Monthly Archives: June 2014

Riail 47 – Foirm mionnscríbhinne follasaithe

Is i bhFoirm 16 a dhéanfar mionnscríbhinn follasaithe a dhéanfar de bhun Alt 93 den Acht mura bhforordófar foirm iarratais ina n-áireofar na deimhnisc iomchuí. Mura gceadóidh an tÚdarás a mhalairt, is é nó is í an t-iarratasóir a dhéanfaidh an mhionnscríbhinn. Más duine ar bith seachas an tiarratasóir a dhéanfaidh é, luafaidh an teisteoir […]

Riail 43 – I gcás go dtaiscfear gníomhais chun lian a bhunú

(1) Más rud é, ar iarratas ar theideal sealbhach nó srianta a chomhshó, go gceanglóidh iarratasóir ar theideal a chomhshó ar dhuine a éilíonn lian ar mhodh morgáiste cothromais arna bhunú roimh chéadchlárú ar dhoiciméad ina sheilbh nó ina seilbh an doiciméad a thabhairt ar aird ag an gClárlann, nó go gceanglóidh an tÚdarás air […]

Riail 42 – An clár a chur i gcomhréir le teidil a cinntíodh

Más léir don Údarás, ar iarratas chun teideal sealbhach nó srianta a chomhshó, nach ndéanann ualach cláraithe difear d’úinéireacht na maoine mar a cinntíodh í, nó nach ndéanann sé difear ach d’úinéireacht theoranta nó le heastát nó leas fuíll, tabharfaidh sé fógra d’úinéir, nó d’úinéir toimhdean, an ualaigh i dtaobh na bhfíoras a cinntíodh agus […]