá an córas le haghaidh taifeadadh gníomhas i ndáil leis na teidil atá fágtha, arna fheidhmiú ag Clárlann na nGníomhas, ag laghdú diaidh ar ndiaidh, agus ar deireadh thiar ní bheidh ann ach ábhar do staraithe agus do ghinealeolaithe.  

Is í ráthaíocht teidil cloch choirnéil na seirbhísí a sholáthraímid agus cuireann na córais de “Chlár Teidil” agus “Clár na nGníomhas”, a bhfuil cur síos orthu thuas, taifead cuimsitheach ar fáil d’idirbhearta maoine. Tar éis achtú an Achta um Chlárú Gníomhas agus Teidil, 2006, tá an dá chóras faoi rialú an Údaráis Chlárúcháin Maoine, arb é a phríomh-shainchúram reachtúil clár talún na hÉireann a chomhlánú, rud a thabharfaidh leis córas aonair um chlárúcháin teidil a thacaíonn le polasaithe an Rialtais maidir le riarachán talún, lena n-áirítear clárúchán leictrónach, tíolacadh leictreonach agus bonneagar um Shonraí Spásúla na hÉireann atá ag teacht chun cinn.